960
AN GAOḊAL.
Gráḋ na n-daoineaḋ, 's croiḋe na féile
Mórḋáil Ċonnaċt, morḋáil Éireann,
Mo ṁíle truaġ, a Ṡeáġain Ṁic Héil ṫú.
Ní ḟeudaim an sgeul sin do ṡeasaḋ
gan caoineaḋ,
'Sé an sgeul é le h-éisteaċt is measa
lem' ċroiḋe-se,
D' ḟág Éire go ceusta, í féin a's a
daoine,
D'ḟág Connaċt go dona gan solus 'na
croiḋe 'stiġ.
Is tusa ḃí críona, ciallṁar, gaċ am,
Ag seolaḋ na n-daoineaḋ 'san t-sliġe
naċ raiḃ cam,
Is tusa do scríoḃfaḋ mar naoṁ le
peann
Mar fuair tú ó Ḋia do ċiall 's do
ċeann.
Aċt b'ḟéidir 'ná sin uile, ’s naċ bréag
é le ráḋ,
Ná'r ċaill tú ariaṁ do spéis agus
gráḋ
Do ṫeangain na h-Éirenn tá caoin-ṁi¬
lis árd.
Sean-teanga siúḃalaċ na nGaeḋeal as
da m-Bard.
An tráṫ naċ raiḃ bárd ann, ḃí tusa
ad' ḃárd,
Ar d-teanga leaṫ-ċráiḋte do ṫóig tú
go hárd,
Buḋ ṫú an fear d'ḟeudaḋ ar g-ceol
do ṫógḃáil:
Ní ṫiocfaiḋ go deo linn do ṡamail-se
d'ḟáġail.
'S ní ḃ-fuiġid cáirde na Gaedilge beo,
Ċoiḋċe aon ċara is áirde ná ṫú,
Tá solus na Gaeḋilge múċta go deo,
Agus solus na h-Éireann tá báiḋte
faoi ċeo.
Air h-éisteaċt an sgéil sin 's nuaḋaċt
an ḃáis,
Do ṫuit ó n-ar g-croiḋe 'stiġ aon
sgríoċ uaṫḃáis;
A's truaġ atámuid, is cruaiġ ar g-cás
An sonas ag imṫeaċt, 's an donas ag
fás.
An tráṫ ċuaiḋ d'anam go Flaiṫeas le
léim,
Buḋ ċruaiḋ an buille do ṫuit orrainn
féin;
Nuair síneaḋ do ċorp air an g-clár
bog déal,
Oċ! ċuaiḋ ar ngráḋ leat, a Ṡeáġain
Ṁic Héil.
In sending this song, Mr. Lyons states that he
got it from an old co. Mayo woman who did not
desire to see her name in print.
NÍ LEIS A D'EULAIĠ MÉ.
Is truaġ naċ leis a' muilleoir mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaġ mé,
Ġeoḃfainn sac ṁór ṁine
Is cad a ḃeiṫ dá ḟoinneaḋ,
Ġeoḃfainn dá m-buḋ muilleoir mé.
Is truaġ naċ leis an talaṁaiḋ mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaiḋ mé,
Ġeoḃfainn min, arán 'gus fataiḋe,
'S cead a ḃeiṫ dá g-caṫaḋ,
Ġeoḃfainn dá m-buḋ leis a tal'ṁaiḋ mé
Is truaġ naċ leis a' ngreusaiḋe mé.
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaiġ mé
Ġeoḃfainn bróga sál bata
Agus cead a ḃeiṫ dá g-caṫaḋ,
Ġeoḃfainn dá m-buḋ a' ngreusaiḋe mé
Is truaġ naċ leis a' táiliúr mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaiġ mé
Ġeoḃfainn gúnaiḋe breaca
Deunta anns a' ḃ-faision,
Ġeoḃfainn dá m-buḋ leis a táiliúr mé
Is truaġ naċ leis a' deileadóir mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaiġ mé,
Ġeoḃfainn túrnaiḋe geala,
'S cead a ḃeiṫ dá g-caṫaḋ,
Ġeoḃfainn dá m-buḋ leis a' deileaḋ¬
[óir mé.
Is truaġ naċ leis a t-saidiúr mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaiġ mé
Ġeoḃfainn aormuiġeaċt ḟada
A g-cóistaiḋe geala,
Ġeoḃfainn dá m-buḋ leis a saidiúr mé
Is truaġ naċ leis a' ḃfiġdóir mé,
Sé mo leun geur is leis a d'eulaiġ mé,
Teaċ pollaċ, gleannaċ,
Agus triscín salaċ,
Ġeoḃfainn dá m-buḋ leis a ḃ-fiġdóir mé
