AN GAOḊAL.
965
Pairc Ṁerriam, an dara lá de Ṁí-
ṁeoḋain, míle oċt g-ceud agus
naoinad.
A Ṡaoi Ḋílis ui Lóċáin :
Deunim dana le beaġán foclaiḃ a
sgríoḃ ċugad a nGaeḋilge.
Feicim ann san uiṁir déanoċ de 'n
Ġaeḋal begean foclaiḃ air dliġeaḋ beg
aisdeaċ atá déanta air ṡoin fir-eag¬
air páipeuraiḃ. Anois fiaruiġim díot
a raibh mise a ḃ-fiaċa do 'n Ġaoḋal air
eis mé an dollar a ċur ċugad agus
ag orduġaḋ ḋuit an Gaoḋal a stop¬
eaḋ Ċur tú ċugam é nna ḋiaiġ sin.
A n-ainim gaċ niḋ atá ceart, cia 'n
fáṫ air ṫug tú creideas (creidaṁuint)
dam air son an dollair sin má ḃí sé
dliġte? Nuair a ḃeiḋiḋis am gaċ aon
duine amuiṫ leis an Ġaoḋal cur foll¬
eaċ glas no gurm air ionas go m-beiḋ¬
eaḋ fios aig duine go ḃ-fuil an t-am
d'ar íoc sé air ṡoin caiṫte, agus mun¬
a íocaiḋ siad an sin stop é. Má ngiḋ¬
ṫear so, mise m-bannuiḋe naċ m-béiḋiḋ
ceud go leiṫ a ḃ-fiaċa aig an nGaoḋal.
Tá na daoine so b'ḟéidir imṫiġe le fa¬
da ar an áit d'ar cuireaḋ ann Gaoḋal.
Dá m-beiḋeaḋ dúil air beiṫ agam-sa
dul in dliġe le mo ċaraid an Gaoḋal
go deiṁin ḃeiḋeaḋ an ċuid is dona de
an ṁargaḋ aig an nGaoḋal. So niḋ
naċ n-dearnaiḋis a réiṁ le carad no
naṁad Taḃair fios dam go d-te 'n
ċaoi a seasaim anois leis an Gaoḋal,
agus ní ḃeiḋiḋ tú a ḃ-fad go mo ċun¬
dus air loċd na ḃ-fiaċa. Ċur mé mar
an g-ceudna airgead air ṡoin Irisleaḃ¬
ar na Gaeḋilge mí an Ṁárt so ċuaiḋ
ṫart, dam féin agus d'ḟear eile agus
níor ċualaiḋ me uaḋa ó ṡoin. Tá niḋ¬
ṫe de'n t-sort so abalta droċmisneaċ
a ċur air go leor daoine. Ní'l airgead
aig mórán de na daoine boċt atá taḃ¬
airt cuideaḋ do'n Ġaeḋilge le caṫaḋ
air siúḃal agus buḋ ṁaiṫ leo nuair a
ċuirfeadiḋis airgead uaṫa cundus d'
ḟaġail air.
A Ṡaoi, feicim go ḃ-fuil an t-aḃrán
Cunnleaċ Glas an Ḟoġṁair, measgṫe
go maiṫ aig an Aṫair Graṁna ann sa
Nuaiḋeaċt Túma. Feicim mar an g-
ceadna é anns a Ameaicán Éireannaċ
agus giḋ go ḃ-fuil níos mó de an sin
ná tá ann sa nGaoḋal ní'l sé iomlánn
a g-ceaċtar aca — riṫeann an ċeud ċea¬
ṫraṁ mar so,
Air connlaċ glas an ḟóġṁair a ṁíle
stóirín a ḃreaṫnaiḋeas ṫú,
Buḋ deas do ṡeasaḋ m-bróig agus buḋ
ro ḋeas do leagan súl.
Do ġruaiḋa mar an rósa agus do ċuir¬
ín a ḃí fiġte dluiṫ,
Sé mo leun gan mé a's tú ag ól seal
no air bord linga triall in siúl
So caraṁ eile de,
A lanladi na pairta tá 'n bás air mo
ċroiḋe le tart,
Beannaċt Riġ na ngrása ḋuit a's taḃ¬
air an cárte so líonta leat,
So gini luiḋe ann do láiṁ ḋuit agus
tarraing do reicneál as,
Agus súid faoi ḃeirim sláinte ċúl ál¬
uinn mo ċailín deas.
Ca ḃ-fuil Martan Mac an Ḃárd, sé
is doiṫ liom go g-curfaiḋ sé slaċt air
an aḃrán sin, ḃí go leor daoine ṫart
timcioll cosdaiġ leaṫ barúntaċt Urr¬
ais da raiḃ an t-aḃrán sin aca, agus
mórán eile de aḃráin ḃreáġ mar an
Ċaon Rosa, Corsleiḃ a d-tús an Ġeiṁ¬
re, Ceud Slán leat Aḃan-ṁór, agus
go leor eile d'ar ċualaḋas ann m'óge,
a ċois na teine ṁóna air ṫeallaċ maiṫ
teiṫ de oiḋċe ġeiṁre. Má tá aon
duine de léiġṫeoraiḋ an Ġaoḋal a ḃ-
fuil na h-aḃráin so aige buḋ ċóir dó a
g-cur ag an nGaoḋal no ċum an Ġaoḋ¬
al. D' ḟoġluimair go leor dioḃṫa in
m'ógeaċt aċt níor ċuiṁne mé orṫa le
fiṫċe bliaḋain agus tá siad beg naċ
imṫiġṫe as mo ċuiṁne, aċt so cearaṁ
de 'n Aḃan-ṁór, [ Ḃí an Aḃain Ṁór
san Gaoḋal ó 'n Saoi Mac an Ḃáird
bliaḋanta ó ṡoin F. G.]
Más mian leat an leitir ḃoċt so a
ċlóḋḃualaḋ déan é, déan leis mar is
mian leat. Is mé do ṡearḃḟoġantaiġ
dílis,
Padraic h-Anri Bairéiḋ.
Pairc Merriam, co. Ramseí, Minn.
[A Ṡaoi Ḃairéid, sgríoḃann tú go an
