(12)
7Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 12.
IUIL,
1890.
COLANN GAN ĊEANN.
(Leanta)
Ċuaiḋ an ḃeirt go d-ti an teaċ mór,
agus ḃuail an fear boċt ag an dorus,
agus d' ḟosgail searḃḟóġanta é.
"Teastuiġeann uaim máiġistir an
tiġe seo d'ḟeicsint," arsa Doṁnall.
D'imṫiġ an searḃḟóġanta, agus do
ṫainic an máiġistir.
"Tá mé 'g iarruiġ lóisdín oiḋċe, má
'sé do ṫoil é," arsa Doṁnall.
Ḃéarfaiḋ mé sin ḋaoiḃ má ḟanann
siḃ. Téiḋiḋ suas go d-ti an g-caisleán,
ann sin ṡuas, agus béiḋ mise ann ḃur
n-diaiġ, agus má ḟanann siḃ ann go
maidin geaḃfaiḋ gaċ fear agaiḃ ċúig
fiċid píosa deiċ-b-píġinne, agus béiḋ
neart le n-iṫe agus le n-ól agaiḃ, frei-
sin, agus leabaiḋ ṁaiṫ le codlaḋ ann."
"Is maiṫ an tairgsin é sin," ar siad-
san, "raċamuid ann."
Ċuaiḋ an ḃeirt go dti an g-caisleán,
ċuadar asteaċ i seomra, agus ċuirea-
dar síos teine. Níor ḃ' ḟada go d-
tainic an duine-uasal, a taḃairt mairt-
ḟeoil, caoir-ḟeoil, arán agus neiṫe eile
"Tar liom anois go d-taisbeánfaiḋ
mé an soiléar ḋaoiḃ; tá neart fíona
agus leanna ann agus tig liḃ ḃur sáiṫ
do ṫarraing."
Nuair do ṫaisbeáin sé an soiléar
ḋóiḃ ċuaiḋ sé amaċ agus do ċuir glas
air an doras na ḋiaiġ.
In sin duḃairt Doṁnall léis an ḃfear
boċt,
"Cuir na neiṫe le n-iṫe air an mbord,
agus raċfaiḋ mise i g-coinne an lean-
na."
In sin fuair sé solas agus crúisgín
agus ċuaiḋ síos anns an t-soiléar.
An ċeud ḃairille a d-tainic sé ċuige
do ċrom sé síos le tarraing as nuair
a duḃairt guṫ,
"Stop, is liom-sa an bairille sin."
D'ḟeuċ Doṁnall suas agus ċonairc
sé fear beag gan ċeann le na ḋá ċois
