sgarṫa air an m-bairille.
"Má's leat é," arsa Doṁnall, "raċ¬
fad go ceann eile."
Ċuaiḋ sé go ceann eile, agus nuair
do ċrom sé le tarraing as, duḃairt
Colann-gan-ċeann,
"Is liom-sa an bairille sin"
"Ní leat a leig iad," arsa Doṁnall,
"raċfad go ceann eile."
Ċuaiḋ sé go ceann eile, agus 'nuair
a ṫoisiġ sé ag tarraing, duḃairt Col¬
ann-gan-ċeann,
"Is liom-sa é sin."
"Is cuma liom," arsa Doṁnall, "líon¬
fad mo ċrúisgín."
Rinne sé sin, agus ċuaiḋ suas aig
an ḃ-fear boċt, aċt níor innis sé ḋó go
ḃ-facaiḋ sé Colann-gan-ċeann.
In sin ṫoisiġ siad ag iṫe agus ag ól,
go raḃ an crúisgín folaṁ. In sin duḃ¬
airt Doṁnall,
"Is é d' am-sa dul síos agus an crú¬
isgín do líonaḋ."
Fuair an fear boċt an ċoinneall a¬
gus an crúisgín agus ċuaiḋ síos anns
an t-soiléar. Ṫoisiġ sé ag tarraing
as bairille nuair a ċualaiḋ sé guṫ ag
ráḋ,
"Is liom-sa an bairille sin."
D' ḟeuċ sé suas, agus nuair a ċon¬
airc sé Colann-gan-ċeann leig sé do 'n
ċrúisgín agus do 'n ċoinneall tuitim,
agus as go bráċ leis, suas aig Doṁ¬
nall.
"Ca ḃ-fuil an crúisgín agus an ċoin¬
neall?" arsa Doṁnall.
"O is beag naċ ḃ fuil mé marḃ," ars
an fear boċt, "connairc mé fear gan
ċeann le na ḋá ċois sgarṫa air an m-
bairille, agus duḃairt sé go m-buḋ leis
é."
"Ní ḋeunfaḋ sé aon doċar ḋuit,"
arsa Doṁnall, "ḃí sé in sin nuair a
ċuaiḋ mise síos, éiriġ agus taḃair ċug¬
am an crúisgín agus an ċoinneall."
"Ní raċfainn sios arís dá ḃ-fáġinn
Éire gan roinn," ars an fear boċt.
Ċuaiḋ Doṁnall síos agus ṫug suas
an crúisgín líonta.
"Ar ḃ-facaiḋ tú Colan-gan-ċeann,"
ars an fear boċt.
"Conairc mé," arsa Doṁnall, "aċt
ní ḋeárnaiḋ sé aon dolaiḋ ḋam."
Ḃíḋeaḋar ag ól go raḃadar air leaṫ-
ṁeisge. In sin duḃairt Doṁnall,
"Tá sé in am ḋúinn do ḋul a ċod¬
laḋ; cia an áit i b'ḟeárr leat, air an
g-colḃa no aig an m-balla?"
"Raċfad in aice an ḃalla," ars an
fear boċt
Ċuadar in sin 'san leabuiḋ, fágḃáil
na coinne lastaḋ.
Ní raḃadar a ḃ-fad san leabuiḋ go
ḃ-facadar triúr fear a teaċt asteaċ,
agus eudtromán aca. Ṫoisiġeadar
ag bualaḋ báire air an urlár aċt do
ḃí beirt acu a n-aġaiḋ ann aoin-ḟir.
Duḃairt Doṁnall leis an ḃ-fear boċt
"Ní'l sé ceart an ḃeirt do ḃeiṫ an
aġaiḋ an aoin," agus leis sin léim sé a¬
maċ as an leabuiḋ agus ṫoisiġ sé ag
cuideaċduġaḋ leis an taoḃ lag, agus é
gan snáiṫe air.
In ṡin ṫoisiġ siad ag gáire, agus do
ṡiúḃal siad amaċ.
Ċuaiḋ Doṁnall in a leabuiḋ arís,
aċ ní raḃ sé a ḃ-fad ann go d-tainic
píobaire asteaċ ag seinm ceoil ḃinn'.
"Éiriġ suas," arsa Doṁnall, "go m-
béiḋ daṁsa againn, is mor an truaġa
ceol breáġ do leigeann amúġa."
"Air do ḃeaṫa ná corruiġ," ars an
fear boċt.
Ṫug Doṁnall léim amaċ, agus ṫois¬
iġ ag daṁsa, no go raḃ sé sáruiġṫe.
In sin ṫoisiġ an píobaire ag gáire,
agus do ṡiúḃal sé amaċ.
Ċuaiḋ Doṁnall in a leabuiġ arís, aċ
ní raḃ sé ḃ-fad ann gur ṡiúḃal beirt
ḟear asteaċ ag iomċar cónra. Leag¬
adar air an urlár í, agus ṡiúḃal siad
amaċ.
"Ní'l fios agam creud atá san g-
ċónra, no an duine tá ainti," arsa
Doṁnall, "raċad go ḃ-feicfiḋ mé."
Ṫug sé léim amaċ, ṫóig clár na cón¬
ra, agus fuair corpán marḃ ainti.
"Dar mo ċoinsias is fuar an áit a
tá agad," arsa Doṁnall, "dá ḃ-feudṫá
éiriġe agus suiḋeaḋ i n-aice na teine
ḃeiḋṫeá níos feárr."
D'éiriġ an marḃán, agus ṫéiġiḋ é
ḟéin. In sin duḃairt Doṁnall,
"Tá an leabuiḋ fairsing go leor do
