(13)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 1.
LÚNÁS,
1890.
COLANN GAN ĊEANN.
(Leanta)
Ann sin laḃair an fear marḃ agus
duḃairt,
"Is fear treun ṫú, agus ní mór duit
no ḃeiḋṫeá marḃ."
"Cia ṁarḃóċaḋ mé!" arsa Doṁnall
"Mise," ars an fear marḃ, "níor
ṫainic aon ḟear ann so le fiċe bliaḋ-
ain nár ṁarḃuiḋ mé. Ḃ-fuil fios agad
an fear d'íoc ṫú, air son fanaṁaint
ann so?"
"B'ḟear-uasal é," arsa Doṁnall.
"Is sé mo ṁac-sa é," ars an fear
marḃ," agus saoileann sé go mbéiḋ
tu-sa marḃ air maidin; aċt tar liom-
sa anois."
Ṫug an fear síos annsan t-soiléar
é agus ṫaisbeán sé leaċ ṁór ḋó.
"Ṫóig an leac sin, tá trí ṗota fúiṫi,
agus iad líonta d'ór; is air son an óir
do ṁarḃuiḋ siad mé, aċt níor ḃ-
fuair siad an t-ór. Bíḋeaḋ aon ṗoṫa
agad-sa, agus pota aig mo ṁac, agus
an ceann eile roinn é air na daoiniḃ
boċta."
Ann sin d'ḟosgail sé doras san m-
balla agus ṫarraing amaċ páipéar, a-
gus duḃairt le Doṁnall,
"Taḃair é so do mo ṁac, agus abair
leis gur b'é an buitléar do ṁarḃuiḋ
mé air son mo ċuid óir. Ní ṫig liom
suaiṁneas ḟáġail go m-béiḋ sé croċta,
agus má tá fiaḋnuise ag teastáil tioc-
faiḋ mise taoḃ-ṡiar díot an san g-
cuirt gan ceann orm, agus tig le h-uile
ḋuine m'ḟeiceál. Nuair a ḃeiḋeas sé
croċta pósfaiḋ tú inġean mo ṁic, ag-
us tar do ċoṁnuiḋe in san g-caisleán
so. Ná bíḋeaḋ faitċíos ort róṁam-
sa, mar béiḋ mise imṫiġṫe go suaiṁ-
neas síorruiḋe: slán leat anois."
Ċuaiḋ Doṁnall na ċodlaḋ, agus níor
ḋúisiḋ sé go d-tainic an duine-uas-
al air maidin; agus d'ḟiafruiġ sé ḋe
