ar ċodail sé go maiṫ, no cá n-deaċaiḋ
an sean-ḟear a d'ḟág sé leis.
"Innseoċaiḋ mé sin ḋuit am eile, tá
sgul fada agam le innseaċt ḋuit i d-
tosaċ."
"Tar-uait go d-ti mo ṫeaċ liom," ar
san duine-uasal.
Nuair ḃí siad a dul go d-ti an teaċ
cia d'ḟeicfidís a teaċt amaċ as na
sgeaċṫaiḃ aċt an fear boċt, gan snái¬
ṫe air níos mó ná do ḃí ar an oiḋċe
a rugaḋ é, agus é ag creaṫaḋ leis an
ḃ-fuaċt. Fuair an duine-uasal a ċuid
eudaiġ ḋó, ṫug a ṫuarasdal ḋó, agus
as go bráċ leis.
Ċuaiḋ Doṁnal go teaċ an duine-ua¬
sail, agus nuair a d'iṫ sé agus d'ól sé
a ṡáiṫ, duḃairt sé,
"Tá sgeul agam lé innseaċt ḋuit."
Ann sin d' innis sé ḋó gaċ niḋ a
tárla ḋó an oiḋċe roiṁe sin go d-tai¬
nic sé ċo fada leis an roinn a d-taoḃ
an óir.
"Tar liom go ḃ-feicfiḋ mé an t-ór,"
ars an duine-uasal.
Ċuadar go d-ti an g-caisleán, ṫóig
sé an leac, agus nuair i ċonairc sé an
t-ór, duḃairt sé, "tá 's agam anois go
ḃ-fuil an sgeul fíor."
Nuair i fuair sé iomlán an eolais ó
Ḋoṁnall, fuair sé barántas an aġaiḋ
an ḃuitléir, aċt ċeil sé an ċoir. Nuair
tugaḋ an buitléar i láṫair an ḃreiṫiṁ
ḃí Doṁnall in sin agus ṫug fiaḋnuise.
Ann sin do léiġ an breiṫeaṁ as a
ṗáipéaraiḃ, agus duḃairt,
"Ní ṫig liom an fear so ḟáġail cionn¬
taċ gan níos mó fiaḋnuise."
"Tá mise ann so," arsa Colann-gan-
ċeann, a teaċt taoḃ ṡiar do Ḋoṁnall.
Nuair a conairc an buiuléar é duḃ¬
airt sé leis an m-breiṫeaṁ,
"Ná téiḋ níos fuide, tá mé cionn¬
ṫaċ; ṁarḃuiḋ mé an fear, agus tá a
ċeann faoi leic an teaġlaiġ in a ṡeom¬
ra féin."
In sin d'orduiġ an breiṫeaṁ an buit¬
léar do ċroċaḋ, agus d'imṫiġ Colonn-
gan-ċeann.
Lá air na máraċ pósaḋ Doṁnall le
inġin an duine-uasail, agus fuair sé
spré ṁór léiṫe, agus ċuaiḋ sé na ċoṁ¬
nuiḋe anns an g-caisleán. Seal beag
na ḋiaiġ seo fuair sé a ċóiste réiḋ a¬
gus ċuaiḋ air cuairt aig a ṁáṫair.
Nuair a ċonairc Diarmuid an cóiste
teaċt ní raḃ ḟios aige cia an duine
mór a ḃí ann. Ṫainic an ṁáṫair amaċ
agus riṫ sí ċuige, a ráḋ,
"Naċ tú mo Ḋoṁnall féin, gráḋ mo
ċroiḋe ṫú, ḃiḋeas ag guiḋe air do ṡon
ó d'imṫiġ tú."
in sin d'iarr Diarmuid párdún air,
agus fuair uaiḋ é. In sin ṫug Doṁnall
sporán óir ḋó, ag ráḋ leis, san am
ceudna,
"Sin luaċ an dá ualaċ coirce agus
na g-capall, agus na cairte."
In sin duḃairt sé le na ṁáṫair, "Ba
ċóir duit a ṫeaċt a ḃaile liom-sa, tá
calsleán breáġ agam gan aonḋuine ann
aċt mo ḃean agus na searḃḟóġantaiḋ."
"Raċad leat," ars an ṁáṫair, agus
fanfad leat go ḃ-fáġaiḋ mé bás."
Ṫug Doṁnall an ṁáṫair a ḃaile leis,
agus ċaiṫeadar beaṫa ṡona le ċéile in
san g-caisleán. —
AN ĊRÍOĊ.
[Le aṫruġaḋ ḃeag, ó an Leaḃar Sgeul¬
uiġeaċta ]
SEINNÉID.
Seinneóċaiḋ mé aḃrán dom' stór,
An cailín óg a ṫug dam gráḋ ;
A sgap óm ċroiḋe-se brón a's cráḋ,
Le sult a croiḋe, a súl, a glóir.
Do ḃí mé duairc ag síleaḋ deor,
gur ṫarlaiġ liom mo stóirín ḃreáġ,
T'réis sin buḋ súgaċ liom gaċ lá,
'S buḋ ġeall gaċ maidin liom mar ór.
Seinneóċaiḋ mé ḋuit, óir tám' ċroiḋe,
Sólásaċ, grinn, ó's tú mo rún,
Mo ṁúirnín ġlan gan gruaim air biṫ,
Mo ṡúirín áluinn, ḃán a's ċiúin;
Ní ḃéiḋ brón ann mo ċroiḋe a ċoiḋ';
Aċt béiḋ am' ċroiḋe-se feasda suan.
GAḂAR DONN.
Should there be war between this country and
England, we shall have another Fontenoy.
Who is “Pat Grant"? Is he one of those ubi¬
quitous “drummers"?
