AN GAOḊAL.
3
32 Avondale Av. Phibsborough, Dublin.
31st. July 1890.
A Ṡaoi Ionṁuin,
Cuirim 'san litir seo órduġaḋ air ṫiġ¬
na-litreaċ air sé sgilling, ionnos go g-
cuirfeaḋ tú An Gaoḋal ċum mo ċara
E. C. Cummings, Harolds Cross, agus
ċugam-sa, mar do ḃí tú ag deunaḋ go
nuige seo.
Nílmíd cinnte cia ṁeud uiṁir is
ċóir linn d' ḟáġail uait-se, aċt do
smuaineamar araon gur ab cóir linn
ḋá-uiṁir-deug d'ḟáġail, innis dúinn
má ḃ-fuilmíd ceart, má's áil leat. [tá
siḃ ceart, F. G.].
Ní'l mé am' ċóṁnuiġe 'san tiġ 'n a raiḃ
mé roiṁe seo, aċt a n-áit nuaiḋ; do
ċuir mé an áit sin air ḃárr na litre
seo, agus, má's é do ṫoil é, cuir an
páipeur ċum na h-áite nuaiḋ seo 'n a
ċóṁnuiġeas anois.
Cuirim ċugat, mar an g-ceudna,
dánta beaga a sgríoḃ mé féin, má's
fiú an dadaṁ iad, do b'áil liom iad d'
ḟeicsint ad' ṗáipeur, muna ḃ-fuil, cuir
'san teine iad.
Anois go soirḃiġiḋ Dia ṫú, agus
d'obair níos mó agus níos mó gaċ lá.
Do ċara 'san g-cúis is feárr.
R. McS. GORDON.
CÚIS NA h-ÉIREANN.
Ṫar an ḃóċna tá daoineaḋ croíḋeaṁla
Ag oibriuġ' go maiṫ air son Éireann,
Ag oibriuġaḋ do ṫaḃairt d'ar n-dúiṫċe
A saoirse, a's teanga na Gaeḋilge.
Gan teanga ní'l dúiṫċe air biṫ ann;
Gan teanga cá háit a ḃ-fuil Éire;
Gan teanga ní'l anam 'nar d-tír-ne;
Béiḋ marḃ í, gan teanga na Gaeḋilge.
Tá daoine go leor anns an tír seo
A laḃras fós teanga na h-Éireann,
Má ḋeunfaiḋ a n-dualgas béiḋ saoirse
Ag Éirinn, a's teanga na Gaeḋilge.
Ní ṫig linn ḃeiṫ díleas d'ar d-tír-ne
'Nuair ní h-áil linne teanga na-Éir¬
eann,
'Nuair is feárr linne teanga na tíre
A ruaig as ar n-Éirinn an Ġaeḋilge.
Ní marḃ fós fíor-ṡaoirse ar d-tíre;
Ní marḃ fós árd-dóċus na h-Éireann;
Ní marḃ fós glanspiorad ar ndaoin'ḋ;
Ní marḃ fós dílṫeanga na Gaeḋilge.
Tá'n taoḃ seo 'san taoḃ sin na mara
Ag oibriuġ' go groíḋe air son Éireann
Béiḋ glórṁar a's saor fós, a ċáirde,
Ár d-tír ḋíl a's teanga na Gaeḋilge.
GAḂAR DONN
The Gael's Translation.
Beannuiġ, a Ċríosd! mo ḃriaṫra, —
A ṫiġearna na seaċt neaṁ !
Taḃair dam tioḋlaca eagna,
A riġ na gréine gile!
A ġréin ġil, a ṡoilsiġeas
Neaṁ led' uile naoṁaċd!
A riġ riaġluiġeas na h-aingle!
A ṫiġearna na n-daoineaḋ uile!
A ṫiġearna na n-daoineaḋ!
A riġ ionnraic, fíor-ṁaiṫ!
Go nglacaiḋ mé lán-ṫairḃe
Mo ṁolta ded' riġ-ṡluaiḋ.
Molaim do riġ-ṡluaḋ,
Mar is tú mo riġ;
Ṫugas mo ṁian go h-uile,
Do ḃeiṫ go síorruiḋe dod' ġuiḋe.
Guiḋim tioḋlaca Uait
Do ḃeiṫ glanta óm' ṗeacaiḃ
Ṫré 'n treud glinn-lonnra síṫ,
An riġ ṡluaḋ noċ d'ionṁolaim.
The Leabhar Breac -
Sén a Crist mo labra[d]
A Ċoimḋe seċt nime,
Romberṫar buaid leri,
A ri gréni gile.
A gel-grian fornosna
Riċed cu meit noemi,
A Ri conic Aingliu,
A Ċoimdiu nandoine.
A Ċoimdiu nandoine,
A ri firian fir-maiṫ,
Conamraib caċ solad,
Ar molad dot rigraid.
Do rigrad nomolar,
Ol is tu mo ruire,
Doralus ar m'aire,
Gresċi oc do guide.
Guidiu itge doib,
Romain arat rogbus,
Cian-popul cu lig-daṫ
In rigrad imrordus.
