AN GAOḊAL.
5
fuair siḃ bás gan dóṫċus iona ċreid¬
eaṁ. Anois tríḋ ḃur smaoineaḋ díṫ¬
ċéilliḋe siḃ ḟáġail go flaiṫeas; deun¬
tar mé breugaċ as coṁair cúirt na
ḃ-flaiṫeas.
(To be continued.)
AN CLEAS A D'IMIR AN BUAĊ¬
aill Tuaiṫe air an Dlíġṫeoir.
Tá dlíġeadóir na ċóṁnuiḋe i mbaile
Ṫúma, agus beireann sé bárr air ḋlíġ¬
eadóiriġiḃ na cóige le n-a eargnaċt a¬
gus le n-a ġeur-inntleaċt.
Is gnáṫaċ le muirtir na tuaiṫe tor¬
aḋ na talṁan, coirce, cruiṫneaċt, a's
mar sin, do ṫaḃairt do 'n ṁargaḋ le
díol. Tagann caraeriḋe ċum an coir¬
ce agus an ċruiṫneaċt i ċéannaċ, aċt
ceannuiġeann daoine-uaisle na h-áite
roinnt de 'n ċoirce d'a g-capailliḃ.
Nauir a ḃiḋeas na feilméaraiḋe ag
cáṫaḋ an ċoirce fanann an gráinne 's
feárr agus is troime 'n-aġaiḋ na gaoi¬
ṫe agus glaoiġtear 'toiseaċ' air, agus
séideann an ġaoṫ an gráinne is eud¬
troime agus is measa go cúl an ċár¬
náin agus, air an áḋḃar sin, goirtear
'cúl', no 'deire', air. Cuirtear coirce
ṡásas 'sna riasgaiḃ i g-comórtas le
cúl a's deire agus, mar an g-ceudna,
glaoiġtear cúl no deire air.
I deunaḋ suas an ċoirce do'n ṁarg¬
aḋ, tá sé cinnte naċ g-cuireann na
feilméaraiḋe an ċuid is measa ḋe i
m-beul an ṁála. Is gnáṫaċ leo bórán
nó ḋó de 'n toiseaċ a ċur i d-tóin an
ṁála agus, 'na ḋiaġ sin, an deireaḋ,
agus an toiseaċ arís in a ḃeul.
Tá ḟios aig na caraeriḋiḃ air seo ag¬
us gearrann siad síos an luaċ ċo ṁaiṫ
agus is féidir leo. Aċ deir na daoine
go ḃ-feuċann an dlíġeadóir a luada¬
mar lár an ṁála nuair i ḃiḋeas an
díoltóir d'a ḟolaṁuġaḋ agus mar naċ
m beiḋeaḋ sé ċo maiṫ leis an m-beul
go ngeárróċaḋ sé síos an luaċ.
Air an áḋḃar sin, ní ḋíolfaḋ na
feilméaraiḋe a ḋeunfaḋ suas na mál¬
aiḋe aon ġráinne leis, & cuireann siad
uaṫa é le níos mó ná luaċ an ṁargaiḋ
iarraiḋ air an g-coirce.
Lá margaiḋ áiriġṫe ḃí mac feilméa¬
raiḋe — geárr-ḃodaċ timċioll oċt m-
bliaḋana deug d' aois, ag díol ḋá má¬
la coirce. — buḋ é luaċ an ċoirce an lá
sin deiċ b-píġnne an ċloiċ. Ṫainic an
dlíġeadóir ṫart ag ceannaċ coirce d'a
ċapailliḃ; láiṁsiḋ sé coirce an ġeárr-
ḃodaiġ, agus d'ḟiafruiġ sé ḋe ca ṁeud
a ḃí sé ag iarruiġ air an g-cloiċ.
"Sgilling," ars an buaċaill, saoilint
naċ d-tiuḃarfaḋ sé ḋá ṗíġinn os cionn
luaċ an ṁargaiḋ air. Smuain an dlíġ¬
eadóir air feaḋ tamaill agus duḃairt,
"Tá go maiṫ, tá sé ceannuiġṫe," a ta¬
ḃairt aerlis do'n ḃuaċaill, agus a ċur
lán a ġlaice de'n ċoirce as beul an ṁá¬
la i b-póca a ċasóige, agus duḃairt
leis an m-buaċaill a ḃeiṫ réiḋ g-cionn
leaṫ-uaire agus go m-beiḋeaḋ sé ṫart
leis an g-coirce ġlacaḋ agus le n-a luaċ
íoc.
Ní raḃ ḟios aig an m-buaċaill creud
do ḋeunfaḋ sé; ḃí an coirce deun¬
ta suas, agus ḃí sé cinnte go ngeárr¬
óċaḋ an dlíġeadóir síos é ; aċ ní raḃ
áraċ air anois. 'San rioċd seo ċuiṁ¬
niġ sé go raḃ bean ḃoċt 'nna aice a ḃí
ag díol máilín cúil, agus ċuir sé lán a
ḋoirne as a mála in a ṗóca.
Buḋ ġeárr go d-tainic an dlíġ'dóir
ṫart, agus duḃairt sé leis an m-buaċ¬
aill an capall a ċuir faoi 'n g-cairt a¬
gus an coirce ṫaḃairt do 'n stábla, a¬
gus go m-beiḋeaḋ sé ḟéin annsin roiṁ¬
e.
Ḃí bruġ mór daoineaḋ ann an lá
sin, agus mar d'iompuiġ an dlíġeadóir
ag imṫeaċt, sgior an buaċaill an dor¬
na ċúil a ṫóig sé as mála na mná in a
ṗóca ( an dlíġeadóra ), ċuir an capall
faoi 'n g-cairt agus ṫiomáin do 'n
stábla : Ḃí an dlíġeadóir ann sin roi¬
ṁe.
Nuair ḃí an buaċaill folaṁuġaḋ an
ċoirce san umar ṫóig an dlíġeadóir
glaic ar lár an ṁála, d'ḟeuċ air, is
duḃairt, "Ní h-ionann é seo agus an
coirce a ḃí i m-beul an ṁála, ní fiú sé
píġinne an ċloiċ é."
"Sé an coirce ceudna é, agus má tá
