15
AN GAOḊAL.
A stóirín do ḋearcas ṫú,
Bu ḋeas do ṡeasa a m-bróigín,
A's ba ró-ḋeas do leagann súl;
Do ġruaiḋ níos deirge 'ná an rósa.
'S do ċuairníniġe ḃí fiġte go dlúiṫ:
'Sé mo leun naċ ḃ-fuil mé 's tú pósta
No air ḃord luinge triall ċum siúḃail
Míle slán le 'n m-bliaḋain a nuraiḋ
Ní raiḃ doilġíos air mo ċroiḋe no brón
Ḃi an ċuaċ a m-beul na m-bailteaḋ,
'San ċuaċ eile a g-condae an Dúin;
Aċt níor órduiġ Dia no Ṁuire ḋúinn
Feidil no cláirsiġe ceoil;
'S gur b'í an ċuaċ ṫug bárr uaḋṫa uile,
An ḃroinġeal a ḃuain díom mo ṡuan.
'Gus ċuir mé leitir sgríoḃṫa
Go seicréideaċ ḋí am ṁúirnín féin,
Aċt fuair mé air ais arís í
'Sa croiḋe 'stiġ ċo duḃ le gual.
A cum níos gile 's níos míne
'Ná síoda 's ná clúṁaċ na n-eun ;
'S naċ trom an t-osna a ġním-si
Tráṫ smuainim a ḃeiṫ ag sgaraḋ léi
Agus is cuma liomsa féin
Cad a ḃeiṫ siad a luaṫ nó ráḋ,
Aċt béarfad cuairt agus ceud
Air an taoḃ ann a ḃ-fuil mo ġráḋ;
Sí lónduḃ bárr na g craoḃ í,
Agus péacóigín an ḃrollaiġ ḃáin,
As gur ṫug mé searc 'gus spéis di,
Aċt ní ḟeudaim fios a h-inntin' 'ḟáġail
AḂRÁN ṀAC FIONN DUIḂ.
(Written from the dictation of Mr Jeremiah Con¬
nolly, a native of Rosscarberry, co Cork,
J. J. Lyons.)
Mo ċiaċ 's mo leun! naċ liom an tuaiṫ
úd go léir.
'S as sin go m-buaileann sé bruaċ loċ-
[a Leun,
Ġeoḃfainn suaiṁneas ó'n b-péin agus
mór-ċuid de'n t saoġal,
Le stuaḋaire 'n riġ uasail ab' ḟeárr
tuairisg, cliú, 's méin.
Ḃí criosaċ air luċt breug, a ċuir náire
orm ḟéin,
A duḃairt go raḃas-sa páirteaċ le
"bláṫ geal na g-craoḃ,"
'S go ḃ-fuil a ḟios aig Mac Dé ná 'r
ḋeárnas 'riaḃ léi,
Mar n-deunfainn súgraḋ le gráḋ diṫ
no gáire gan ċlaon.
Air mo luiḋe dam aréir, seaḋ smuain¬
eas faoi mo neul,
Gur siġfriḋe a ċaiṫ saiġead liom 's do
ṁill mé go léir;
Cia ġeoḃfainn sínte le mo ṫaoḃ go
ciuin 's go séiṁ,
Ná briġideaċ na g-caon-rosg ó ṫaoḃ
Loċa Léin.
Mo ċiaċ 's mo ḋiṫ! gan sinn air ṫaoḃ
ċnoic 'nar suiḋe,
Air ḋul na gréine faoi neultaiḃ ċunn
go n-éireoġaḋ sí arís ;
Gan aon duine ḃeiṫ linn aċt sinn a¬
raon n-ár suiḋe,
A taoḃ deas le mo ṫaoḃ-sa 's gan aon
duine baint linn.
Sgríoḃfad-sa ċugad go grinn 's go
dluṫ,
Leitir fó ṡeula ċum péarla na lúb;
Mar d-tiocaiḋ tú liomsa 's mé ṫógḃáil
ó 'n smúid,
Beiḋ mé m' eilit air fud ġleannta no
go faon lag san úir.
Níor ḃuḋ aiṫriġeaċ glan liom de mo
ġráḋ geal gan smúid,
Ḃeiṫ nár suiḋe air ḃruaċ na tráġa
faoi ġárṫa na d-tonn;
Aċt bán-ṫallaiḋe 's cúirt, agus fáġail
air ḟíon fionn,
Mo ḋaingean-ġráḋ ḃeiṫ air láiṁ liom
air árd-leaba ċluiṁ.
'S ní'l aon tiġearna le fáġail anns a
ḃ-Frainc 'na sa Spáinn;
Naċ ḃ-fuil a ḋóiṫin de ċéile a b-péarla
an ċúil ḃáin;
Sgríoḃann sí gan ċáim le n-a caol-
ṗeann air ċlár
'S seineann si port neata air a teuda
[buiḋe prais.
'S do ġeoḃfainn-se go leor de luċt
síodaiḋe 's sróil,
A m-beiḋeaḋ péarlaiḋe na g-cluasaiḃ
agus fáinniḋe buiḋe óir;
Ní dóiḃ a ḃí mo ġráḋ aċt duitse, a
ḋaingean-stór,
'S go siúḃalfainn-se an saoġal leat 's
taob ṫáll de'n Róiṁ.
Maiġre an Ċúil
Doiñ. ?
See Gaelic
Journal"
Nos. 185. p.82
186 p. 100.
NOT same song.
