(15)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 3.
OĊT-ṀÍ
1890.
Ṫaṁnaiġ
Mac Riġ Caisleán Buiḋe Ṡaṁnuiġ, &
Bainríoġan Tobar Deire 'n Doṁain.
(Leanta)
agus ċonnairc sé cat mór liaṫ na
suiḋeaḋ ag an teine. Ċuaiḋ an cat
asteaċ i seomra beag, agus níor ḃ'ḟad
go d-tainic cailleaċ amaċ, agus duḃ-
airt,
"Ceud míle fáilte roṁat a Ṁic-riġ
Caisleán Buiḋe-Ṡaṁnaiġ."
"Cia 'n ċaoi a ḃ-fuair tú eolas orm-
sa?" ars an Mac-ríġ.
"Bíḋeas go minic i g-caisleán, d'a¬
ṫar," ars an ċailleaċ, "b-fuil aon ḃis-
eaċ air a ċois fós?"
"Ní'l, go deiṁin," ars an Mac-ríġ,
"'s ag tóruiġeaċt leiġis ḋó atá mise
a dul anois"
"Maiseaḋ, go n éiriġe leat," ars an
ċailleaċ, "Is dóiġ liom go ḃ-fuil tart
agus ocras ort 'n-diaiḋ do ṡiuḃail ḟa-
da."
"Ní'l mé saor uaiḋe," ars an Mac-
ríġ, "aċt tá neart airgid agam le íoc
air ḃiaḋ, deoċ agus lóisdín."
"Ní ġlacfaiḋ mise airgiod uait," ar
san ċailleaċ.
Ann sin ġleus sí ḋó ċo maiṫ 's d' iṫ
sé riaṁ sa m-baile, agus nuair a d' iṫ
agus d' ól sé a ṡáiṫ ṫaisbeán sí leab-
aḋ ḋó, agus duḃairt,
"Téiḋig a ċodlaḋ anois, ní ḃéiḋ aon
ḃaoġall ort go maidin."
Ċuaiḋ an Mac-ríġ na ċodlaḋ agus
níor ṁúsgail sé go maidin. Nuair a
d'éiriġ sé ḃí lord leagṫa amaċ aig an
gcailliġ ḋó, agus nuair a d'iṫ agus d'
ól sé d'ḟiafraiḋ sí ḋe cá ḟaid a ḃí sé
a dul.
"Ní'l ḟios agam," ars an Mac-ríġ,
"táim a tóruiġeaċt tobar Deireaḋ 'n
Doṁain."
"Tá mise os cionn ċúig ċéad bliaḋ-
