ain," ars an ċailleaċ, "agus níor ċual¬
aiḋ mé caint air an áit sin ariam."
Ann sin d'imṫiġ an Mac-ríġ agus
ṡiúḃal go d-tainic sé go cros-ḃóṫar id¬
ir ḋá ċoill Ċonnairc sé an ḃean is
breáġṫa d'a ḃ-facaid sé ariaṁ teaċt
ċuige, agus í gleusda le síoda glas.
Duḃairt sí leis,
"A ṁic-ríġ Caisleán Ḃuiḋe Ṫaṁnaiġ,
téiḋ air d'aġaiḋ, sé sin cóṁairle car¬
aḋ."
Agus sul d'ar feud sé laḃairt do
ḃí sí imṫiġṫe as a aṁarc.
Ṡiúḃal sé an lá sin go raḃ dorċad¬
as na h-oiḋċe air, agus connairc sé
solas i g-coill ṁóir agus ṫarraing, sé
air. Ḃí an solas i d-teaċ beag, go dí¬
reach mar an teaċ a ḃí sé ann aréir
Buail sé ag an dorus agus d'ḟosgail
cailleaċ liaṫ e. Nuair a ċuaiḋ sé a-
steaċ duḃairt sí,
"Ceud míle fáilte róṁat, a ṁic-riġ
Ceisleán Buiḋe-Ṡaṁnaiġ, ḃí tú ag teaċ
m'ingean aréir: Cia 'n ċaoi ḃ-fuil d'
aṫair, no ḃ-fuil biseaċ air a ċois fós?
"Ní'l, go deiṁin," ars an mac-ríġ, "'s
ag tóruiġeaċt léiġis ḋó tá mise a dul
"Is dóig go ḃ-fuil tart agus ocras
ort 'n-diaiġ do ṡiúḃail ḟada," ars an
ċailleaċ.
"Tá, go deiṁin," ars an Mac-ríġ,
"níor iṫ mé no níor ól mé ó d'ḟág mé
teaċ d'inġean."
Ann sin ċraiṫ sí clog beag, agus d'
éiriġ bord suas as an talaṁ, a láṫair
an Ṁic-ríġ, agus gaċ h-uile niḋ le n-iṫe
agus le n-ól air. Nuair a d'iṫ agus d'
ól sé a ṡáiṫ, d'imṫiġ an bord síos san
talaṁ, agus duḃairt an ċailleaċ leis,
"Tar liom go d-taisbeánfaiḋ mé
leaba ḋuit."
Ṫaisbeán sí leaba ḃreáġ ḋó, agus
ċuaiḋ sé a ċodlaḋ. Níor ṁúsgail sé
go raḃ an ġrian a teaċt asteaċ air an
ḃ-fuinneoig lá 'r na ṁáraċ. Nuair a
d'éiriġ sé ḃí 'n bord réiḋ aig an g-caill¬
iġ, agus d'iṫ agus d'ól sé a ṡáiṫ. Ann
sin duḃairt an ċailleaċ,
"Cá ḟaid a raċfas tú, a Ṁic-ríġ"?
"Ní'l fios agam," ar seisean, "táim
a tóruiġeaċt tobar Deireaḋ an Doṁ¬
ain.
"Tá mise inseo os cionn seaċt g-
ceud bliaḋain, agus nior ċualaiḋ mé
tráċt air an áit sin ariaṁ roiṁe seo,
ars an ċailleaċ, "aċt má tá a leiṫid
d'áit sa doṁan béiḋ eolas aig m'aṫair
air. Tá m'aṫair na ċóṁnuiḋe seaċt
g-ceud míle ar an áit seo "
"Is fada go m-béiḋ an aisdir sin
siúḃalta agam," ars an Mac-ríġ,
"Béiḋ tú aig teaċ m'aṫar sul do
ṫéiḋeas an ġrian faoi an tráṫnóna
so," ars an ċailleaċ.
Ann sin ċraiṫ sí cloigín beag, agus
ṫainic gearráinín ċuici. "Sin é 'n ḃeiṫ¬
eaċ a ḃéarfas go teaċ m'aṫar ṫú."
Ní raḃ sé ċo mór le gaḃar, agus
duḃairt an Mac-ríġ.
"Ní ḃéiḋ sé 'nan mé iomċar."
"Téiḋ air marcuiġeaċt agus feicfiḋ
tú" ars an ċailleaċ."
Ċuaiḋ an Mac-ríġ a marcuiġeaċt,
agus as go bráṫ leis an ngearráinín
mar ġail gaoiṫe, agus sul d'a ndeaċ¬
aiḋ an ġrian faoi an tráṫnóna sin,
ċuaiḋ sé asteaċ a g-coill ṁóir, agus
suas go doras tiġe ḃig, mar na tiġṫe
eile. Ḃuail sé a ċeann 'n aġaiḋ an
doruis, agus ċuir asteaċ é. Ṫainic
sean-ḋuine liaṫ amaċ, agus duḃairt,
"Ceud míle fáilte roṁat, a Ṁic-ríġ
Caisleán Buiḋe-Ṡaṁniġ, ḃí tú ag teaċ
m'inġean aréir."
"Bíḋeas, go deiṁin," ars an Mac-
riġ.
"Cá ḃ-fuil tú dul anois?" ars an
seanduine.
"A tóruiġeaċt Tobar Deire 'n Doṁ¬
ain," ars an Mac-ríġ.
"Mo ḃrón! is iomḋa duine a ċuaiḋ
air an aisdir ċeudna, aċt níor ṫainic
air ais," ars an seanduine, "aċt deun¬
fad m' ḋiṫċioll ḋuit-se."
Ann sin duḃairt sé,
"Is dóiġ liom go ḃ-fuil tart agus
ocras ort 'n ḋiaiġ do ṁarcuiġeaċt ḟa¬
da."
"Tá, go deiṁin," ars an Macríġ.
