AN GAOḊAL.
27.
Cia 's feárr poll na páisde?
Is fiúntaiġ poll aċ is a' paisde.
[Mr. Lyons has sent a lot of these which will be
published from time to time — Ed.]
fearr
Ó'N t-SEAN-ḞÓD ARÍS.
A Ṡaoi Ḋíl;
Leis so ġeoḃuiḋ tú áḋḃar duilleoige
fíor-Ġaeḋilge i toṁsanna do cruinn¬
iġeaḋ in Iar-gConnaċtaiḃ.
Do ḃiḋeas ṡiar faoi Loċ Measga
goirid ó, agus b' éidir go g cluinfiḋ tú
fós uaim maidir le mo ṫurus,
Ní'l sé air g-cumus faoi láṫair d'
aonduine, ná d'aon ḃeirt ná triur, na
focla Gaeḋilge atá aca do ċur le ċéi¬
le leaṫ astiġ de leaṫ-ḃliaḋain nó de
trí ráiṫiḃ. Faoi ċeann na h aimsire
sin beiḋ cuid ṁaiṫ déanta agam féin.
Lé mór-ṁeas,
E. O'G.
TOṀSANNA.
Do ċruinniġ Doṁnall O'Faṫarta.
[Ḃí cuid aca seo i Nuaiḋeaċt Ṫuama]
Sín do láṁ air t' aġaiḋ,
A's ċiḋfir an rud naċ raiḃ,
'S naċ ḃ-fuil, 's naċ m-beiḋ.
Coṁḟad na meur
Corcán óir, a's é lán d'ḟeoil ḃeo.
Ṁeuracán.
Meig, meig, taoḃ astiġ ḋe'n ċlaḋ,
Meig, meig, taoḃ amuiġ ḋe'n ċlaḋ,
Ní ḃainfeaḋ an meig taoḃ istiġ ḋe'n
ċlaḋ,
Leis an meig taoḃ amuiġ ḋe 'n ċlaḋ.
Neanntóg
Ċuaiḋ mé suas an bóṫairín,
A's anuas an bóṫairín,
A's ṫug mé an bóṫairín air mo ḋruim
liom
Dréimire.
Siúd ċugat ṫríd an t-sáile é,
Féiliocán na gréine,
Fear an ċóitín ġuirm
'S snáiṫe dearg in a léine.
Gliomaċ.
[Coingḃeoċaimid an ċuid éile do 'n
t-sileaḋ seo ċugainn. — F.]
Another Correspondent from the Old Sod.
BEAGÁN FOCAL TIMĊIOLL TEAN¬
GAN NA ĠAOḊAILGE.
Baile-aṫ-cliaṫ.
an 4aḋ lá de'n t-oċtṁaḋ mí '90
A Ṡaoi, — Ġeoḃair fillte fá ċlúdaċ na
litre so orduġaḋ air a d-taḃairfear
sé sgilinge ḋuit. Tá cuid de mar dío¬
laiḋeaċt air son sé uiḃreaċa ded' ir¬
isleaḃar ċuiris ċugam roiṁ ré ṫar a
raib ceart agam d'ḟáġail ; díolfaiḋ a
earasḃárr as oċt uiḃreaċa deug de'n
Ġaoḋal. Tá súil agam go gcuirfeaḋ
tú a triall orm andiaiġ ċéile do réir
mar d'ḟoillseoċair iad
Taiṫneann go mór liom an saoṫar
taḃaċdaċ tá agat dá ḋeunaṁ i g-cúis
na Gaoiḋilge. Dá g-cuirfeaḋ gaċ uile
Éireannaċ, a deir go ḃ-fuil meas aige
air ṫeangain a ṫíre, roiṁe obruġaḋ
anns an t-sliġe ċéadna, mar luaḋail¬
feaḋ a acfuinne dó é, ní páipeur mí¬
osaṁuil ḃeiḋeaḋ agat anois aċt ceann
laeṫeaṁuil. Go deiṁin is mór an aċ¬
ṁusán i n-ár leiṫ naċ ḃ-fuil aon ṗáip¬
peur aṁáin oireaṁnaċ againn clóḃuail¬
te i nGaoiḋilge anaġaiḋ na seaċdṁui¬
ne. Tá mar an gceudna easḃuiḋ lea¬
ḃair agus foclóir iomcuḃaiḋ orrainn.
Na daoine ḃeiḋeaḋ toilteanaċ leis an
oḃair do ċur ċum ċínn ní ḃ-fuil an t-
airgead aca do ḋíolfaḋ as a ċlóḃual¬
aḋ. Is dóiġ liom gur annso i m-Baile-
aṫ-Cliaṫ atáid na fiollsiṫeoiriḋe is
measa anns an doṁan (aċt measaim
naċ fiú an ainm sin do ṫaḃairt orra]
giḋ go ḃ-fuil cuid díoḃ saiḋḃir go leor-
Daoine bailleaċa, coiṁiadaċa, iseaḋ
iad naċ g-caillfeaḋ coróin le leaḃar
do ċlóḃualaḋ muna m-beidís deiṁneaċ
go m-beiḋeaḋ a ḋá oiread ḋ'a ḃár aca
fá ċeann treiḃse ġeárr.
Buḋ ṁór an t-iongnaḋ liom an tráṫ
ḃiḋeasa anns na Stait Aontuiġṫe
tuairim le ċúig bliaḋna deug o ṡoin,
naċ feudfainn leaḃar Gaoiḋilge d'ḟáġ¬
ail i n aon leaḃar-lán anns na caṫrea¬
ċaiḃ móra na tíre áilne sin, gíḋ ní
raiḃ ganntanus leaḃar Gearamánaċ
