40
AN GAOḊAL.
Déantús Ḋuine Áiriġṫe, Air an g-Coga Déiġionaċ a m-Blia¬
ḋain 1798.
Áiṫsgríoḃṫa agus míniġṫe ag Tomás D. de Norraḋ.
1
Tá maṫa na Breatainne a n-anaḃruid Péine,
Gan taise le tréiṁse d'á n-greada ṫar fóir,
A beartúġaḋ a le h-ainḃḟios b 's mearḃal céile,
Tré ṁaċtnaṁ droiċṁéine do ṫangṁuiġ do 'n ċóip;
A n-airm do ṫarraing gan adḃar gan éirim,
Air ġasraḋ ḃoċd ċéasda buḋ ḟada faoi ġeoċ,
Is gan aca d'á ġairm aċd laisgne faosaiḃ,
Na m-bailte puirt féin d'á m' áil léigionn dóiḃ.
2
Amaḋ duḃ cealg-uilc eagluise is Réicse,
Na m-beaṫa gan daonaċt faoi n-deara gaċ tóir,
Le h-aindliġṫe damanta, mallaiġṫe, daora,
Ár g-caradas cléiḃċirt, a feallaḋ gan ċóir;
Gur ḋearḃuiġ sgata de'n aicme so céasaḋ,
Le teagasg ó'n naoim-spioraid do ṫag uair an sgeol,
Na reaċta so leaga nó a n-anam do ṫréigionn,
'Sas gearraid gur géillioḋ go m' ḃ-feárr léigionn dóiḃ.
3
Air an aicme ḃí a n gradam na reaċta so ḋéanaṁ,
Tá fearg an aoin-ṁic ag feaṫruinn c gaċ ló,
D'a n-gearraḋ le h-armaiḃ ceartuiġṫe geura,
D'ḟág marḃ lag céadta d'a maṫaiḃ, air feoġ;
Gan seaċaint air ċeaċtar ná'r adṁuiġ géille
D'a n-glana as réim ċirt gan fearran, gan fód,
Faoi scamall go dealḃ gaċ pearsa aca d'éalaiḋ,
Is gan d'eagal na m-beul aċt gur ḃ'ḟeárr léigion dóiḃ
4
Tá eagluis ḃeannuiġṫe Ṗeadair air aon ġuṫ,
Aig agairt le ċéile na n-altaiḃ a g cóṁair,
Na flaṫa so sealaḋ, do ċleaċtaḋ an treaḋnas, d
Le aifrinn d'éisteaċt go sailmeaċ, sóḋail;
Faltannas aṫar na ḃ-flaiṫeas do ṫearnaṁ,
Na g cárna gan faoiseaṁ, dá d-treasgairt gan treoir,
Is gan maiṫeas 'nna g-cainaid, gurb aiṫniḋ do'n t-saoġal so,
Go m' ḃ fearraḋ do 'n g-cléire mar ċáċ léigionn dóiḃ.
5
Tá 'n t-aṫair ṁaċ measgaim, cíḋ fada do ag éisteaċt.
Na tarramain sgeiṫe le sealaḋ 'nna g-cómair,
Tré a d-tagaid go raċṫṁar ó ḋaingionn gaċ baoġal,
A casaḋ faoi ṡéan as gaċ caitiorguil fuós ;
Do buḋ aiṫniḋ na m-beaṫa faoi ganguid na ḃ-faolċon,
Ṫug aire le daonaċd d'a g-casnaḋ doḃróin,
Gur ċeaduiġ 'nna ṁaiṫios an t-amaḋ so réiġteaċ,
Tré 'r ḃaineadar géille go m' ḃ-feárr léigionn dóiḃ.
6
Ní'l tairḃe a n-easgaine sagairt de 'n réir sin,
Tá 'n ḟairge a éinfeaċt 'san maċaire leo,
Is beiḋ stárṫa le 'n-aiṫris a leaḃaraiḃ léiġeanta,
Tré ċaṫaṁ na saoġal air ġaisge na leoġan;
