AN GAOḊAL.
45
Seáġan Ua Duiḃir an Ġleanna.
(Concluded)
A bráġa mar ġnaoi na h-eala,
An tráṫ do luiḋeann air aḃainn,
Nó snáṁ na taoide mara,
Air tonnaiḃ treun;
A bán-ċroḃ aolda, leaḃair,
Is sáṁ do ríṁeaċ air ḃrataiḃ,
Cága, míoltaḋ, seannaig,
Róinte 'gus éisg.
Cárnaḋ 's cóiṁeasgair seaḃac,
Gáir na g-clóiḋeaṁ dá n-greada,
Bláṫ na g-craoḃ 's ealta
A m-bárr-ċluṫair geug;
'S gur sáiṁe linn gaċ aisde,
'S dáin gan fuiġeall dá g-cannaḋ,
A ráiḋtiḃ grínn le blaise
Ná sáiṁ-ċruit Orpheus!
Táim, ar sí, le sealaḋ,
Fagṫa air díṫ mo ċarad,
Faoi ṫáir ag dríodar Danar,
D'árdaiġ mo leun!
Gan ċáin, gan ċríċ, gan ċeannas,
Gan árus riġ mar ċleaċtas,
Gan táin, gan ḃuiḋean, gan ḟearann,
Árd-ṁeas nó réim!
Am ċráin ḃoċt ċnaoiḋte, ċaite,
Ag tál go fuiġeaċ o'm ḃallaiḃ,
Air aḋal gaċ daoiste d'aicme,
Ṡátan, giḋ' claon!
'S go bráṫ ní cuiḃe duit laḃairt.
Páirt ċum grínn do ṫaḃairt,
Le m'áirioṁ d' ḟuiġ'leaċ airm,
Gárda agus maor.
Dar Páran díḃ do ṁeasas,
Gur plás gaċ ní do laḃair,
Mar ṡál ó'n n-gnioṁ nar ḃeartas,
Páirteaċ ḃeiṫ léi;
Gan spás do 'n ríoġ' gur aiceas,
Fáṫ a tíġeaċt dam aice,
A rás, a craoiḃ, 's a ainim,
Farraḋ a ḃéas.
D'éis lán-toċt caoi gur aiṫris
Ar na saoiṫe ṡnamaig;
An áitreaḃ críċe Ċaisil,
Cáig ċumaisg léi.
'S tar sáil go sgiordfaḋ aicme,
Ḋána, ḋíomsaċ, aibiġ,
A cráḋ ,sa díoṫ-ċur Danar
Dána, as a réim.
Am ṗáirt-si guiḋeaḋ gaċ seabac,
Atá gan ċríoċ le sealad,
Faoi ṫáir na daoirse ag seasaṁ,
Sár ṫoile De!
Gaċ tráiṫ ċum Ċríosd fuair peannaid
Páis 's íoḋbairt ṡearḃ!
Cráḋ le fíoċ 's gearraḋ
Cnáṁ, agus geug!
An fáġnaċ, Ríġ gan ainim,
Atá do ṡíor fá sgamal;
Gan spás a ṫiġeaċt a n-gradam,
Áitreaḃ na nGaoḋal.
'S an tár-sprot coiṁṫeaċ, meaṁuill,
Atá na suiḋe 'nár m-bailte,
Le cárna clóiḋeaṁ do sgaipeaḋ,
As clár leaṫan Néill.
Go áitreaḃ Ċuinn dá d-tagaḋ,
Spáinniġ ġroiḋe le ceannas;
'S gárda laoiseaċ ḟearaḋ,
Táin do luċt faoḃar.
Ní ḃ-fuil sráid san riġeaċt ná caṫair
Nár ḃ' árd a d-teinte air lasaḋ,
Lán ċuid fíon dá sgaipeaḋ,
'S gárdaċas pléar,
Dain ag buiḋean na leaḃar,
Ráis 's "rainnce fada,"
Cláirseaċ ċaoin dá spreagaḋ,
Gárṫa 'gus sgléip!
Ag fáiltiúġaḋ an Ríġ tar calaiṫ,
'S tráċtfar linn air ainim,
's ċáirde diúgaig feasda,
Sláinte mo Recs.
TRANSLATION.
Her white breasts were swelling,
Like the swan's whiie dwelling
Where the waves are welling
O’er the stormy sea ;
And her fingers pat in
Broidering upon satin,
Birds of early matin
Warbling on the tree ;
Fishes, beasts, and flowers,
Fields, and camps, and towers,
Gardens, lakes, and bowers,
Were so fine and white !
Wandering through the mazes,
Of her lyric phrases,
I could chant her praises
All the day and night.
“O! thou land of bravery!"
Cried she, "sunk in slavery,
Through the tyrant knavery
Of the stranger foe —
Tribeless, landless, nameless,
Wealthless, hostless, fameless
Wander now thine aimless
Children to and fro,
Like a barren mother
