(17)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 5.
DEIĊṀÍS,
1890.
Ṫaṁnaiġ?
Mac Riġ Caisleán Buiḋe Ṡaṁnuiġ, ⁊
Bainríoġan Tobar Deire 'n Doṁain.
(Leanta)
"Ní ḟacas aċ dream mná áluinn na
g-codlaḋ, agus an leon agus an ull¬
ṗéist san g-caoi ċeudna ag an n-geata,
ars an Mac-riġ.
In sin ċuir an seanduine air a ḋruim é
agus ṡnáṁ sé ṫair an aḃain. Ċuaiḋ an
ḃeirt go teaċ an t-seanduine agus ċaiṫ
an oiḋċe ag iṫe 's ag ól. Air maidin
lá'r na ṁáraċ ċuir an seanduine braon
uisge as ceann de na buidéil air ḟéin,
agus faoi ċeann móiméint ḃí na ḟear
óg. In sin d'innis sé do 'n Ṁac-riġ go
raḃ sé ḟéin agus a bean agus an t-in¬
ġean faoi ḋraoiḋeaċt os cionn seaċt
g-ceud bliaḋain.
"Tá mise le ḃeiṫ sa m-baile faoi
ċeann lá agus bliaḋain, aċ má ḃeiḋim
roiṁ an am sin caiṫfiḋ mé fanaċt aig
teaċ an ósda atá n-gar go ċaisleán m
aṫar go d-tagaiḋ mo ḃeirt dearḃráṫar
"Tá sé níos feárr duit fanaċt in
seo ná aig teaċ ósda," ars an seand-
uine."
D'ḟan an Mac-riġ go raḃ an ċuid ba
ṁó de'n lá as bliaḋain imṫiġṫe, in sin
ṫoisiḋ sé ag deunaḋ a ḃealaiġe a ḃaile.
Ṡiúḃal sé an ċeud lá go raḃ dorċa-
das na h-oiḋċe a teaċt; ċonnairc sé
teaċ mór air ṫaoḃ an ḃóṫair, aċ ḃí sé
in dorċadas. Ċuaiḋ an Mac-riġ agus
ḃuail sé an dorus. Ṫainic fear an tiġe
amaċ agus d' ḟiafraiḋ ḋe cad a ḃí sé
'g iarraiḋ.
"Lóisdín oiḋċe," ars an Mac-riġ.
Ḃéarfainn sin ḋuit, agus fáilte, aċ
ní'l aon t-solas againn le do ḃiaḋ do
ġleusaḋ ḋuit," arsa fear an tiġe.
"Tá solus agam ḟéin, ar an Mac-
riġ.
