In sin ċuaiḋ sé asteaċ, ṫarraing sé
amaċ an ċloiḋeaṁ agus las sé suas
iomlán an tiġe. In sin ġleus bean an
tiġe biaḋ ḋó, agus nuair a d'iṫ agus d'
ól sé a ṡáiṫ ċuaiḋ sé a ċodlaḋ.
Nuair a ḃí sé ag imṫeaċt air maid¬
in d' iarradar air in onóir Dé cloiḋ¬
eaṁ an t-soluis ḟágáil acu,
"Ó ṫárla gur iarr siḃ í in onóir Dé
ní ṫig liom siḃ eitiuġaḋ, mar ġeall mé
ḋo mo ṁáṫair nuair a ḃí sí fáġail ḃáis
naċ n-eiteoċainn aonduine a d'iarrfaḋ
éiniḋ orm in ainm Dé, dá ḃ-feudfainn
a ṫaḃairt," ars an Mac-riġ.
D'ḟág sé an ċloiḋeaṁ na ḋiaiġ, agus
ḃí ag siúḃal an lá sin go raḃ dorċadas
na h-oiḋċe teaċt air; ċonnairc sé teaċ
i g-coill agus riġne sé air. Nuair do
ḃuail sé an dorus ṫainic bean an tiġe
amaċ, agus d' ḟiafraiḋ ḋe cad a ḃí sé
'g iarraiḋ.
"Lóisdín oiḋċe, má's é do ṫoil é," ar
san Mac-riġ.
"Ḃéarfainn sin ḋuit, agus fáilte, aċ
ḃí tirmaċ mór inseo go deiġionaċ & ní'l
braon uisge ḃ-fuisgeaċt fiċe míle ḋúinn
le biaḋ do ġleusaḋ ḋuit," ars an ḃean
"Tá neart uisge agam ḟéin," ars an
Mac-riġ.
In sin ċuaiḋ sé asteaċ, ṫarraing a¬
maċ an buidéal agus níor ḟág sé soiṫ¬
eaċ sa teaċ ná'r líon sé, agus fós ḃí
an buidéal lán.
In sin ġleusadar biaḋ ḋó, agus nuair
d'iṫ & d'ól sé a ṡáiṫ ċuaiḋ sé ċodlaḋ.
Aig imṫeaċt ḋó air maidin d'iarradar
air in onóir Dé an buidéal ḟáġail acu.
Duḃairt sé leo mar duḃairt sé le daoin¬
iḃ an ċeud tiġe, agus d'ḟág sé an buid¬
éal na ḋiaiġ. Ḃí sé ag siúḃal an treas
lá gur rug dorċadas na h-oiḋċe air
agus ag feicsint tiġe eile ḋó ṫarraing
sé air agus ḃuail air an dorus. Ṫáin¬
ic bean óg amaċ agus d' iarr ḋe cad a
ḃí sé 'g iarraiḋ.
"Lóisdín oiḋċe, má's sé do ṫoil é,"
ars an Mac-riġ,
Tig liom sin a ṫaḃairt ḋuit, aċ far¬
aor, tá gort mór inseo agus ní'l aon
ġreim aráin againn duit," ars an ḃean
"Tá neart aráin agam ḟéin," ars an
Mac-riġ.
Cuaiḋ sé asteaċ, agus ṫaraing sé a
maċ an builín, agus ṫoisiḋ ḋá ḋearr¬
aḋ go raḃ bord mór líonta le píosaiḃ
aráin, agus fós ḃí an builín ċó mór 's
nuair a ṫoisiġ sé gearraḋ ḋe.
Air maidin d'iarr siad air in onóir
do Ḋia an builín ḟáġáil acu, agus d'
ḟág sé é.
Anois ḃí na trí neiṫe imṫiġṫe uaiḋ
agus é ḃ-fad ó ḃaile; ḃí sé ag siúḃal
an lá sin go d-tainic sé ċo fada le aḃ¬
ain ṁóir, agus níor ḟeud sé ḋul níos
fuide. Ċuaiḋ sé air a ġlúiniḃ agus
ġuiḋ sé air Ḋia coḃair a ċuir ċuige.
Níor ḃ-fada go ḃ-facaiḋ sé bean áluinn
a teaċt ċuige, gleusta le síoda uaine
agus duḃairt,
"Ṫainic mé le coḃair do ṫaḃairt
ḋuit, in onóir do Ḋia, is mé Gráinne
Óg (Grace O'Malley), Cad a tá tast¬
áil uait?"
"Bád le mo ṫaḃairt treasna na h-
aiḃne seo," ars an Mac-riġ.
In sin ṫarraing sí meuracán amaċ
as a póca agus ċaiṫ air an aḃain é; a¬
gus faoi ċeann móiméint riġneaḋ bád
breáġ ḋe, agus duḃairt sí leis an Mac-
riġ,
"Ḃéarfaiḋ an bád sin ṫair an aḃain
ṫú, agus nuair a raċfas tú go d-ti an
taoḃ eile beiḋ eaċ insin le do ṫaḃairt
ċo fada leis an áit ar ḟág tú do
ḋearḃraiṫre.
Ċuaiḋ sé asteaċ sa m-bád agus níor
b' ḟad go raḃ sé air an taoḃ eile de'n
aḃain. In sin ċonnairc sé eaċ ċo geal
le sneaċta. Ċuaiḋ sé air marcuiġeaċt
agus d'imṫiġ an eaċ ċo luaḋ leis an n-
gaoṫ agus níor stop sé go d-tainic sé
go d-ti an áit ar ḟág sé a ḋearḃraiṫ¬
re.
Ċuaiḋ Ceart go d-ti an teaċ ósda
agus fuair sé Art agus Neart ann
mar níor ḟág siad é ó d'ḟág Ceart
iad; agus ḃí a g-cuid airgid caiṫte ac¬
u. D'ḟiafradar de Ċeart an raḃ sé
ag Tobar Deireaḋ an Doṁain.
"Bíḋeas," arsa Ceart, "agus tá an
