(18)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 6
FEAḂRA,
1891.
CRÍOĊNUĠAḊ AN SGÉIL.
Tá go leor ráiḋte ḃus a's ṫáll i g-
caiṫeaḋ na míosa mar ġeall gur ċos¬
ain muidne sin féin anaġaiḋ masluiġ-
ṫe an ḃramaire aingiḋe atá 'nar n-
diaiḋ ó ċuireamar An Gaoḋal air bun.
Cia ṡé an fear sin ionnus go luiḋfeaḋ
sinn faoi na ċosaiḃ? Ḃí Éireannaiġe
ċo cleaċtaċ air luiḋeaṁ faoi ċosaiḃ
na nGall a's go ḃ-fuil iongnaḋ orrṫa
spracaḋ do ḃeiṫ in aon d'a d-tíreaċ-
aiḃ le é ḟéin do ċosaint; An é sin é?
Ḃeurfaidís barántas do'n ḃodaċ
seo sinn-ne do ṁasla agus ní ṫiúḃar-
faidís dúinn-ne cead smid do ráḋ! —
Buḋ ċóir dóiḃ náire do ḃeiṫ orrṫa!
Maiseaḋ, cia 'n fáṫ? Aċ, "Deun-
faiḋ sé doċar do ċúis na teangan," a
deirid. Cad fáṫ gan srian a ċur air-
sean mar sin?
Ċuir muidne ṡaoṫar na Gaoḋailge
air bun ; ḃí sé scoilteaċa in Eoḃraċ
Nuaḋ nuair a ṫainic sé ann, agus béiḋ
arís.
Tá'n méid doċair a ṫig leis a ḋeun-
aḋ deuntaḋ. Deirid gur blabaire sim-
pliḋe gan anaċain é a ḋéarfaḋ gaċ niḋ
ṫiocfaḋ 'na ċeann; naċ maiṫ a ċeill sé
boiċt a muintire féin!
Cad a deir sé timċioll cóṁráḋ a
ḋeirḃsiuir-ċleaṁna? Ní ḋeir muidne
é sin, agus ní féidir é ċeilt no ṁúċa.
Ḃí mórán le ráḋ aige 'san Macalla,
Cad fáṫ naċ d-teiḋeann sé air aġaiḋ?
Teastuiġeann leiṫsgeul uaṫa seo
naċ mian leo píġinn a ṫaḃairt do ċúis
na Gaoḋailge. 'sin é a ṫoirt
