62
AN GAOḊAL.
53
7. I have a question. 8. She has a question. 9.
He has a question on you (to put you). 10. Hast
thou a question on me? 11. There is esteem on
me, i.e., I am esteemed (by others). 12. Am I es¬
teemed? 13. I have esteem (for some one). 14.
I have esteem for you — literally — there is esteem
at me on you. 15. Have you esteem for me? 16
He has affection for you. 17. Has she affection
for you? 18. I have a dislike for you. 19. Have
you a dislike for me? 20. He has help (strength
for it, i.e., against it. 21. Has he help for it? 22.
He has no help for it. 23. Have not you help for
it? 24. He has affection for you. 25. I have aff¬
ection for you. 26. My secret (treasure), have
you affection for me ? 27. I have love for God.
28. God has love for me. 29. He is a person with
(i.e., devoted to, belonging to) God, the young
man. 30. The young man is a son to you. 31
Whether is the young man your son ? 32. It is
better with me (i.e., I consider it better ; I'd rath¬
er have) fame than gold. 33. I'd rather have sense
than gold.
The vocabulary necessary for making the trans¬
lation may be found in previous Lessons,]
EAĊTRA EOĠAIN RUAIḊ
annso síos.
From the dictation of Mr. Thomas Lannon of
Portlaw, Co. Waterford.
An Buinneán Aoraċ
(Continued.)
"Ní cailín í," ars an file, aċ ala 'n
ġrinn."
Do ḃuail sé asteaċ san ioṫalain ag¬
us ċonnairc sé bó ann.
"Is breáġ an ḃó í sin agat," ar sé.
"Ní bó air aon ċor í aċ eaċ," ars'n
file.
"Tá teine ḃreáġ ṁóna agat," ars 'n
garsún."
"Ní teine í," ars an file. "aċ glóire
ṁór"
"Is breáġ é an cat sin agat," ar sé.
"Ní cat é," ars an file, "aċ ciuineas"
Ḃí bairrile beoraċ fa ḃun an ḃalla
aige agus duḃairt sé nar ab beor a ḃí
ann aċa meiḋir. Sé "suan" a ṫug sé
mar ainm air a leabain agus nuair a
ġoir sé riġ de féin buḋ ċeart go m-bei¬
ḋeaḋ a ṫiġ na rioġaċt agus is aṁlaiḋ
a ḃí gan aṁrus.
Ṫáinig tart air an ngarsún agus d'
iarr sé deoċ as tobar fíor-uisge a ḃí
ṡíos le h-ais an tiġe. Ḋ'ól sé deoċ a¬
gus a duḃairt,
"Is breáġ an tobar uisge é so agat."
"Ní uisge é sin air aon ċuma," ars
an file, "aċ iomadaṁlaċt."
Sé leiṫid sin de léiġeann leaṁ a ḃí
acu le ruiṫ tamaill na h-oiḋċe gur ḋ'
imṫig an file do n-a leabain a's do n-a
ṡeomra féin faoi ḋeireaḋ 'nar codail
sé go trom gan meaṁair gan mearḃal
inntinne go luingir an lae ġil air a má¬
raċ.
D' ḟan an garsún 'na ṡuiḋe sgaṫaṁ
maiṫ 'n-a ḋiaiġ ċum go g-cuirfeaḋ sé
an tiġ agus an cuid triosgáin tré n-a
ċéile Air d-túis ċuir sé smeara faoi
sna brógaiḃ & d' iṫ na madraḋ iad
agus ann sin ċuir sé an leaḃar faoi 'n
m-bó agus riġne an ḃó gno glan air.
ḃuail sé an cat 'sa teine agus ċuaiḋ
an cat sa seomra faoi ṫún na leapan,
ḋóirt sé an barraile beóraċ agus, rud
níos measa ná gaċ beart dá riġne go
d-ti sin, ċoimeud sé inġean an ḟile 'na
ḟoċair le ruṫ na h-oiḋċe Níor ṫrom
suan de, ḋ'eiriġ sé go traṫaṁuil agus
ċuaiḋ sé go d-ti dorus an seomra.
"Ḃ-fuil tú at' ṡuiḋe, riġ an tiġe," ar
sé. "d'iṫ soidir socair ḃoinn, ṡalaiġ
an eaċ air eiḋig, ċuaiḋ meiḋir faoi ṫa¬
laṁ, ċuaiḋ ciuinas i m-bun an t-suain
agus an ġlóire ṁór 'na ḋeire, luiḋe mé
féin air an settle le h-ala an ġrinn
am' ḟoċair agus mar a ḃ-fuil an iom¬
arcaḋ den' iomadaṁlaċt agat tá do
riġeaċt dóiġte."
"O, a ḃiṫeaṁnaiġ," ars an file, "dá
m-beiḋeaḋ fios agam gurab é ṫusa ḃí
ann ní ḃeiḋeaḋ lá eile saoġail agat."
Ḋ'imṫiġ sé ann sin nuair d' eiriġ an
file ċum é láṁaċ agus níor stad sé go
n-deaċaiḋ sé na míltíḋe ó ḃaile. Ċuaiḋ
sé ag obair ag feirmór agus ní raiḃ
ḟios ag an feirmór cia ḃ'é óir ḃí sé
an-ċiuin ruiṫ na h-aimsire.
An tiġearna talṁan ḃí os ceann an
ḟeirmóra sin ní ṫaḃarfaḋ sé aon rud
do n-a ṫionúintiġṫiḃ a ḋeunfaḋ aon sei¬
rḃís ḋóiḃ. Ḃí cráin ag an ḃ-feirmór
agus ṫáinic sí faoi lóċ. Ḃí na fearaiḃ
lá ag iṫe a n-dínneur agus duḃairt an
