64
AN GAOḊAL.
TEIĠEAḊ DE NAOṀ TEÁLAĊ DON ÉIAIRT.
1
Tá sgeul ann noċ innistear de'n giofog do ḃíos
'San tír mar m-bíḋeann na "Puirimidiḋ'';
'S ḃí gréasta a h-éadaċ le reultaiḃ, 's a crios
Le fíoġaraiḃ, ḃí nna ṁóir-ṁíorḃuiliḋ.
2
Do ṁáir sí 'sna laeṫiḃ mar ḃí ar d-Tiġearna fá ṫóir,
Air uċd gráḋṁar a ṁáṫar gan smál;
'Nuair ṫéiṫ sé ó n-a náiṁdiḃ do'n Éigipt, faoi ṫreóir
De Naoṁ Ioseṗ, do'n tír ḋeas úd ṫáll.
3
Hug an ḃean so coluadar do draoiḋeaċd, is dóiġ,
Agus tugaḋ ḋí fios neiṫeaḋ soilléir;
Óir ċóṁarṫuiġ líagán a ċóṁnuiḋe, 's ċongḃuiġ
"Sphincs" fáire air a dorus go síor.
4
Ba ṫromḋa aonaraċ í, 's buḋ ḋeacair go deiṁin,
Dá feicsin i d-taiṫiġiḃ do 'n ḃuiḋean ;
Aċt coṁlaḃair sí re ṫaiḃsiḋ de "Pharaohs", dar liom,
No re cuairteóraiḃ ḃí fillte 'm-braitlíon.
5
Do ṫáinic ón ḃ-fásaċ lá eigin seanóir
Re máiġdean air múille air a ruaig,
Ċlaon leanḃ air a h-uċd, agus tug iad an treóir
Go díreaċ go teaċ na giopóig'.
6
Ṫaisbeán siad a ḃeiṫ iar dtaisdíolaḋ aisdir tuirsiġ
Ó n-a m-báile, ḃí fad, fad amuiġ;
Ó ṫóir tíorán, ó díḃḟeirge droiċ ríġ
Lerab caite iad le tuirse 's du(aḋ).
7
Ṫáinic an ġiofog amaċ as a coṁnuiḋe, le impiḋe
Air na h-oilirṫiḃ go nglacfuidís suan;
'Gus ṫáirg sí a leaba do'n ṁáiġdean eiglíḋe,
Ḃí 'neis aisdearuġaḋ air bealaċ, ċo buan.
8
'S ċaidriḋ sí an báb le caidreaṁ d'ḟíorġráḋ,
'S d' iarr air an seanóir fos d' ḟáġail;
"Annso," ar sí, "fáġann deóraiḋe saorṫeaċt do ġnaṫ,
'S an seaċránaċ sgíṫ ó ṫaisdíol."
9
Din a h-oiḋiḋ do ṫreór' sí ó ḋealraḋ meoḋain lae
Dá h-uaiṁ ḃí fionḟuar, teaṫneaṁail;
'S leaṫnuiġ sí fleaḋ ḋóiḃ de ṫorṫaiḃ, — 's friṫ
Stábla agus biaḋ do'n ṁúill'
10
Le fíon de ċrann-pailm, le deáġ-ṫorṫaiḃ apuiġ
Saoṫar uile an ḃealaiġ do ḃeangraiḋ;
'S do ċiúin sí le h-áṁrán, i dteangain ċoigcriġ,
Fulaing an ṗáisde ṫaisdíolaiġ.
11
'Nuair ċuir an ġiofog air seal, in a láiṁ ḃuiḋe,
Dearna an-ḃeag naoiḋeaċáin;
Oċ! b' eaglaċ é d'ḟeicsin, mar sgrud sí air ġnaoi
An ḃáib ḃí 'nna ċodlaḋ ċo ċiúin.
12
'Maiṫ do ḃreaṫnuiġ sí, 'nna aḋaiġ, gaċ cóṁarṫa 's gaċ
[clais
Do ċuaiḋ ṫar líne cineaṁain';
"Créad as ar ṫáinic siḃ" ġáir sí i n-uaṫḃás,
"Óir is diaḋa an báb 'nna ġeineaṁain".
