AN GAOḊAL.
65
13
"O'n ḃáile de Nasairet," do ḟreagair an Naoṁ,
Mar ṁáireamar í d-tír an Iudáiḋaiġ;
Ṫeiṫeamar ó ṫíorán, ḋearguiṫear a láiṁ'
Le fuil de naoiḋeaċáiniḃ do ṁarḃuiġ.
14
Duḃraḋ duinn fanaċd, go réiḋteóċaḋ aiṫne
An aingil uair eigin d' ar g-casaḋ;
Aċt go nuige sin máirimid í d-tír an ċoigcriġe,
Agus i n-Éigipt béiḋ againn ar sosaḋ."
15
"Din fanaiḋ siḃ liom," ġáir an ġiofog í sáiṁ
'S déanaiḋ de'm ḃáile ḃur áitiġiuġaḋ
Iomḋa bliaḋanta ġuiḋeas go m-béiḋeaḋ an t-ám
Go d-tiocfaḋ Súil ḃeannuiġṫe na nGeinteaḋ."
16
Do ṗóg sí a ḋá ċois, agus do ċrom sí a glúin,
Agus dá aḋraḋ a g-céadóir dob áil;
Ḃí ċo taiṫniġṫe an ṁáṫair, gur ġlac sí an run,
Leis an ngiofog do ṁarṫain, cois "Nile."
M. Ua Cearḃaill.
An ċéad lá de Ḟeaḃra, 1891.
COSAṀLAĊT.
Tá smigeaḋ breáġ glórṁar anois air an t-sruṫ,
Ag lonnraḋ faoi ṡolus na gréne a n-diú,
Ní'l smúid air an spéir, a's ní'l ceo air an t-sliaḃ,
Tá na h-éin fós ag seinnim go binn air gaċ craoḃ,
Is sgiaṁaċ gaċ fearran le bláṫaiḃ 's le feur,
Tá balaḋ na m-bláṫ sin ag líonaḋ an aeir
Tá na caoire ag méiḋleaċ go h-ísiol a's suairc,
Tá na ba a's na laoiġ fós ag géimniuġaḋ gan duairc,
'S tá cailín deas éigin ag seinim maraon
Le gaċ aon niḋ ceolṁar faoi ṫaiṫneaṁ na gréin',
Tá a guṫ caoin níos binne 'ná cáċ, óir is í
Mo ṁúirnín ġeal áluinn, is í aoiḃneas mo ċroiḋe.
Aċt gíḋ go ḃ-fuil gaċ níḋ ann, sultṁar a's breáġ,
Ag sgapaḋ air gaċ taoḃ díom aoiḃnis a's gráḋ';
Tá brón air mo ċroiḋe, óir tá Éire gan saoirse,
Faoi ċosaiḃ na Sacsanaiġ brúiġte a n-daoirse.
Seal ḃí mé ag smuaineaḋ, ṫáinic neul duḃ a líon
An speur lán de ġruaim, a's a ḋuḃaiġ an ġrian;
A seal geárr ḃí 'n lá seo ċóṁ duḃ leis an oíḋ'
Ḃí eagla uaṫḃásaċ air gach níḋ 'n a luíḋe,
Ḃí brón air an t-sruṫ, a's ḃí toit air an t-sliaḃ,
Níor ṡeinn na h-éiníniḋe a g-ceol air an g-craoḃ
Do ċrom síos na bláṫa a g-cinn gus an ḃ-feur,
Ḃí gaċ níḋ a g-ceangail an doilġís go léir,
Do líonaḋ mo ċroíḋe-se níos láine de ḃrón,
'S do meas mé go n-duḃairt gaċ níḋ beo — Oċón!
Tar éis seo do ruagaḋ na neulta ó 'n speur,
Do lonnruiġ an ġrian ġeal arís air an ḃ-feur,
Do ṡeinn na h-éiníniḋe go binn 'measg na g-crann,
Do ṫuisliġ an sruṫ beag go grinn treas an ngleann,
