(20)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 8.
BEALTAINE,
1891.
Mac Riġ Caisleán Buiḋe Ṡaṁnuiġ, ⁊
Bainríoġan Tobar Deire 'n Doṁain.
(Leanta ó 'n 5ṁaḋ uiḃir)
"Ní ḃeiḋ sé aige," arsa Neart "marḃ-
óċaiḋ muid é."
"Ní ḋeunfamuid sin," arsa Art, "aċ
cuirfimid dall air meisge é, ⁊ bainfi-
mid an buidéal uisge ḋe, agus innseoċ-
aimid do m' aṫair gur sinn féin do
ċuaiḋ go Tobar Deireaḋ an Doṁain ⁊
creidfiḋ sé sinn roiṁ Ċeart, mar tá
tuairim aige naċ ḃfuil ann aċ leaṫ a-
madán."
An sin duḃairt siad le Ceart, "Ó
ṫárla go d-tainiceamar go uile aḃaile
slán beiḋ deoċ againn i onóir na h-óc-
áide."
Ġlaoiḋ siad cárt biotáile, agus do
ċuir iaċ air Ċeart an ċuid buḋ ṁó ḋe
ól. Ní raḃ sé ḃ-fad ólta aige gur ṫuit
sé dall air meisge. In sin ḃaineadar
an buidéal uisge agus a ċuid airgid ḋe
agus ċuaiḋ aḃaile. Ṫugadar an buid-
éal uisge d'a n-aṫair, agus d' innis ḋó
go raḃadar aig Tobar Deire an Doṁ-
ain, agus go n-deaċaḋar ṫré ḃaoġail
ṁóra a troid faṫaċ agus daoineaḋ
fiaḋáin. Ċuir an Riġ braon as an m-
buidéal air a ċois tinn, ⁊ faoi ċeann
móimeint ḃí sé ċo maiṫ a's ḃí sé 'riaṁ.
"A ḃ-facaiḋ siḃ Ceart in áit air
biṫ"? ars an Riġ.
"Ní ḋeaċaiḋ sé níos fuide ná an
teaċ ósda a tá aig na cros-ḃóirṫe ó
d'ḟág sé ṫú agus tá sé ann sin anois
dall air meisge, agus gan piġinn aige,"
ars iad-san. "Ní raḃ ann ariaṁ aċt
amadán," ars an Riġ, "aċ ní ṫig linn é
ḟágḃáil ann sin a cur náire orrainn."
Ann sin ċuir sé seisear fear go d-
ti an teaċ ósda agus d' iomċaradar
Ceart aḃaile. Nuair a ṫainic sé ċuige
ḟéin ṫug an Riġ masluġaḋ mór ḋó ag-
us ní ċluinfeaḋ sé focal uaiḋe, aċ riġ-
