﻿96
AN GAOḊAL.
The following, with a large number of other
beautiful poems, we have received from Mr. Con.
O'Brien, Hartford, Conn.
MOLTA CNOCÁIN na m-BIOLAIRIĠE
Tá baile beag láiṁ la Corċaiġ
'Nn a ḃ-fuil cion is báḋ mo ċroiḋe,
Da n-goirṫear air le sgleipṫeaċt
Crocáinín aoraċ na m-biolairiġe.
Is é Pádraig do ḃronn an t-ainm
Mar deir na seanċuiḋe,
'Nuair ruaig sé an t-aṫair-niṁe
Do ḃí anns na biolairiḋiḃ.
An lá nár ṫriall an naoṁ ann —
Fear baċaill órḋa buiḋe,
D'ḟág a ḃeannaċt air ċlann ċéimaṁail
Cnocáinín naoṁṫa na m-biolairiḋe.
Is follus fáṫ mo ḃéarsaiġe
Fuair Pádraig féil a ġuiḋ,
Oir ní luaḋtar gearán air aoine
A g-cnocáinín seunṁar na m-biolairiġe
Air margaḋ no air aonaċ
Ḃreaṫnóċaḋ an fear groiḋe,
Ridire gaisgeaṁuil, gleusta,
Feirmeóir aoraċ na m-biolairiġe.
'San m-báire, no air ṁaċaire,
No a m-beárna baoġail d'a ṫír
Is é an tuis-ḟear is an taoiseaċ
Óg-laoċ treiḋṫeaċ na m-biolairiḋe.
Laḃair go gráḋṁar réiḋ leis,
Ná luaig easḃaḋ le'n t-saoi,
No is baoġalaċ briste glaosga
O óglaoċ na m-biolairiġe.
Laḃair go sulṫṁar séiṁ leis —
Ná bíoċ aon ḃreug 'san t-sliġ
Is béiḋ fear treasaṁuil le taoḃ leat
Treun ḟear treiḋṫeaċ na m-biolairiġe.
Ní dearmad na h-ainir ṗéarlaċ
Móḋaṁuil, maorgaċ, mín,
Aṁuil Ḃeanus no mar Ḋeirdre,
Stuaire caol-ċom na m-biolairiḋe.
Ní'l cor no cleas no claon-ḃeart
No smuaineaṁ feall 'na croiḋe —
Is díreaċ, dílis, dearcaċ
Cailín ṡéiṁ-ċneas na m-biolairiġe.
An deoraiḋe tuirseaċ, treiġ-lag,
Fann a n-geug ó'n t-sliġe,
Cuirfear fáilte Gaoḋalaċ riḃis
A g-cnocáinín feis'ṁuil na m-biolairiġe
Béiḋ an tine ag bagairt feasda
Sgeulta fian is sgeulta siġe —
Aċ! is aibiġ iad 'san Gaoḋailge
A g-cnocáinín léiġeanta na m-biolairiġe
Gé go ḃ-fuilim a g-caṫair neuta
Tagann duairceas mór am' ċroiḋe,
'Nuair smaoinim air na laeṫiḃ
Ċaiṫios féin 'san m-biolairiġe.
As ṗoball treasaṁuil treun mé,
Ársa treiḋṫeaċ, gaisgeaṁuil, groiḋe;
Is iad O 'gus Mac mo ġaolta
A g-cnocáinín aoraċ na m biolairiġe.
Failḃe Fionn.
[We hope the Os and the Macs, to whom the
writer naturally boasts he belongs, will not per¬
mit their ancient lineage to sink in obscurity. It
is on them particularly that “the battle calls.”
Hence, they should do all in their power not only
to preserve the evidence of their social pre-emin¬
ence but, also, to scatter it broadcast amongst the
people. The Extracts from the anti Irish Spauld¬
ing, which we hold as standing matter, contain
volumes — contain All that THE GAEL has labored
to establish — and these should have been thrown
broad cast by self-respecting Irishmen. And they
are no matter of mere sentiment either — they per¬
meate our business and material interests.
Eoḃraċ Nuaḋ,
Aibreán, 10ṁaḋ, 1891.
Do Ċeapadóir an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ḋíl
Na samplaiġ clóḋ-ḃuailte 'san n-
Gaoḋal déiġionaċ ó do ċuid scoláiriġe
gan aṁrus is sé mo ḃaraṁail go ḃ-fuil
siad uile déanta go maiṫ; agus saoil¬
im, mar an g-ceudna, go m-buḋ ċóir
duit bród ṁór do ḃeiṫ agad asda.
Feicim go ḃ-fuil siad ó ḃeagnaċ gaċ
uile ṗáirt de'n tír ṁór so, agus tais¬
beánann sé go ḃ-fuil dúil ṁór fás air
an nGaoḋal.
Is brónaċ go deiṁin cuiṁnuaġaḋ naċ
ḃ-fuil gaċ uile ċeann do ċlann ḃoċt dí¬
bearṫa na h-Éireann 'nan ar d-teanga
ṁilis féin laḃairt agus i sgríoḃ. Lé
congnaṁ Dé 's do ċongnaṁ-sa, béiḋ an
ċuid is mó aca fós 'nan é ḋeunaḋ. Le
beagán meisniġ agus foiġide ní ḃéiḋ sé
ḃ-fad nó gur féidir linn uile dul ċum
ċinn ainti go maiṫ Níor sgríoḃ mé
líne ariaṁ 'san nGaoḋailge go ṫimċioll
leiṫ-ḃliaḋain ó ṡoin, agus anois tá luṫ¬
