ḟios agam air gan ṁoill; téiġ suas go
bárr an dréimire sin," ars an Ḃainrío¬
ġan.
Ċuaiḋ Ceart suas agus anuas mar
ċat.
"Anois tá mé cinnte gur ṫusa do ḃí
aig Tobar Deireaḋ an Doṁain, & gur
tú aṫair mo ṗáisde agus páisdiḋe mo
ṁná cóiṁde."
"Is mé, go deiṁin," arsa Ceart, "aċ
tá súil agam go d-tiuḃarfaiḋ tú pár¬
dún ḋam."
"Beiḋ do ṗárdún agad má ṗósann
tú mé," ars an Ḃainríoġan.
"Pósfad, agus fáilte," arsa Neart.
Ann sin d'innis Neart do'n Riġ an
cleas do rinne na dearḃráiṫre air.
Beiḋ mo ríoġaċt agad, agus aig do
ċlann do ḋiaiġ, agus beiḋ Art & Neart
'nna searḃḟóġantaiḃ agad," ars an
Riġ.
"Beiḋ ríoġaċt níos feárr ioná iom¬
lán na h-Éireann aige," ars an Ḃain¬
ríoġan, "nuair a raċfas sé go Tobar
Deireaḋ an Doṁain."
Ann sin ṫug sí asteaċ san g-cóisde
é, agus d'imṫiġeadar go Tobar Deir¬
eaḋ an Doṁain. Ḃí fáilte ṁór aig na
mnáiḃ cóiṁde roiṁ Ċeart. D'ḟan sé
ann sin bliaḋain 's fiċe, go ḃ-fuair an
Ḃainríóġan bás. Ann sin ṫug sé clann
na mná cóiṁdeaċ aḃaile go condae na
Gailliṁe, agus d' ḟág saiḋḃreas mór
aig gaċ ceann acu. Ṗósadar mná tíre
agus is uaṫa do ṫainic Ḋá Ṫreuḃ-ḋeug
Ċondae na Gailliṁe.
Nuair a d'ḟág sé iad uile socruiġṫe
go compoirteaṁuil d'ḟill sé air ais go
Tobar Deireaḋ 'n Doṁain, agus d'ḟan
ameasg cúirt a ṁic go ḃ-fuair sé bás.
An Ċríoċ.
E. L. Blácaċ
THE BOURKE MONUMENT.
The Mayo Examiner states that the people of
Claremorris are about to erect a monument over the
grave of the lamented Canon Ulick J. Bourke, their
late saintly, learned P. P. This is a movement that
should not be confined to Claremorris. It is a move¬
ment which should extend to wherever an Irishman
has secured a foothold, for the V. Rev. Canon has
left a monument behind him which far transcends
any that can be built of stone or bronze — the living
Language of the Irish Nation!
AḂRÁN GRÁḊA.
(Leis an n-Gaḃar Donn).
Atá mo ċroiḋe mar ċroiḋe mo stóir,
Ní'l againn aċt aon smaointe 'n-diú
Is áil le m' anam fuaim a glóir
A tiúḃraḋ éisteaċt ċóir go lúṫ
Do ċluasaiḃ duine bóḋair.
'Nuair ċuireas láṁ a láiṁ mo ġráḋ',
'Nuair a ṡiúḃlas le n-a taoḃ, is mór
Mo ġáirdeaċus; "liom féin go bráṫ
"Atáir mo ṁúirnín áluinn, ċóir,
"'S táir annsa liom gaċ lá."
Mar ṁaidin ḃreáġ tar éis duḃoíḋċ';
Mar ġáire grinn tar éis mórḃróin;
Mar ṡuaiṁneas suairc tar éis garḃ-
ṡlíġe;
Mar ċeol na n-eun t'réis ullagóin
Atáir, a stóir, lem' ċroiḋe.
SEINNÉID
(Dom' ṁac, ceiṫre míosa d'aois).
(Leis an n-Gaḃar Donn.)
Fíorḃeannaċt Dé air d'anam-sa a n-diú,
'Seo í do ṁaidin-glan gan smúit air
biṫ;
Atá ioṁáiġ do Ḋé 'nois air do ċroiḋe,
Ag soillsiuġaḋ geal a d'ṡúiliḃ, & air do
ċruṫ.
Mo ṁac-sa! 'nois a m' uċt-sa fáisgṫe
dlúṫ,
A! aṫas mór! mo ṁaċ! béiḋ tú mo
ríġ,
Riaġlóċaiḋ tú mo ḃeaṫa-sa a ċoíḋ,
A's deunfad fóġnaṁ ḋuit-se, giḋ mo
ṁac-sa ṫú.
Ná tuiteaḋ ort an oíḋ', bí geal do lá,
Bí beannaċt Dé, mar lóċrann mór an
lae,
Ag sgapaḋ air do ċeann a soluis glé.
Ḃí air do ḃeaṫa biseaċ buan, a's bláṫ,
A's ḃí a críoċ níos gile fós go mór
’Ná tá a tús; gan brón, gan cráḋ,
gan deor.
For whose use did the "First Gentleman" in
England carry the Counters ? Cumming ? Eh!
