98.
AN GAOḊAL.
In addressing the following poem to his friend, Mr. J Deasy,
San Francisco, Mr. Sullivan has followed an ancient custom of the
Munster bards.
A Ḋiaruid Ui Ḋeiseaċ a ḃráṫair mo ċroíḋe,
Ca ḃ-fuil do léiġean agus d'intleaċt ġroíġe;
Ná taḃarfá-sa ḋúinne aon ċuntas gan ġó,
Air na fir do ṫroid ar son Éireann fadó.
Naċ cuiṁin leat Conn Criṫir a d-tuis ċaṫ Fionnt¬
[ráġ
'Nuair ċonnairc sé náṁaid bu ṁórṁór a ċráḋ;
Le tréineaċt a ġéige ṫuit céadta de'n t-slóiġ,
Giḋ gur ḃris sé naoi 'nuaire an t-sleaġ ḃí 'na ḋóid.
Naċ cuiṁin leat Maolseaċlain do ċaiṫ ins loċ,
An Danair Tuirgésius go n-ólfaċ sé deoċ;
Brian 'sa ṁac Moróġ le fir do ċuaiḋ leó,
Do ḋíbir na méirleiġ as Éirinn go deó.
Naċ cuiṁin leat Mac-eoċagain i gCaisleán Dúnbaoi
'Sa laoċraiḋ 'na ṫimċioll go treunṁar 'na suiḋe;
Ḃí faoi ċeann na feaḋna céad, dá-ḟiċead aon 's dá,
Ciḋ gur ṫuit leo na ceudta neaṁsaoġalta gaċ lá.
Ḃiodar cúigdeug air ḟiċid le h-aon 'sa d-trealaṁ,
Giḋ gur ṫroid sé leo gaċ ordlaċ de'n talaṁ;
Aċt ṫuiteadar a n-aoinfeaċt ins n-éirleaċ néiṁ-ḃeó,
'Gus d-ḟágadar a g-cuiṁne 'gainn ċoiḋċe mar ṫreó.
Do ċosain an Sáiréalaċ caṫair Luimníḋe,
'Gus ġárdáil mná óga go leor a geataiḋe;
Do líonadar ionad na ḃ-fear ins ġleó,
'Gus tá cuntas cruinn air a ngníoṁarṫaiḃ i g-clóḋ.
Naċ cuiṁin leat ua Doṁnaill do leag an Carún,
Síos insan uaiġ is sé do ċuaiḋ le na rún;
Buḋ ċruinn clisde fírinneaċ do ċríoċnuiġ a ġnó,
Tá an Sacsanaċ claoiḋte ní'l díḋean dó níos mó.
Naċ cuiṁin leat De Norraḋ do ṡeasaim mar ḟear,
Is sé sin a ṫreasgair a n-aonar go mear;
An bréicioċán asaile ṫainic ṫar sáil,
Ag ínnsint éiṫeiġ air Ġaeḋilge Inis Fáil.
An Ceangal.
Cuirfimis ar n-dóṫċus a Ríġ ṁór na ḃ-feart,
'Gus claoiḋfear gaċ méirleaċ na seasann le ceart;
An Té do ṡluig Ṗáró ins an ḃ-fairge ḋearg,
Saorfaḋ Sé Éire 'sa haoḋaireaċt gan fearg.
Leatsa an-ḟírinneċ,
Aṁlaoiḃ O'Súilleaḃáin.
