AN GAOḊAL.
101
Seáġan Calḃin, ḃí dúil ins a b-plesiúr,
Do ṁian sé go marḃaid sé na boiċt;
Ḃí Pliútó na ċumpánaċ céile
Le ifrionn é ṡeola 'na roṫ, —
Seo iad roṫa, ⁊c.
B'é sean Ḃili Pit an deáġ sníoṁṫóir,
Mur aon le Sean d—l Caisil Raé,
Do ġoid siad Féin-Riaġal as Éirinn,
Go Sasanaiġ ṫug'dar an ṗlaé;
Ċaiṫ Uilliam a ḃliaḋanta an ċráiḋtiġ,
A tomáint coistiġe Riġ Ṡeoirs',
Ṫug Sean Ċaisil-Raé coisléim eile
'Gus ġeárr sé a ṗíobán ó'n g-cluais.
Seo iad roṫa, ⁊c.
Maceḃlín, ḃí sé 'na ḋeáġ ṡníoṁṫóir,
Air ḃord an long-ċogaiḋ Riġ,
É féin sa ċongnaṁ ro ḋána,
Níos feárr ní raḃ riaṁ air a toinn;
B'iadsan na saiġdiúiriġ treuna,
Fa Nelson do ṫroid siad go teann,
Oċ, na Francaiġ sgaoil sé aon ṗileur,
'Gus ṫuit aig Trafalger a claoiḋeaṁ.
Seo iad roṫa, ⁊c.
Ċuaiḋ Prions Albert sníoṁ siar go É¬
irinn
Le na ṫiúrna sásta an aon t-sliġe,
Do ṡníoṁ sé'n ḃainríoġan air cuairt ann
Le na tuarasdal árduġ' sa mbliaḋain;
Caiṫfiḋ Sean Ṡeáġan arís ḋul sníoṁ,
Le milliún nios mó ċuir sa b-pot'
Ó ṫainic Prions Pádraic a láṫair,
B'é sníoṁta caṫair na Corcaiġ.
Seo iad roṫa, ⁊c.
Tá na máiġistriḋe muillion ag sníom
toriḋe cliste,
G-cuid túirniḋe sruile roiṁ an laé;
Anois tá siad deunaḋ a n-diṫċill
Loċt oibre ḟágáil gan spraé;
Ni'l suim aca in dá ṁeud do ċaill,
Ní airiġeann siad do ṗian no do ċráḋ,
'S ní ḃeirid siad tuistiún 's leiṫṗiġinn
Dá g-caiṫeá 'n ḟeoil ó do ċnáiṁ.
Seo iad roṫa, ⁊c.
'S anois tá loċt saiḋḃris an doṁain,
Cuid roṫa a daingeana níos mó,
Go bríoġṁar a cuideaṁuint le ċéile
Na boċtánaiġ a ċreaplaḋ go deó;
Oċ, má's mian leat ċoiḋ' ḋul i g-cogaḋ
Bí cinnte gus taḃair do ċloiḋeaṁ leat,
Biḋeaḋ saoirse na ḃ-focla 's d'intinn
Go h-árd sgríoḃṫa suas air do ḃrat.
Seo iad roṫa, ⁊c.
BRIĠIDÍN ḂÉASAIĠ
We have received this popular song from Mrs.
H. Cloonan, St. Louis, Mo.
Do ṗósainn Briġidín Ḃeusaiġ
Gan cóta bróg no léine,
A stór mo ċroiḋe dá ḃ-feudfaínn é
Go d-truisgfinn leat naoi tráḋa,
Air oileáinín Loċ Éireann
Gan biaḋ, gan deoċ, gan eudaċ
Aċ mé agus tú ḃeiṫ n-éinfeaċt
Go réiteoċaḋ sinn an cás.
Do ṡeinnfinn ceol air ṫeudaiḃ
Go binn air ḃárr mo ṁeuraiḃ,
Do ṫréigfinn mná na h-Éireann,
Agus leanfainn í mo ġráḋ;
Dá m-béiḋinnse riġ na Gréige
No mo ṗrionsa 'r Ṗensilḃénia,
Go dtiúḃrfainn suas an méid sin duit
A ṗeurla 'n ḃrollaiġ ḃáin.
Do ġeiṫ mo ċroiḋe le buaiḋreaḋ
Agus lónra sé naoi nuaire,
Nuair a fuair mé tuairisg
Naċ ḋam a ḃí tú i n-dán;
Agus liaċt lá faoi ṡuairceas
Do ċaiṫ mé agus tú i n-uaigneas,
Gan éinneaċ ann ar n-gaoḃar
Aċ ceolta binn' na n-eun
Dá d-téiḋṫeá go bun cruaiċe
Do ċuirfinn-se do ṫuairisg,
Do riṫfeaḋ 'n sgeul ro ċruaiḋ orm
No do leanfainn í, mo ġráḋ;
B'feárr liom suiḋeaḋ síos leat
Air ċnocán fraoiċ no luaċra
Ná ceileaḃar caoin na cuaiċe
Ḃiḋeas a laḃairt roiṁ an lá.
'S é úġdar m' usna 's m' eugċaoin
Gaċ maidin ċiúin d'a n-éiriġim,
A ċúl na lúb 'sna b-peurla,
Naċ ḋam a ḃí tú n-dán;
'S gur b'é n-iarrfainn féin go ḟéirín
Mé agus tú ḃeiṫ an aoinfeaċd
Ann áit éigin faoi 'n saoġal seo
Go leagfainn ort mo láiṁ.
Is deise, 's gile, 's breáġḋa í
see
Irish Amer.
Oct 14,
1893.
Love
Songs
of Conċ
p. 122
