102
AN GAOḊAL.
Ná scríḃinn Ḃirgil ráiḋte,
A ḋá cíċ ġeala bána
Mar an eala air an toinn;
Tá a malaiḋe caol, tarruingṫe,
Agus a súil ċo cruinn le áirne,
Do ḃíḋeas a g-coṁnuiḋe, tá's aguiḃ,
A fás air ḃárr na d-tum.
Is milse blas a póige
Na mil na m-beaċ 's í róite,
Is deas a seasaḋ i m-bróige,
Agus a cúilín fáinneaċ, fionn;
Dá m-beiḋinn-se 'gus bláṫ na h-óige
A m-Balla no a Milċonlaċ
Ní ḟágfamuis go fóġṁar é
Aċ ag ól 's ag deunaḋ grinn.
Tá a gruaiḋ air ḋaṫ na g-caorṫann,
Sí cuaiċín bárr na g-craoḃ í,
Do ġeallaṁaint gan deunaḋ bréige
Aċ ag éiriġe leis an lá;
Agus d' aiṁḋeoin dliġe na g-cléire,
Do ṫoġfainn ṫú mar ċéile,
'Sa ċroiḋe naċ láġaċ an sgeul é
Duine ḃeiṫ ag eulóġaḋ le n-a ġráḋ!
Tá mé márḃ, breoite,
Gur ċaiṫ mé leat mo ḃróga,
Go síorruiḋe deunaḋ bróin duit,
Ní codluiġim neul go 'n oiḋċe;
Is go ḃ-fuil mé i m-brón 'sa nduḃrón
O sgar tú uaim ṫar torin 'marin,
Agus is fad o tugaḋ coṁairle ḋam
Go ngiorróċaḋ sé mo ṡaoġal.
Toiseoċad ṡiar le Breaċal
Agus raċfad go Loċ Éireann,
Ó Ṡlige go Druim Céise
A ḃéarfas mé mo ṡiúḃal;
Siúḃalfaiḋ mé Mount Feleiġ,
Corcaiġ agus Binneadainn,
Ní ċoṁnóċaiḋ mé an Dunagréine
Go d-téiḋ mé go Tráiṫlia.
Ní'l cnoc no gleanntán sléiḃe
No baile-cuain in Éirin
Naċ siúḃalfaiḋ mé má's féidir liom
Agus naċ n-eolóċaiḋ mé mo ṁian;
Mur ḃ-fáġiḋ mé Briġid san réim sin,
Ní'l agam le ráḋ leiṫe
Aċ beannaċt agus céad a ċur
Le péarla 'n ḃrollaiġ ḃáin.
'Sé duḃairt Mercuriġ gur dóiġ leis
Gur b'é Plútó sciob an t-seod leis,
Is iomḋa gárdaiḋe móra
A dul eidir mé agus í;
'Sé Herculas le 'na ro neart
Ċuir Cerborus go'n ḃóṫar,
Agus a measann siḃ nár ċóir dam
Mo stór do leanaṁuint suas?
Is iomḋa pian ċráiḋte
In siúd, agus contaḃairt báiṫte,
Thunderbólts d'a g-carna
Agus d'a losgaḋ air gaċ taoḃ;
Aċ 'sé Iúpiter an máiġisdir,
Agus triallfaiḋ mé d'a láṫair,
Aċ fanfaiḋ mé go máraċ
No go leigfiḋ mé mo scíṫ.
Naċ é Plútó 'n prionnsa cluaineaḋ
Ṫug uaim mo srór 'gus m' ansaċt,
Ech agus Rodamantus,
Níor ċáirde ḋam an dís ;
Ḃulcan, bruiḋte, daiṫte,
A ḃ-fuil a leaṫ-ċois briste, breoite,
Agus Manasa náċ ḃí trócaireaċ,
Ná trusdaiḋe an gadaiḋe ċoiḋċ'.
Ní mór ḋam cana láidir,
Ní'l mé ċo mór le Carna,
Agus b'ḟéidir mé ḃeiṫ báiṫte
Nuair a ḃéarfaḋ sé orm ṡíos ;
Tá bád is maidiḋe 'ráṁa
Aige ann siad go síorruiḋe air gárda
As ní ṫaiṫniġeann dream an ṗápa leis
Is ní ġéillfiḋ sé d'a n-dliġeaṁ.
Ní'l aon caḃair dam annsna Spáiniḋe,
Mar ġeall air an m bainríoġan Máire
Do ḃeiḋeaḋ brúġaḋ agus carnaḋ
Agus leagaint Galla síos;
Aċ dá maireaċ Calḃin lá éigin,
Cranmer, Honrí, agus Mártan,
Dá sgríoḃfaidís liom cárda
Ní éileoċaiḋe orm piġinn.
Fianta fion níor ṁór dam,
Oscur agus Goll Mac Móirne,
Cúculainn agus Connlaċt gorganta
Ná'r ċlis a g-caṫ ariaṁ;
Clann Oisín, a deir go leor linn,
Do ḃainfeaḋ as cloiḋeaṁ loċran,
Hector agus Nisnese mór ċroiḋe,
Fuair fóġluim ṫar a Traoiġ.
Ċluinfeá a d-tír na hÓige
Fuaim na ḃ-fear móra,
(Concluded on page 108.)
