AN GAOḊAL
111
lonuiġ leo ó na ciantaiḃ. Is eaḋ le h-
aḋaiġ caḃaruiġṫe leo sud is mian linn
tráċt anois air an t-sliġe is fearr a¬
gus is inleanta ḋuinn ċum an ṁeid is
mo de Ġaeḋilge cur air foir ċoimead
ionus go m-beiḋeaḋ air foġnaṁ doiḃ
san air an m-ball.
Ní ṫeasduiġeann ó 'n nGaeḋilge
láiṁ-sgríoḃṫa no cloḋ-ḃuailte, agus tá
bearta ḃreaġa de gaċ cineul dioḃ so i
m-Baile-aṫa-cliaṫ i Long dun agus i n-
áitiḃ eile, aċt i ċur i n-deaġ-órduġaḋ
cum beo-ṁaireaċtan ag feiṫeaṁ air lo
a m-buaiḋfear breiṫ air leaṁ-aire ċin¬
iḋ an Oileáin so le coṁaċt glan-duṫr¬
aċtaċ tír-ġráḋa. Ní conntaḃairt don
meid sin a caill ná a truailleaḋ tre
n-a congḃáil agus a dion i locaiḃ dain¬
geana faoi ġlas is na leaḃaragáiniḃ
eagsaṁla a luaḋamar. Cuid eile, tra,
Geaḋilge i g-coṁair a cailleaṁna gaċ
ló .i. an urlaḃra maireas fós i mbeul¬
aiḃ na n-daoineaḋ d-tuaiṫe. Gan aṁ¬
ras is furus a ṁeas gu gearr an rae
atá i n-dán do so do ḃriġ gurab anaṁ
laḃartar anois í leis an dream óg buḋ
ḋual í ġnaṫuġaḋ ó ḃeiṫ ar n-a siolruġ¬
aḋ agus ar n-a coṫuġaḋ ag tuismiġ¬
ṫeoiriḋiḃ ag naċ raiḃ gnaṫ-ṫaiṫide air
aon ṫeangain eile le linn a d-tógṫa. I
g-cursaiḋe na sean-daoineaḋ féin, is é
Beurla laḃraiḋ go coitċean le n-a b-
páisdiḋiḃ giḋ go g-cleaċtar Geaḋilge
eatorra féin. Agus fós i n-áitiḃ eile
do ċíṫear an aos óg ag taḃairt freag¬
ra do na daoiniḃ aosda i m-Beurla i
n-aġaiḋ gaċ a deirṫear leo i nGaeḋilge.
Tá an donas go deiṁin ameasg daoin¬
eaḋ le n-eirġeann an saoġal; is doiġ
le n-a m-broṫal-uaḃar díomasaċ san
naċ foġnann Gaeḋilge do na beusaiḃ
Gallda ṫáinig le maill ċuca, go ndear¬
madann í no go naċ cuireann i ḃ-feiḋ¬
im í aċt aṁáin mar Ḃeurlagar foluiġ¬
ṫe runda naċ ionlaḃarta aċt an tan
ċeiltear neiṫe naċ cuiḃe a ḃ-faisnéis
i láṫair páisdíḋeaḋ. Air an áḋḃar
sin agus gaċ aḋḃar eile is mór an t-
ainiarsma ṫeagṁas ḋuinn is na laeṫiḃ
so .i. léir-ruaṫar deiḋeanaċ na ḃ-fíor-
Gaoḋal do ṫeaċt orainn, oir is ead¬
arainn, sinne agus ar sinsir, ta coir
agus cioncaċt cailleaṁna na Gaeḋilge
mar is le n-ár linn do ġeiḃṫear bearna
ḃrisfeas do ṡior coṁnuiġeaċt na Gae¬
ḋilge agus ni h-í lúb láidir ċruaiḋ snaḋ¬
maċ ḃeo-ḃriaṫaraċ le g-ceanglóċaiḋe
aoise leaċt i n-imċian leis an arsaiḋ¬
eaċt aoiḃinn ċuaiḋ ṫarrainn.
Ó's mar sin atá agus naċ fuil neart
aguinn air no cumas air a leasuġaḋ
deunam an niḋ dob' ḟearr ḟeudfam¬
aoid. Leaṫnuiġmís sinn féin air ċlár
na duṫaiġ agus cruinniġmís le saoṫar
gaċ aon rud beag no mór de Ġaeḋilge
anas gus an am so. Téiḋmís i n-dáil
na m-boċt agus na n-aindeiseóiriḋiḃ ḃ-
fial ḃ-fáilteaċ i n-uaigneaċaiḃ Éireann;
na spealadoiriḋe agus na spailpíniḋe
i b-páirciḃ agus i luḃġoirtiḃ, na n-iasg¬
airiḋe cois tráiġ agus na sean-daoin¬
eaḋ ag aittreaḃaḋ reiḋ agus sleas na
sléiḃteaḋ, agus iarramaois orra gaċ
míon-ḃlúirín dá ḃ-fuil acu de ḋántaiḃ,
de ḋreaċtaiḃ, d' eaċtraiḋiḃ, agus de
sean-ráiḋtiḃ Gaoḋalaċa agus cuirmís
iad i b-preatain an ṗeanna dá saoraḋ
go cluṫṁar air ċlaoċloḋ gan tuairisg.
Faġṫar amaċ fán am ceudna anmanna
na n-aiteann da ngaḃmaoid trioṫa ag¬
us go h-áiriġṫe anmanna páirc, boṫair¬
íniḋe, cnoc, carn, roilg, tobar, agus a
roile; i ḃ-focal, ainm gaċ aite ainmniġ¬
ṫear i nGaeḋilge. Raobṫar go fonn¬
ṁar coċal na m-breug-anmann nGallda
ḟoluiġeas gaċ fíor-ainm duṫċasaċ ċum
é do ċur i g-cuiṁne sul ṫeid i n-ainḃ-
fios. Óir is minic, gér danaoid linn é,
do h-arrṫuiġeaḋ na h-anmanna bí doi¬
ṁin-ġreamuiġṫe i n-áitiḃ ó gnaṫ-ċleaċt
na mílte bliaḋain ionus go g-ceapfuiḋe
'na n-áit goṫaiḋe gan ḟaṫ gan ċiall aċ
go raḃadar deiġ-ṁilis le cluasaiḃ na
nuaḋ-Ġall do ġaḃ sealḃ ar ḃ-fearainn
ṫall 'sa ḃus.
Iomṫusa roilg, caisleán, teampall, ⁊
a leiṫéid is móide ná feidir linn aiṫris
doḃéara a sgrudaḋ agus a leir-ċuar¬
tuġaḋ sásaṁ aigne agus tarḃa do na
daoiniḃ ċuirfeas suim ionta. Agus ní
h-iad aṁáin iad sud doġéana toirt ag¬
us teagar do luċt le h-arsaiḋeaċt aċt
gaċ feart, lios, raṫ, crois, agus uaiṁ
dá ḃ-fuil sa d-tír air ċeana. Deuntar
