112
AN GAOḊAL.
tasg na neiṫe so do ċruinniuġaḋ má
táid fós i ġ-cuiṁne luċt aittréaḃa ag¬
us cuirṫear sios a ḃ-fíor-ċuma dileas
ar m-beiṫ lí-ḋealḃṫa doiḃ, nó, rud níos
fearr, cumṫar iad na n-ioṁaiġiḃ córa
le briġ na gréine agus aiṫeonar a rioċt
ceart leis na táintiḃ.
An té do ḃeir curam don Ġaeḋilge
aṁail duḃramar ní gaḋ ḋo an duṫaiġ
ċuartuġaḋ mór-ṫimċioll; is leor sin dá
siúḃalóċaḋ a ċeanntar féin ag lean¬
ṁain dá ġno go cruinn gan bac le loc¬
aiḃ i ḃ-fad uaḋ. Saoṫruiġeaḋ gaċ fear
a láin-ḋiṫċioll ag balluġaḋ an ṁéid
Gaeḋilge ṫeagéṁas ḋo i ngar dá ċoṁ¬
angar féin, agus da ndeunfaiḋe an ob¬
air mar sin buḋ ġairid go réiḋteoċaiḋe
go socair reimseanċusa na h-Éireann
nár druid uainn fós tareis anḟorlainn
agus géirleanaṁna.
Dala sliġe gluaiseaċta is furus d'
oigḟear brioġṁar ag a ḃ-fuil airneis
imteaċta air ḋá-roiṫ suim ḃoṫair do
ċur ṫairis gan spleaċus do ḃroṫal an
lae nó gan saoṫar anáile ó ḟad a rian
a ḃeiṫ ag cur air. An dream, iomorra,
le naċ féidir carbab don ċineul sin do
ṡaoṫruġaḋ gaḃadaois ċuċa fein an caoi
b'oireaṁnaiġ da g-cumas oir is doiṁin
dearḃṫa fírinne an t-sean-raiḋ a deir
gur fearr marcuiġeaċt air gaḃar 'ná
dá ḟeaḃas coisiḋeaċt. Má tá go fuil
caḃar gluaiseaċta aige ní fuláir do na
ḋiaiġ sin ruda eagsaṁla ḃaineas le n-
a ċeard d' ḟaġail sul ḟeadfas dul air
aġaiḋ go friṫir frioċnaṁaċ. Cairt gan
dearmad peann ní fuláir go m-beiḋis
aige, maille le ilġleus ċum lí-dealḃṫa,
no gaċ rud riarfas deallraḋ na gréine
ḋeiġ-ḋeilḃ do ċumaḋ na neiṫe lorgas
má's mian leis iomaiġṫe ḋeanaṁ san
rioċt sin. Tar éis a n-duḃramar tá
níḋ eile i n-uireasḃa fós air ċruinniġ¬
ṫeoir na Gaeḋilge naċ féidir leis tar¬
ḃa a ḃeiṫ 'na ḋíṫċioll ná fuinneaṁ na
ġníoṁarṫaiḃ 'na eamais i. croiḋe laġ¬
aċ, fior-ġroiḋe, fáilteaċ air nós craiḋ¬
ṫeaḋ ar n-daoineaḋ m-boċt nGaoḋalaċ
ḃeiṫ dá ḃualaḋ i lár a ċléiḃe agus ag
sior-ċur daonaċta agus soillse na féile
go sleasaiḃ a ġnuise ġrásaiġ ṗáirtiġ.
Maile le sin do-ġeaḃṫa sé gaċ a ḃ-fuil
agus gaċ naċ fuil ag muinntir tuaiṫe
na h-Éireann agus gan é ní ḃ-fuiġḃe
mar luaċ-saoṫar aċt tuarastal a
ḋroiċ-ḃeus agus a ḋur-ṁustaraċta
Ġallda féin.
"An Buinneán Aoraċ."
COṀAIRLE ĊARAID NA h-EIRNA.
(By Rev. Father Carroll)
1
A daoiniḃ na h-Éireann,
Mar d-tiocfaiḋ na m-bliġanta,
Líonta le eagna,
Cuiṁniḋ air sgeulta,
'S eaċtra na ḃ-Fiannta,
'S glóire na ceudta,
Anallód ann Eirna.
2
A daoiniḃ na Éireann,
Tiocfaiḋ na m-bliġanta,
Líonta le eagna,
Aċt cia m-beiḋ ar sgeulta,
An Gallda, na Gaoiḋl'ge?
Caillgte, na naisún?
O guiḋim air Iosa,
Muintir mo ṫír-sa,
Biḋiġiḋ treunoir,
A daoiniḃ na Éireann.
3
Tiocfaiḋ na m-bliġanta,
Lionta le eagna,
Aċt coiṁniḋ * do ṫeanga,
A ciniḋ na ḃ-Fiannta.
Coiṁniḋ do ċleaċtaṁ,
Coiṁniḋ do sgeulta,
Ta lonraċ mar reulta,
Ann m-brollaċ na speura;
O a cuisle mo ċléiḃe,
Daoiniḃ na Éireann,
Beir air do ṫeanga,
Do ṫeanga geal glégleal!
4
A daoiniḋ na Éireann,
Tíocfaiḋ na m-bliġanta
Lionta le eagna,
Aċt beir air do ṫeanga
Geal gleġeal —
Se teanga 'n seinnim,
Se teanga 'n ceoil,
* This word is written also, coimheadh but I
have written it as I have heard it commonly used.
