(23)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 11.
OĊT-ṀÍ
1891.
Do Ṡaoṫruiġṫeoiriḃ na Gaoḋailge.
A Ċáirde. Is furas a ṫuigsint go
ḃ-fuil an t-sliġe ḋéiġionaċ atá curṫaḋ
air bun 'san nGaoḋal an moḋ is éif-
eaċtuiġe a luaṫaḋ fós le eolas coit-
ċíne do ṫaḃairt air ṫeangain na h-Éir-
eann. Tá os cionn duisín páipeur ol-
laṁuiġṫe anois le na léiġiontaiḃ ḟoil-
siuġaḋ, aċ níor ġlacamar cosdas na g-
cló-tinnteaċ uaṫa fós, agus ní ṫig linne
do ḋul faoi. Tá muidne faoi ċosdas
ṫrom go leor ċeana ag iarruiġ 'n Gao-
ḋal do ċoṫuġaḋ: Cad atá siḃse ḋeun-
aḋ? Ḃ-fuil aċ luaċ trí fiċid píġinn
suime agaiḃ i saoṫar teangain ḃur
sinsear? agus go leor agaiḃ a claṁ-
sán faoi 'n méid sin ḟéin íoc muna ḃ-
fáġaiḋ siḃ an Gaoḋal gach mí go beaċt.
A ċáirde, má's mian liḃ go raċfaḋ
saoṫar na teangan air a aġaiḋ caiṫfiḋ
siḃ oibriuġaḋ air a ṡon: tá súile ḃur
g-coṁursan d'ar leursgrúdaḋ ⁊ mu-
na g-cuirfeaḋ sinn i ḃ-feiḋm gaċ sliġe
ann ar riġṫeaċt béiḋ sinn, mar buḋ
ċóir dúinn do ḃeiṫ, 'nar m-bloc mag-
aiġiḋ ann a g-coṁair.
Cia air a ṡon a ḃ-fuil muidne a cló-
ḃualaḋ an Ġaoḋail? Soċar, an ṡeaḋ?
Is geárr go bh-foilseoċaiḋ muid cosdas
an Ġaoḋail ó cuireaḋ air bun é, mar
aon le gaċ píġinn d'a ṫeaċt-as-teaċ a
g-caṫaḋ an ama sin; cad i d'íoc gaċ
duine, ⁊ cad ná'r íoc; ann sin feicfiġ-
ear soċar agus doċar an "Lóċánaiġ"!
Mar duḃramar i d-tuiseaċ, tá sliġe
réid, ḃríoġṁar anois ann ar g-cóṁgar
le príoṁ-léiġiontaiḃ na teangan do ċur
i láiṁ gach Éireannaiġe, bean, fear ⁊
malraċ, agus muna ndeunfaḋmuid sin,
buḋ fiúḋantaiġe ḋúinn do ḃeiṫ 'nar d-
tosd i d-taoḃ ar d-tír-ġráḋaċt. Dá d-
tugṫaiḋe do ċúis na Gaoḋailge trian
d'a g-caiṫtear i d-tiġ an ósda, ní ḃeiḋ-
eaḋ baoġal go n-eugfaḋ sí, ⁊ ḃeiḋeaḋ
cineaḋ na nGaoḋal 'san áit buḋ ċóir
díoḃ a ḃeiṫ ós coṁair na g-ciniḋeaċa.
