AN GAOḊAL.
123
original as the modern construction will permit.
I think it is better, for it brings the ancient and
modern nearer and shows their similitude.
Bob' í tucaid 1 na laoiḋiḋ, iomorro:
.i. d'urail 2 Laeġaire air ċáċ, fear de
ṁuintir Ṗádraic do ṁarḃaḋ; agus go
d-taḃarfaḋ a ḃreiṫ 3 féin do 'n te do
ṁuirfeaḋ an fear, ionnas go ḃ-foill¬
seoċaḋ sé (Laeġaire) a d-taḃarfaḋ
séisean (.i. Pádraic) maiṫeaṁnas air.
(.i. air an dunṁarḃaḋ). Agus do ċual¬
aiḋ Nuaḋaḋ Dearg, mac Néill, dearḃ¬
ráṫair do Laġaire sin, agus é a n-
gialluiḋeaċt aig Laegaire; agus dúḃ¬
airt sé dá ḃ-fuaisgeolṫaoi é féin, ag¬
us go d-taḃarfaoi cúṁa 5 eile do, go
muirfeaḋ sé neaċ do ṁuintir Ṗádraic.
Agus do tugaḋ taoisíġeaċt 6 marc¬
ṡluaġ & Laeġaire do, agus do fuas¬
gluíġeaḋ é o'n n-gialluíḋeaċt, agus do
ṫug sé urrúḋas 8 uaiḋ go g-cóiṁlíon¬
faḋ sé a ġeallaṁuin. Agus do ġaiḃ a
ṡleaġ a g-céadóir 9, agus do ċuaiḋ d'
ionnsaiġiḋ na g-cléireaċ, agus do ṫeilg
an sleaġ orṫa, agus do ṁairḃ Órḋán,
ara 10 Ṗádraic. Nó deirṫear, go m-
buḋ 'nna ċarbad do ḃí an cléireaċ (.i.
Pádraic), agus Órḋán ag ceartúġaḋ 11
an ċarbaiḋ, agus go m-buḋ ċuigi buḋ-
ḋéin', old MSS.) féin (.i. ċum Ṗádraiġ ]
do cuireaḋ an t-urċur. Agus do fear¬
guíġeaḋ an cléireaċ (Pádraic), agus do
ṫóg sé suas a láṁa doċum a Ṫíġ¬
earna, agus do ḃíodar (i, a láṁa)
crosuiġṫe 12 a ḃ-figil 13 ; agus do ṫáin¬
ic crioṫnúġaḋ agus talaṁċumsgúġaḋ 14
mór anns an m-baile, agus dorċadas
air an n-gréin, agus arcra 15. Agus a
deirṫear gur fosglaíḋeaḋ dorus iṫf¬
rinn an tan sin, agus go raḃas ag iom¬
póġaḋ na Teaṁraiġ: agus baḋ annsan
am sin do claonaḋ Teaṁair. Agus d'
aṫċuing 16 a Ṫíġearna air a láṁa d'ís¬
liúġaḋ ċum breiṫ do ġaḃáil ann a ḟear
muintire, do ṁarḃaḋ, agus go ḃ-faiġ¬
eaḋ a roġa breiṫeaṁ a n-Éirinn [ċum
an breiṫeaṁnas do ṫaḃairt], agus do
ċeaduiġ 17 sé sin do ḋéanaḋ, mar a
dúḃairt Dia leis.
NOTES.
1 tucaid, n. f. cause, reason, occasion.
2 d'urail, v. desired, ordered, etc.
3 breiṫ, n. f. award, gift, etc.
4 giallaíḋeaċt, n. f. captivity.
5 cúṁa, n. m. a bribe, a reward, etc.
6 taoisíġeaċt, n. f. command, chief¬
tainry.
7 marcṡluaġ, n. m. cavalry, a caval¬
[cade.
8 urrúḋas, n. m. security, guarantee.
9 a g-céadóir, adv. immediately, inst¬
antly.
10 ara, n. m. charioteer, lackey, ser¬
vant, etc.
11 ceartúġaḋ, act. par. adjusting, etc.
12 crosuiġṫe, v. p. t. crossed.
13 figil, n. f. a prayer, vigil.
14 talaṁċumsgúḋaḋ, n. m. an earth¬
quake.
15 arcra, n m. an eclipse.
16 aṫċuing, v. to desire, request, com¬
mand.
17 ceaduiġ, v. to consent, etc.
Do ċara fíor ḃuan,
Tomás D. de Norraḋ.
THE FATE OF SKIBBEREEN,
Translated for THE GAEL
By P. A. DOUGHER.
Ceist an ṁic — Freagra 'n aṫar,
"O, aṫair ḋíl, do ċualas go minic tú a
ráḋ naċ raḃ
Aon tír mar Éire ġlas annsa doṁan
anois le fáġail —
Naċ raḃ aon áit 'sa g-cruinne níos fol¬
láine ná níos feárr —
Cia 'n caṫuġaḋ ḃí ort a fágáil? 'nois
innis dom cia 'n fáṫ?"
"'Sa ṁic a stóir le cion 's bróid i ċaiṫ
mé tús mo ṡaoiġil,
Tre na dúin 'sna gleannta pléisiúr na
loiċ an cnuic 'sna sliaḃ';
G-coṁnuiḋe 'measg mo ḋaoineaḋ féin
's cóṁursana gráḋaċ,
Leis an t-seamróig air mo haṫa 's mo
ḋroiġean in mo láiṁ.
Aċ d'arṫuiġ an saoġal ó ṡoin, mo ḃrón,
fuair mo ḃa 's mo ċaoire bás,
Ṫainic aicíd air na prátuiḋe a's níor
ḟéidir leoṫa fás;
