AN GAOḊAL.
124
Ḃí an cíos 's tacaiḋe teaċt orm s 'níos
ḃ'féidir dom iad íoc,
'S so 'n fáṫ, a stór mo ċroiḋe, d'ḟág
mé Sciberín.
'S maiṫ a ċuiṁniġim air an t-am, an
ḃliaḋain ḋá-scór 's oċt,
D'éiriġ mé moċ leis na buaċailliḃ le
troid anaġaiḋ 'n reaċd',
Do scap an arm cuaċta sinn le ordúġ'
ó'n m-bainríoġain,
'S seo é áḋḃar eile d'ḟág mé Sciberín.
O, 's tá cuiṁne ṁaiṫ, a's béiḋ go deo
air an lá sin fliuċ 's fuar,
Nuair ṫainic an tiġearna malluiġṫe
orrainn 's na peelers le 'na ċúl;
Ḃris siad síos na doirse 's ḋóiṫ siad
suas na tiġṫ';
D'ḟágaid an sean 'san t-óg a silt na n¬
deor ṫart timċioll Sciberín.
Do ṁáṫair, beannaċt léi, ḃí sí tinn le
fiaḃrus árd,
Ṫóig siad as an leabuiġ í 'gus ċaiṫ
siad í ar an t-sráid.
Ṫuit sí síos le scanraḋ 's níor éiriġ
arís a ċoiḋe',
'S lá 'r ṁáraiġ cuireaḋ í a g-cill ġlas
Sciberín'.
Ḃí tusa annsin timċioll bliaḋan goleiṫ
's ba lag an malraċ ṫú,
Ḃí leisg orm d' ḟáġailt le faitċíos go
g-caillfiḋe ṫú;
Do ċas mé tú ann mo ċóta-mór air
ṫimcioll an ṁeaḋon-oidċ',
'S as go bráċ gan filleaḋ air ais go'n
t-sean log, Sciberín.
O aṫair, aṫair ḋólásaċ, feicfiḋ tusa
arís an lá
'Nuair béiḋ do ṫír go cinnte saor ó 'n
Sasanaċ go bráṫ;
Béiḋ mise leis na buaċailliḃ, le cong¬
naṁ Riġ na naoṁ.
'Gus ġuiḋim air Ḋia le sásaṁ do ṫaḃ¬
airt go Sciberín."
The greatest fraud of the present age is the pat¬
ent medicine man and he has so duped the public
that he can flood the country with advertisements.
The latter, however, are useful now and again, and
are all of his nostrums which the public should use.
Kansas City, Mo. Sept. 25. 1891.
Editor of the Gaodhal.
Dear Sir :—
I send you the following from the Welsh, if you
deem it worth a place in THE GAEL. The origin¬
al was written for the Eisteddfod by Owen Evans,
a Welshman of Utica, N.Y., and translated by Mi¬
chael Kilroy, a native of Dunmore, county Galway
Ireland, at present in this city.
The style of poetry, prose, and chorus are
closely followed; but there are a few expressions
omitted which seemed to be intended to ridicule
the Irishman. O therwise I think it is a good trans¬
lation.
Yours truly,
P. McENIRY.
[One thing is certain — that the Irish is in good
hands in Kansas City, and that the piece does cre¬
dit to the translator in matter and in humor, — Ed]
AN TOBAR A ḂÁIN PÁDRAIC.
Ḃí fear tiġe 'na ċoṁnuiḋe
Air an m-baile a m' ḟoċair,
Riġn' réiḋteaċ le h-Éireannaċ,
A ḃáinfeaḋ ḋo tobar;
So an conra ḃí eadarrṫa,
'S é sgríoḃta air ṗáipeur,
É ḃáint go d-ti uisge
'S ġeoḃaḋ fiċe doilleur.
Cáint — Seaḋ, agus an uair a ḃí an
conra sgríoḃta acu, ċuir Pádraic a
ċoip féin de ann a ṗóca, & ġluais air
go d-ti a ċoṁsglaḃaḋ ċum go g-congnó¬
ċaḋ sé leis ḋá ḃáint, mar ar sé
Curfa —
Ġeoḃam fiċe doilleur, fiċe doilleur
As é ḃáint go d-ti uisge, ġeoḃam fiċe
doilleur.
Anns an seaḋ do ġluaiseadar
Ag oibriúġaḋ go dian,
Go raiḃ cloig air a meuraiḃ
Ċuir pionúr orrṫa 's pian;
Ḃíḋeaḋar salaċ ó n g-cré,
Tuirseaċ, curṫa, agus tinn,
Mar d' oibriġdear riṫ a lae
Go raiḃ sé fiċe troiġ doṁain.
Cáint — Seaḋ, agus giḋeaḋ go raiḃ
Pádraic curṫa, tuirseaċ ó'n lá cruaiḋ
oibre, do ḃí sé an a ṡuiḋeaḋ go moċ
air ṁaidin amáraċ, aċ, faraor, nuair
a ṫangaḋ sé go d-ti an d-tobar is aṁ¬
la ḃí sé ṫ'réis tuitim asteaċ roiṁis.
"Oċ! oċón!" ar sé, "naċ orm a tá an
mí-áḋ a d-taoḃ baint leis an dtobar
