(24)
8Ṁaḋ Rol. Uiṁ. 12.
DEIĊ-ṀÍ,
1891.
AN SAṀRAḊ.
Is ionṁuin liom ann saṁraḋ nuair atá
An ġrian ag taitneaṁ air an muir gaċ lá,
Ag daṁsa súgaċ air na tonntaiḃ móra,
'G aiṫ-ġealraḋ grinn do'n spéir a smiġṫeaḋ órḋa.
Nuair tá an feur ag fás air gaċ aon taoiḃ,
Na duillíḋe glasa ag lonnraḋ air gaċ craoiḃ;
Na sruṫanna ag tuisleaḋ ṫar na cloċaiḃ beaga,
Nó 'g léimniuġaḋ in a n-uaḃar ó ḃárr na creige.
Nuair tá an ġaoṫ ag séideaḋ ciúin um nóin
Ameasg na g-crann ag monḃar tromoċóin;
Nuair tá na h-éin ag seinim ceoil le ċéile
Ag molaḋ Dé, A ṁaiṫeasa, A ḟéile.
Nuair tá an t-aer am' ṫimċioll teiṫ a's suairc;
An speur ag soillsiuġaḋ os mo ċeann gan duairc;
Na páistiḋe beaga ag imirt air na máġaiḃ
No ins a sruṫ ag snáṁ faoi speurṫaiḃ breáġa.
Nuair tá na bláṫa áilne air gaċ gas
Ag meuduġḋ glóire 'n t-saṁraiḋ. A! is deas
An raḋarc, 'sis suairc na fuama binn' a ċluinim,
Na sruṫanna ag riṫ, na h-éin ag seinim
Leis an nGaḃar Donn.
