136
AN GAOḊAL.
PLANÉID ṀAIĠEÓ
'Nois a teaċt an Earaiġ ó ṫárla an lá ag síneaḋ,
'Sa teaċt na Féile Bríġide 'seaḋ ṫóigfead mo ṡeól,
'S ó ċuir mé 'mo ċeann é ní stadfaiḋ mé ċoiḋċe
No go seasfaiḋ mé ṡíos i lár ċondae Ṁaiġeó;
I g-Clár Ċlainn ṀicMuiris seaḋ ḃeiḋeas mé 'n ċeud oiḋċe,
'Sa m-Balla taoḃ ṡíos de seaḋ ṫois'ós mé 'g ól;
Go Coillte-maġ raċad go ndeunad cuairt ṁíosa,
I ḃ-foisgeaċt ḋá ṁíle go Beul-an-áṫ-ṁóir.
Tá 's aig an saoġal go n-éiriġeann mo ċroiḋe
Mar siolaḋ de 'n ġaoiṫ, no mar scapans an ceo,
Trá smuainim air Ċeara no air Ġealan taoḃ ṡíos de,
Air sceaċaċaiḃ Ṁíle no air Ṗlánéid Ṁaiġeó.
Cilliadáin an baile ag a ḃ-fásann gaċ niḋ ann
Tig smeuraḋ, súḃcraoḃ ann 's measa air gach taoḃ;
'Sdá m-béiḋinn-se 'mo ṡeasaḋ i gceart-lár mo ḋaoineaḋ
D'imṫeoċ' an aois díom a's ḃéiḋinn arís óg.
Tá coirce agus cruinṫeaċt, fás órna agus lín ann,
Tá seagal i g-craoiḃ ann, arán plúir agus beóir;
Tá loċt uisge-beaṫa gan lisens a díol ann,
Agus mór-uaisle na tíre ag iṫe 's ag ól.
Tá cur agus treaḃaḋ ann 's leasuġ' gan aoileaċ;
'S iomḋa sórt niḋ ann ná'r ṫraċt mé air fós ;
Tá áiṫte 'gus muillte ag obair gan sgíṫ ann,
Ní'l traċt air ṗiġinn cís ann no 'r niḋ 'r biṫ d'a ṡórt.
Tá 'n t-uisge 's tá 'n loċ ann 'sna h-aiḃneaċa líonta,
Na carraċaḋ deuntaḋ 's na ċoċail ag gaḃail;
Tá 'n liús 's an breaċ 's na h-easconna ag léimneaḋ,
An portán 's an fiġeaċán, an rannaċ 's an rón;
Tá 'n briodán 's an béalaċ 'na g-coṁnuiḋe ó oiḋċe ann,
Na liaḋḃóga ag triall ann ó 'n ḟairge ṁóir;
Tá turbait a's lobstair a's plucáin ann ṫríoḃṫa,
'S tá cnádáin a's éisg ann ċo farsaing lé móin.
Tá gaċ h-uile ṡórt maide d'a féidir a ċur síos ann,
Sycamore, beech, coll, giúḃsaċ 's fuinnseóg;
Box agus cuileann, mulbearṫa 'san caorṫann,
'San dair ġlas d'a ndeuntar bád, long, is crann-seoil.
Tá logwood, mahogany, is gaċ áḋmud d'a ḋaoir' ann,
'San tearwood d'a ḋeuntar gaċ h-uile ġleus ceoil;
Tá 'n tolltóir 'san sgeaċ d'a ngearraḋ 's d'a snaomaḋ,
'S tá 'n t-slat ann d'a ndeuntar cliaḃ, cis agus lód.
Tá 'n ċuaċ 'san smólaċ a freagairt a ċéile,
An londuḃ 'san ċéirseaċ air gur os a g-cóṁair;
Tá 'n creaḃar 'san linet 'san goldfinch i g-cage ann,
Na naosgraċaḋ léimneaḋ, 'san ḟuiseóg ó 'n móin.
Tá 'n t-iolar as Acuill 'san fiaċduḃ ó 'n g-Céis ann,
An seaḃaċ as Loċ Eirne, 'san ala ó 'n Róiṁ,
'S dá m-beiġṫeá i g-Cilliadáin le h-éiriġ na gréine
See Vol. IV — page 432
air — Petrie's A.I.M.
No. 304.
