138
AN GAOḊAL.
Uirre, baḋ ġlinne ná 'n gloine air a bruin buacaiġ,
Gur ġineaḋ air gineaṁuin a deiseaċt 'san tír uaċtair.
A liḃe na liḃios, ḋam, a druidim na cruinn tuaraim.
Am ċime ag an g-cime, no gur ṡnaiḋmiġ go fíor cruaiġ mé,
Iar ġoirm Ṁic Ṁuire ḋam furtaċt, gur ḃíog uaimse,
'Nuair d-imṫiġ mo ḃruingioll 'na luisne go Bruíġin Luaċra.
Anns an, riṫios am riṫiḃ go riṫim go cruinn luaimneaċ,
Trí imiolaiḃ curaċ, trí ṁongaċ, 's trí ṡlim ruaṫaiḃ,
'Nuair ṫuiteas de 'n tinneaḃróg 'seaḋ ṫuigeas cad í an t-
slíġe ḃuaiḋir mé,
Go h-ionad na n-ionad do cumaḋ le draoiḋeaċt, ruaigṫe.
Anns an, cromaid air sgige go sgigeaṁuil buiḋean, ġrugaċ,
Firionn de ḃruinġiollaiḃ siosganta, dlaoiṫ ċuacaċ',
Ann imiolaiḃ gimiol, mé, cuirid gan puinn suaiṁnis,
S mo ḃruingioll air ḃruinge aig an m-brangaire fíor stua¬
[caċ.
D'ínnseasa d'ise, de 'n ḟriotal dob' ḟíor, uaimse,
Ná'r cuiḃe ḋi snaiḋme le slibire slím, gruagaċ,
San duine dob' ḟinne de ṡlioċt ċine Scuit trí h-uaire,
Ag feiṫeaṁ le h-ise ḃeiṫ aige mar ċaoin nuaċar.
Air ċluineaḋ mo ġuṫaḋ, goileann go fíor uaiṁreaċ,
Ag sile de 'n uisge le liḃios a gríos ġruaġnaiḃ :—
Cuireann liom duine dam' ċuimirc ó 'n m-bruíġin uaiṫe;
A sí gile na gile, do ċonarcra air slíġe an uaignis.
Mo ṫreaġaid, mo ṫubaist, mo ṫoruinn, mo ḃrón, mo ċlaoiḋ',
Mo ṫreillseaċ muiringeaċ, milis, glan, beoltais bínn,
Aig aḋarcaċ tubaisteaċ, misgiosaċ, crón, cas, buíḋe,
'S gan léiġios 'nna goire go d-tigid na leoġain ṫar tuinn.
Go h-úṁal do ṡeirḃíseaċ,
Tomás D. de Norraḋ.
P. S. It may be noticed that in old times the word
bruingioll was almost always used for brinneall.
Yours,
— T. D. Norris.
America.
Mo ṫír is ḋíot-sa é —
Áit toġṫa na saoirse,
Is ḋíot mo aṁrán é;
'Ṫír mar d'éug mo aiṫreaċa.
'Ṫír bród na n-oiliṫreáḋ,
Ó ṫaoiḃ gaċ sléiḃ' is máġ
Fuamnaḋ saoirse.
Earcaḋ ceól an ġaoṫ,
Aig fuamnaḋ go h-árd is gle,
Aṁrán na saoirse;
Dúsgaiḋ' teangṫa i suan,
Cuir' na beo a ḃ-fuaim,
Leaṫaiḋ' na dúile araon
Cúis na saoirse.
A Ḋé ar n-aiṫreaċ imiṫiġṫe —
Uġdar na saoirse,
Is Cuġat mo órṫa é;
Go m-buḋ go buan beannuiġṫe
Ar ḃ-fearann le saoirse;
Coimirc sinn le do ḃríġ
A Ḋe ṁóir ar Ríġ.
The above is a version of the patriotic song AMER¬
ICA, which was sung by all clergy and laity who
were present at the celebration of the one hun¬
dredth anniversary of the foundation of St. Mary's
Seminary Baltimore lately. They were about 1500.
M, CARROLL.
