'S na beiċ ag seinim ceoil go h-ísiol, sáiṁ.
Ní ḃaineann liom-sa cúram, pian nó cráḋ
Seal ins an áit seo táim am' aonar soilḃir,
Fós ans an áit seo ní'l mé dúr nó doilḃir
Óir in mo ċroíḋe tá aṫas fíor gaċ trá.
Feuċ! ag mo ċosaiḃ tá an sruṫ ag riṫ;
Éisd! os mo ċeann tá éiníniḋe ag seinim;
A's mise air mo ġráḋ bán óg-sa smaoinim,
Ní h-áil liom ísi ḋíbirt as mo ċroíḋe.
Seinneoċaiḋ mé a molaḋ óir is dual dí é
Ní'l croíḋe le fáġail faoi 'n ngréin ġeal úd is glaine;
Ní'l gnúis ameasg na m-ban faoi neaṁ is báine
'Ná gnúis a's croíḋe mo stóirín áilne glé.
A ṡruiṫ ! a euna seinniḋ molaḋ suairc
Mo ġráḋa áilne óir ní ṫig lem' ġúṫ-sa
Ċo suairc do ṡeinim, ó a ṡruiṫ le tú-sa
Nó liḃ a euna óir atáim-se duairc;
A's éistfiḋ mé liḃ seal atáim am' luiḋe
Faoi sgáil na g-crann, le h-ais na sruṫa caoine,
Le gáire geal am' ċroiḋe — seo meud mo ṁaoine —
Mo bean, mo ṁac, na h-éin, 's an sruṫ ag riṫ.
Leis an nGaḃar Donn.
* múinte, a necklace.
The following song was written in Philadelphia from the dictation of Miss
Catherine Kerrane, a native of Glennamaddy, Co. Galway. — J J Lyons
A' CASAIDEAĊ BÁN
Ḃí bean uasal go h-óg d'a luaḋ liom,
Aċt ċuir mé suas diṫ, ceud faraor geur !
'S gur ṗós mé stuaiḋ-ḃean na malaiḋe gruama
A rinne gual duḃ ṫré lár mo ċléiḃ';
Dá ḃ-fáġainn-se an ceann sin air ursa 'n teampuill
Ḃeiḋinn seal gan aṁras air mo ċoṁairle féin,
Aċt anois táim caillte 's ḋeaṁan gar i caint orm,
'S beiḋ mo ċlann ḃoċt i gul mo ḋiaġ.
Saoilim-se naċ ḃ-fuil peaca air biṫ níos mó
Ná cailín óg deas a chur ó ċriḋ,
Geallṁuint pósta a ḃeurfaḋ buaċaill óg diṫ
'S naċ n-deunfaḋ a ċóiṁlíanaḋ go deo ná ċoiḋċ';
Aċt a ḋaoine óga má ġlacfann siḃ mo ċoṁairle,
'S ní ḃeiḋ siḃ beo aċt seal geárr gan ḃriġ,
G'us aifreann na doṁnaiġ gur ċaill mé leo,
A's air ḋeis na glóire ní raċfad ċoiḋċe.
A's a' ḋeaṁan baile maragaiḋe no sráid aonaiġ
As seo síos go d-tiġ Beul-an-áṫa,
Naċ ḃ-fuiġinn-se maiġdean óg le breugaḋ
Aċt mé ḃeiṫ deunta amo ċeannuiḋe snáḋ;
— air — Petrie's
A.I.M.
No 1269.
