AN GAOḊAL.
145
Mar naċ raiḃ ar d-tréiḋriḋe i teaċt le ċéile
Beiḋmid i seunaḋ na n-diúltaċán,
'S nuair naċ ḃ-fuinninn-se an ċúis a réiḋteaċ
Beiḋid dá b-pleusgaḋ le maidiḋe coll.
'S a' ḋeaṁan cailín óg deas a ġluaisfeaḋ a' ród liom
Nár ḋeas é a lóistín a tiġeaċt na h-oiḋċe,
Flúit agus aragáin i seinim ceoil
A ṫóigfeaḋ a' brón 'gus a tuirse diṫ;
Ḃeiḋeaḋ buidéal beoraċ líonta air bord ann
'Gus bean an ósda a ḃeiṫ i taraint diġ.
Aċt seal a ḃeiṫ aig ól le gaċ maiġdean óg deas,
'S a ḃeiṫ d'a b-pógaḋ buḋ é mo ṁian.
Dá m-beiḋeaḋ gunna agam-sa, grán agus púdar,
Marḃóċainn cúpla laċa air móin;
Dá mbeiḋeaḋ sin agam 's mo ṡlat naċ lúpfaḋ
Buḋ ṁaiṫ é mo ċúṁnaḋ le n-a d-taḃairt ann braoiġ,
Leagfainn gúnaiḋe ar ṁráiḃ na n-úplaiḋe
'S ní dise ná mar ḋúnfainn buclaiḋe i m-bróig;
Ċóireoġainn maiġdean air ḟeaḃas na cúige,
'S ḋéanfainn humour air a' g-cailín óg.
see Gaelic
Journal
Vol. III. p.4.
Vol. XIV.
No 174.
CAILÍN DONN DEAS.
(This is the song to which Messrs. O'Brien and Loyd refer.)
Ceol ġaḃṫar i g-contae Ardṁaċa.
A ċailín duinn deis, druid análl liom,
Cuir 'sa ċuntaḃairt, agus ṫaḃair daṁ póg;
Is leat do ṡiuḃ'lfainn cnoc a's gleanntán,
'S go Baile-an-teampoill dá m-béiḋeaḋ sé roṁainn;
Tá mo ṁuintir ag áiriḋ liomsa,
'S is cuma liomsa sin, a ṁíle stór;
Ní'l aon lá margaiḋ ḋ'a m-béiḋ ar an ḃaile seo
Naċ mbéiḋ cúl samainneaċ 'gus mise 'g ól.
Ceaṫar agus fiċe acú ḃí 'n-urraiḋ 'ngráḋ liom,
Ag siuḃal na sráide 's ċor ċuir mé suim,
Go ḃ-facas ċugam í an faoileán áluinn,
A's amaċ ṫríd an ḃ-fáinne go raċaḋ a com;
Ḃí culaiḋ ġeal uirrṫí de 'n t-síoda ab' áille,
Agus mil go ḃ-fáisgfiḋe as gruaig a cinn,
A's d' iarr mé 'n-urraiḋ ar a ḋá ṡeanaṫair í,
'S gan coṁairle a máṫair ċa d-tig sí liom.
Is buaċaill boċt folaṁ mé, deaṁan piġinn le n'ól agam;
Agus ċuaiḋ droċ-ainm orm amaċ 'sa tír;
Do ré braon leanna ġeiḃim ar trost ná ar cáirde
I n-aon ṫiġ taḃairne d'a ḃ-fuil 'sa tír;
Tá giní aṁáin agam, glóir do 'n áirde!
Sin ar ṡolaṫair mé ariaṁ le bliaḋain,
Neiṁċead do mo ċáirdiḃ, no a ḃ-fuil siad 'ga ráḋ liom
Ólfaiḋ mé a sláinte, cúl deas na g-ciaḃ.
ulig i g-corraiḋ, anger
Árd-riġ ?
air Petrie's A.I.M.
No 816.
see page above
120
