The following old song was written in Philadelphia from the recitation
of Mr. Con. McNeilis, a native of Inniskeel, Co. Donegal, — J. J. Lyons.
AIG IONNSAIḊE ḂEINN-EUDAIN.
Sé mo nuaḋ-ġeur gan mé 'gus rún-searc mo ċléiḃ
Aig ionnsaiḋe Ḃeinn-eudain maidin ḃog, ḃreáġ,
'S gan duine air a' t-saoġal a ċluinfeaḋ a' sgeul,
Nár ṫruaġ leis mac Gaoḋail a ḃeiṫ i n-aicme mar táim;
Ní iarfainn ḟéin spré léiṫ, araḋ no eideaḋ,
Ba, capaill no caoiriḋe, ’s naċ doiliġ a ráḋ,
Aċt binneas a béilín, a h-urrla 's a h-eudain,
Sé a cúl cailce, craoḃaċ a ċuir mise ann báis.
Is lúbaċ, baċlaċ, cluanaċ, cocánaċ,
Craoḃaċ, clannógaċ, fada, raiġin, trom
Air a' ṗáisdín ṁuirialta, ṁúinte, ṁacánta,
Ṁorḋa, ġlan, ṁúsgailte, ḃán, ġeal, ġrinn;
A ḋá dlaoiġ dealraiḋṫe, fáisgṫe, treileanta
Is soillsiġe, solasda i n-iomal a cinn,
'S tá osna gan soċar a deunaḋ mo ḋoċair
A' trá smaoinim air ḟoclaiḃ a béilín binn.
'S air mo ṡiuḃal 'sa lá ní leur doṁ a' ród
Ó d' ísliġ an ceo 'gus d' árduiġ an ġaoṫ,
'S nuair nár ḃuḋ eol uaim sgéiṁ na h-óige ḟáġail
Ṁeudaiġ an brón suas fríd mo ċroiḋe,
Mar ḃ-ḟáġainn aċt póg ó n-a béilín ro-ḋeas
A' deaġ-ḃean ṁoḋṁar a b' áille gnaoiḋ,
'S naċ brúiġte, breoiġte, cráiġte, leonta
D' easḃuiġ treoir a táim dá diḋ.
'S tá folt ramar, trilseaċ, cuaċaċ, cuimseaċ,
Trom, tiuḃ, triopallaċ síos go bróig,
Air a' ċorpán ṁin ṁuiriúl, a' ċúirtín ċaoín-ġeal
Sé mo nuaḋ gan mé 'caint le n-a beul gan ḃród;
Tá mo ḃás go cinnte mar ḃ-fáiġ m' inntinn
Sásuġaḋ cainte ó 'n ṁaiġdean óg,
Fáilte ġrinn fríd lár a cinn
Sí an ċuaċ air a' ċoill í, i lár a' ċeo.
'Sé mo nuaḋ gan mé 'gus í ar an oileán
Mar i n-dúil 's go d-tiocfaḋ ċugainn a' t-iasg,
'S mar ṫuitfeaḋ a' drúċt air ḃarraiḃ crann uḃall
Go ḃ-fáiltear dúinn-ne an pobal a triall;
Do ċorp mar a' cóṁṫra a's glaise do ṡúl
Ṫug mac Riġ na n-dúil duit air fad a' ċiall,
'S sé do ġáire ciuin a fuair a' ċliú
A's is tusa an ċrod ḃuiḋe a d' aipiġ an ġrian.
Sí bláṫ na g-craoḃ í a d'ḟás ó 'n ḟíor-ċeart
A' ṁaiġdean aoiḃinn is caoine glór,
Na maluiġeaċa caola a ṁeallfaḋ a' saoġal
'S ní mór mar ċlaon sí ariaṁ go fóill;
'S má 's a díoḃáil caoi ne éug mo ḋaoine
