166
AN GAOḊAL.
DR CAHILL'S SERMON ON
LÁ AN ḂREIṪEAṀNAIS,
Translated by P. J. Crean,
(Continued from page 5. vol. 8.)
Mar sin, seasfad anaġaiḋ ar n-dol
go flaiṫeas le meud cuṁaċd mo ḋiaċ¬
ta. Ní féidir, mar sin, ar saḃáil
Ḃeiḋeaḋ sé an aġaiḋ na fírinne ar d-
tógḃáil as ifrionn, aṁáin mar n-deun¬
fainn ifrionn & flaiṫeas do'n aiḃéis
aon uair aṁáin." Na h-anamna — "Naċ
n-iocfaiḋ aoisiḃ do ṗiantaiḃ ifrinn cuir
ar b-peacaiḋe anaġaiḋ Dé"?
Criost — "Tá fios agaiḃ naċ féidir
le teine an duḃáilce aṫruġaḋ iona suḃ¬
áilce, ná aṁgar Dé; mar sin, ní féidir
le teine gníoṁ na b-peacaḋ-marḃṫa a
ḋóṫa amaċ.
Na h-anamna — "Ní'l aon ṁuinín ag¬
ainn mar sin"?
Críost — "Ní'l, is ní féidir."
Na h-anamna — "Tá, mar sin, an if¬
rionn, trí stáid neiṁ-críoċnuiġṫe, mar
síorruiḋeaċt aṁgar Dé, síorruiḋeaċt
teine ifrinn & síorruiḋeaċt pianúis.
Cad a riġne muidne ṫríḋ go d-tiolla¬
muid tobaiste ṁéid seo, créatúir ḃoċ¬
ta mar atá muid"?
Criost — "Do riġne siḃ an ċuir is mó
a ċonnairc am ná an t-síorruiḋeaċt
ariaṁ — d fliuċ siḃ ḃur láṁa a ḃ-fuil
Slánuiġṫeora an doṁain. Ḃí siḃ 'nar
b-páirtiḋe i m bás Ċríost, mac Dé."
Na hanamna, — "Cia ċaoi sin"?
Críost. — "Dá marḃóċaḋ fear fear
eile, na míle fear a ḃeiṫ a cuideaċan
a ċuir cum báis, ḃeiṫ gaċ aon ḟear acu
cionntaċ; tá siad go h-uile cionntaċ;
mar sin an té a ḋeunfas peacaḋ mar¬
ḃaṫa go toileaṁuil, tá sé cionntaċ i
m-bás Ċríost. Tá siḃ, mar sin, 'nar
b-páirtiḋe i m bás Ċríost: saluiġṫe in
a ċuid fola; cuir ċo mór as naċ féidir
le teine ifrinn a ḋoṫaḋ amaċ a ċoiḋ.'
Na h-anmana, — "Naċ ḃ-fuil aon aṫ¬
ruġaḋ in ifrionn"?
Críost — Ní ḃ-fuil; tá riġeaċt ifrinn
ċo ḃuan-seasṁaċ le riġeaċt na ḃ-flaiṫ¬
is, — atá acu atá curuiġṫe air bun air
ḃriġ mo ċuṁaċt & mo ṫrócaire, in áit
eile air mo ċuṁaċt & m'aṁgar, & tá
mé ċo mór mo Ḋia a smaċdaḋ dúbail¬
ce & atá mé a taḃairt sásaḋ do'n t-
suḃáilce Ní ṫigeann siḃ an Trínóid
Ní rin iona ni cruṫuiġ muid sinn féin.
Is muid briṫ beaṫa gaċ níḋ; tús gaċ
nádúir, a gráḋaḋ, suḃáilce, buan-seas¬
ṁaċ, & a fuaṫaḋ an duḃáilce. Is muid
tús gaċ beaṫa. Ní'l sé n-dán dúinn
bás a ḟáġail. Ní ṫigeann tú sinn. Gaċ
h-uile ṗeacaḋ marḃṫa a ḋeunfair gan
sásaḋ no aiṫriġe a ṫaḃairt ann, beiḋ
sé socroiġe iona ṁailis a ċoiḋċe. Doṫ¬
faiḋ sé go bráṫ mar ḃeiṫ loċ do suġ
giuṁaise, & beiḋ go bráṫ gan múċaḋ
Tá, mar an gceudna, aon ġníoṁ aṁáin
suḃáilce go buan-seasṁaċ a ġlóir síor¬
ruiḋe le tollumnaiḃ torċaṫaoir Dé, &
mar sin, mairfiḋ go deo. Mearḃuill¬
eann siḃ muid, & mearḃuilleann siḃ siḃ
féin. Is é seo an ċéad lá do'n t-síor¬
ruiḋeaċt díḃ, — tá an t-am anois caiṫ¬
teliciḋ aṫruġaḋ nuaḋ air gaċ niḋ as
seo amaċ. Tá an t-síorruiġeaċt ċoṁ
fada & am an t-saoġail ċoṁ geárr 's
go ḃ-fuil bás Aḋaiṁ, an ċeud fear, &
bás an ḟir ḋeiġionaiġ an iuḋ, ċoṁ fa¬
gas d'a ċéile gur saoilfiḋ gur ḋá ṗuin
ce iad atá beagnaċ buailte air a ċélie
Cuirfiḋ uaṫḃás ḃur b-peacaiḋ anois
iongantas orraiḃ; cuirfiḋ mórḋaċd
Dé anois uaṫḃás orraiḃ; feicfiḋ siḃ
an peacaḋ faoi ċumaḋ criṫeagla agus
faitċís nuaḋa, & dearcaiḋ na flaiṫis
níos breáġaċda ná ṡaṁluíġ ḃur n-int¬
inn ariaṁ. Ciḋfiḋ siḃ anois gaċ uile
niḋ faoi na ḋaṫ ḟírinneaċ féin. Ḃarḃ¬
uiġ siḃ & rinne siḃ tioránaċt air na
boċtaiḃ Ṫruailliġ siḃ na daoine neaṁ¬
ċiontaċa, & líon siḃ ifrionn le creaċ
ḃur n-drúise. Ṫug ḃur scannail droċ-
ṁeas air ċreideaṁ, & d'iompuiġ siḃ an
Soisgeul 'na áḋḃar magaiḋ & náire;
ḋuḃlanuiġ siḃ an Trionóid aig ḃur n-
geataiġ féin; rinne siḃ magaḋ faoi 'n
m-bás; ṫug siḃ duḃlán ifrinn & ċaiṫ siḃ
díṁeas agus tarcuisne air ḟlaiṫeas.
Tá m'ḟuil raṁar air ḃur láṁaiḃ dear¬
ga; tá ḃur n-damnuġaḋ síorruiḋe soc¬
ruiġṫe: tá ḃur leapṫaċa sdoirmeaṁla
deuntaḋ in ifrionn, agus tá siḃ teilg-
