McKanna's Dream, Translated for THE Gael by P. A. DOUGHER.
Tráṫnóna airiġe áluin, breáġ, mí an Ṁáia is mé siuḃal an tráiġ,
Ḃí an ġrian a dul síos i n-deireaḋ 'n lae 'san ġealaċ 'g éiriġ árd;
Do ṡuiḋ mé síos air aill ḃeag ḋeas 'g éisteaċt leis na tonnta teaċt,
'S le guṫ na céirsiġ caoin 's na g-clais ṫuit mé mo ċodlaḋ siar.
Do ḃriongail mé in sin faoi ṡuan go ḃ-faca mé Prionsa Brian Boróiṁe,
Reult an ċogaḋ 's a ċloiḋeaṁ le cliú tóigṫe 'n a láiṁ.
Seo iad na focla dúḃairt sé liom, "Beiḋ cruit na h-Éireann gan ṁoill i
[fuama
Na ceolta glórṁar saoirse Lá Ḟéil Pádraic teaċt an ceann.
Ṡaoil mé go ḃfaca mé in sin róṁam Naoṁ Ruit 's é seaċada ḋó 'n ċ'róin
Ḃí na Francaiġ ann ṫort timċioll réiḋ le congnaṁ ṫaḃairt;
Ṫóig sé an ċros a's a ġuṫ go h-árd, 'sna briaṫra coṁairleaċ seo do ráḋ,
"Cuiduiġiḋ le ċéile fir a's mná, tá 'n náṁaid láiḋir róṁainn."
Ṡaoil mé gur ṡeas an sin mo ċóṁair Sarsfield triall go Áṫ-a-Luain,
Ċuir sé iongantas air an Róiṁ an freagraḋ ṫug sé ḋúinn, —
"Tá mise in seo i g-cúis mo ṫír 's ní stadfaiḋ mé go m-béiḋ sí saor,
Nó mar Hercules sa trá ḃ-fad siar fágfaiḋ mé na mílte marḃ ró'm."
Ḃí Uilliam Birrne air an ḃ-fód ó Ḃaile Ṁánuis ṫort an ród,
Le Caṫarloċ a's Cilldarra go bríoġṁar le na g-cúl;
Iar-Ṁiḋe 's Caoṁain in sa g-cúis 's condae Luġaid ḃí réiḋ ó'n túis,
Sláine 's Áṫa-cliaṫ go fearaṁuil, tapa réiḋ.
Ḃí Ceilig treun ó ċnoc an Scráin an lá sin le na ċloiḋeaṁ go geur,
Ṁionna sé naċ n-géilleoċaḋ sé gon t-Sacsanaċ go bráṫ;
A Ċlann na nGaoḋal, a-lig-a-léir, tá 'g éisteaċt liom n-diu faoi 'n spéir,
Taḃair coṁṫara do'n dóṁan ṁór naċ m-beiḋ tú sgláḃta fós.
Ṫainic an t-Aṫair Ua Murċaḋ gráḋṁar fíor ṫreasna 'n cric ó Loċgarman
Le oċt míle-deug de ḟearaiḃ treun', níos feárr níor ṡiuḃal i riaṁ;
Ḋearc siad cogaṁuil láidir, slán, gaċ fear sa ṗíce in a láiṁ,
Leis an m-bealaċ, i n-glanaḋ, talaṁ 's tráiġ, an lá sin roiṁ 'n óiḋċ'.
Ṡaoil mé gur ḃuail gaċ druma mór port Lá Ḟéil Pádraic, b'ḃinn an ceol,
Ċuirfeaḋ sé bróid air an doṁan mór, ċo ceolṁar deas ṡiuḃal siad,
Fear le fear, ṡiuḃal amaċ n-aġaiḋ an náṁaid teannta ṫort,
Le buille ṫaḃairt 'gus sása ḟáġailt, le congnaṁ Dé, dúḃairt siad.
Ḃí ceannfuirt 'n náṁaid teann 's treun 'r ḃárr an ċnoic 's faoi na crainn,
Níor ḃ-feárr le na ṡúiliḃ cam ná ar scuaba beag 's mór;
Nuair ċualaiḋ mé glaoġ as na ranc Francaċ treun 's bu ṁaiṫ a g-caint,
"Tá mise 'n seo le cuidiuġaḋ leat, ná bíoḋ faitċíos ort go fóill."
Anois tóig do ṗíce 's cloiḋeaṁ go geur 's leanfaiḋ mise Clann-a-Gael,
Ca ḟaid saoirse beiṫ ag Gráinne Ṁaol sul ma d' ṫuitfiḋ an oiḋċe;
'S as sin go h-Aċraim ṡiuḃal siad leo, cos-an-áirde, tapaiḋ beo,
Le bagnets, cloiḋeaṁ 's gunnaiḋe mór' leis an náṁaid ṫiomáint siar.
Ḃí 'n náṁaid láidir dána róṁainn, le congnaṁ teaċt ó'n g-coróin,
Le n-ar n-gearra deas 's clé mo ḃrón 's fóill a dúḃairt go leor;
Rinne siad scrios mór non sa náll 's níor ḟágadar aċ an taoḃ bán,
Nuair a ḋúisiḋ mé suas bí sé an lá, tá an ḃrionglóid caiṫte — críoċ.
