AN GAOḊAL.
183
AIṪRIĠE RAĊTÚRA DE ĊREID¬
eaṁ Cotiliceaċ na h-Éireann.
(Sent by Mrs. H. Cloonan, St. Louis, Mo.)
A Íosa Ċríosd a's Riġ ngrása,
Ċruṫuiġ neaṁ, talaṁ & párṫas,
Dóirt a ċuid fola 'r ċrann na páise,
Saor sinn ó olc & ó aon bás cráiḋte.
Is iomḋa sagart, eabog & pápa
'G agairt air Ḋia, beanria'lta 's bráṫir,
B'ḟéidir go n-éistiġe an té buḋ táire
A sile na ndeor sa ċroiḋe ḃeiṫ cráiḋte.
Sé fáṫ mo ḃuaiḋr'ḋ, 's fuaṫ liom tráċt
air,
Gur uair í seo tá 'g iarraḋ sásaḋ,
Guiḋe muid air fad Muire Ṁáṫair,
Tá fearg air Ḋia 'sa sciúrsa taraingṫe,
A luċt an ṗeacaiġ tuiguiġ 'n cás seo,
Deunaiġ 'n aiṫriġe, tá mé ráḋ liḃ.
Duḃairt Críosd féin, tá lán de ġrása
Té d'iompóċ' leis go m-beoċ' sé tárṫa.
Is mairg a ligeas leas air cáirde,
Le faitċíos go d-tiocfaḋ 'n sean-ḟear
gránna,
Agus liaċtuiġe uaiḃreaċ cróḋaċ, láidir
A ċuireann sé faoi dá ċaol a ċnáṁa;
Feuċ an fear atá luaṫ, láidir,
Léimfeaḋ sconnsa, cloiḋe & beárna,
A ḃíḋeas tráṫnóna siúḃal na sráide
Sa dul faoi 'n g-créfóig lá'r na ṁáraċ
Is mire 'n bás ná an tonn ḃáite,
Agus ná eaċ 'ga luaṫ air ċúrsa rása,
Anaġaiḋ na sluaiġte ḃuailf'ḋ sé báire
As ni túisg an siúd é ná róṁainn air
gárda.
Tá sé luaineaċ, láidir, sgaoilte —
Ní feárr leis an lá ná lár na h-oiḋċe,
Trá ṡaoileas cáċ naċ mbiḋeann baoġal
air,
Bíḋeann sé air ball air lár le caoine.
Is sladuiġ 'n bás a cornas riġte,
Prionnsaiġ árda 's tiġearnaiġ tíre;
Ḃeir leis an mór an t-óg san críona,
le fastaḋ sgóig os cóṁair na n-daoin'ḋ.
Is mór a ṫuit le tráṫ na díle,
Gan caint na tráċt ar aimsir Ṁaoise,
Ḋá ṁeud le ráḋ é 's ar fágaḋ ṡíos leis,
Ní ṡé ḃí láidir aċ grása Ċríosda.
Is dána 'n duine ná an mac-tíre
Bios a marḃuġ' na n-uan air ṡiúḃal na
h-oiḋċe;
Sé fáṫ mo ḃua'ṫra 'smo ċreaċ ṡaoġ'lta,
'Nuair a ḃeiṫ caiṫte 's gan an aiṫriġe
deunta.
Ní bailte, feillm, sdoc nó treuda
Múineas an t-slíġ go flaiṫis Dé ḋúinn,
Aċ slánug' 'r n-anma, réir mar léiġtear
Deunaḋ trusga, urnaiġe 's déirce.
Is mairg a ṁeallas le caṫuiġ 'n tsaoiġil
seo,
A's laiġead an lóin a raċfas síos leat,
Ní'l go ḃríġ 'n do leus dá mairṫeá míle,
Aċ mar sgiorṫá 'r cuairt 's air ais 'rís.
Dá m-buḋ leat ór & stór na riġte,
Maoin ṁór & saiḃreas saoġalta,
Bailte 's talta, le eallaiġ líonta,
Ní'l agad le fáġail aċ an uaiġ deunta.
Cia ndeaċaiḋ do ċapaill, do ḃa a's do
ċaoiriġ.
Nó na seoda breáġa ḃíoċ ad' ḟiaḋnis',
Do ḃean 'sdo ċlann ḃíoċ 'na suiḋe leat,
Nó 'n clúṁaċ mín air a mbíḋṫeá sínte;
Do ċúirt, do ṫeaċ is do ṫeallaiġ míne,
Ċia ndeaċaiḋ 'n bord a n-óltá fíon de,
Do ċóistiġe, eaċruiḋ 's róbuiḋ síoda,
Nó do luċt ollaṁ ḃíoċ deuna sians duit
Nuair ḃeiḋeas do ċluasa bóḋar gan éis¬
teaċt,
Seacfaiḋ do ġuailne agus crarfaiḋ do
ġeuga,
Do ṡúile glasa gan raḋarc gan leurgas
Ḃí ann do ċeann gan cama gan claonaḋ.
Nuair ḃeiḋeas do ċnáṁa ṫré na ċéile
Gan fuil gan feoil air aġaiḋ na gréine,
Cia n-deaċaiḋ 'n ġile ḃí ann d'eudan
Nó do cúl glas gruaige ḃíḋṫeá réiḋteaċ.
Ag dul do luiḋeaṁ duit ná bí ḃalaṁ,
Noċt' do ġlúine 's brúiġ an talaṁ,
Cuiṁniġ air ar ċuir tú ṫarat
'Sgo ḃ-fuil tú triall air ṡluaġ na marḃ.
Úṁlaiġ 's geall do'n ċléir 's do'n eaglais
A fuair cúṁaċt peacaiḋe ṁaiṫeaḋ
Do réir an dlíġe tá d-teamull Ṗeadair
'Sní baoġal duig bás aċ malrait beaṫa
Nuair ṫiocfas Críosd air ṫaoḃ an t-
sléiḃe,
See "Raftery.
pub. by Dr. Hyde
