AN GAOḊAL
185
AN FÁNUIḊE FÍORḂOĊT.
Do ḃí buaċaill san doṁan t-soir &
do ḃí sé cuartaḋ d'obair air feaḋ mó¬
ráin aimsire aċt faoi ḋeoiḋ fuair sé
obair ó ṡean-ċailliġ ag a raiḃ aon in¬
ġean aṁáin.
Maidin an ċéid lae duḃairt an ċaill¬
eaċ leis go raiḃ eaċlann aici n-a raiḃ an
meud aoiliġ ḋéan céad capall air feaḋ
trí ċéad bliaḋan. Do ċaill sí snáṫad
ann tamall éigin roiṁe-sin & d'aiṫin sí
do'n ḃuaċaill an t-aoileaċ go léir ḃeiṫ
glanta amaċ aige & an snáṫaḋ ḃeiṫ ar
fáġail di-féin le luiġe na gréine.
Ċuaiḋ sé go d-tí an eaċlann agus do
ṫosnuiġ sé ag caiṫeaṁ amaċ le píce aċt
do réir mar do ċaiṫeaḋ sé amaċ scaob
do ṫagaḋ seaċt scaoib asteaċ. Do
léim a ċroiḋe suas ċum a ḃéil nuair a
ċonnairc sé é seo aċt níor stad sé
suas dá obair do ṫapagoin go d-tí gur
follas dó go raiḃ an carn ag meuduġaḋ
in aġaiḋ dul i luiġead. Annsan ḃí sé
go doilḃ dúḃaċ aċt níor ḃ'ḟios dó an
m-b'ḟeárr dó teiṫeaḋ go mear mileaḋ¬
ta nó suiḋe síos & fanaṁuint le cia b'
é niḋ ḃí i n-dán dó. I g-cionn tamaill
do ḋéan sé suas a aigne fanaṁuint
mar a raiḃ aige, & ag iarraiḋ coḃair
Dé, do ċaiṫ sé uaiḋ a ṗíce & do ṡuiḋ
ar lic fuair sé taoḃ-amuiġ de'n eaċlann.
Ní raiḃ sé ḃ-fad mar sin nuair a ḋearc
sé éan níos duiḃe ná aoin niḋ ar ar
leig sé a ṡúil riaṁ roiṁe sin, & blúire
beag biḋ aige in a ġob.
Núair ċonnairc an t-éan an buaċaill
níor sgein sé pioc aċt do ṡiuḃal suas
ċuige go h-úġdarasaċ gur stad os a
ċóṁair & ag feuċaint suas air d'ḟiaf¬
ruig de fáṫ a ḃróin. D'innis sé a sgéal
ó ṫús go deire. "Seo," ar an t-éan,
ag leigean do'n ḃiaḋ tuitim as a ġob,
"iṫ é so go fóil & ná bíoḋ eagla ort."
le n-a linn do ṫarraing sé amaċ ó n-a
sgiaṫán deas picín trí-laḋraċ; do ṡáiṫ
é san aoileaċ & ċuaiḋ an carn go léir
amaċ d'a ḋeoin féin fad a ḃeiṫṫeá ag
dúnaḋ do ṡúl.
An tan do ḃí a ċuid iṫte aige do ġaḃ
sé míle buiḋeaċas leis an éan. "Tarr¬
aing an pícín trí-laḋraċ-so," ar an t-
éan leis; do ṫarraing & creud do ḃieḋ¬
eaḋ faoi aċt an snáṫad. Annsan ḃí
an-áṫas air fad air, óir ḃí a ġnó lae
déanta. "Anois,' ar an t-éan, "ar do
ḃás nó do ḃeaṫa ná innis dom' ṁáṫair
gur ḃuaileas-sa ad ṫreó: is mise inġean
na cailliġe & dá m-beiḋeaḋ a ḟios aici
go n-déanfainn-se coḃruġaḋ leat do
ċuirfeaḋ sinn araon ċum báis." "Ná
bíoḋ eagla ort," ar an buaċaill, "go
n-inneósad sa aoinniḋ ded' ḋruim."
Le luiḋe na gréine ċuaiḋ an bua¬
ċaill go tiġ na cailliġe; duḃairt sé léi
go raiḃ an t-eaċlann coṁ glan le n-a
súil & ṫug an snáṫad di. "Ní ort-sa
a ḃuiḋeaċas," ar sí, "ag cur a dá súil
ṫríd, "& mo láṁ duit leis naċ m-ḃeiḋ
an coḃair agat amáraċ do ḃí a n-diu."
Ar ċlos sin dó ḃí sé brónaċ, buaiḋear¬
ṫa, go mórṁór nó nár ċonnairc sé in¬
ġean na cailliġe in aon ḃall ar fúd an
tiġe. Ċuaiḋ sé a ċodlaḋ san oiḋċe aċt
ma ḋeaċaiḋ níor ṫrom suan dó, óir ḃí
a ḟios aige go dian-ṁaiṫ go raib obair
cruaiḋ 'na ċóṁair lá ar na máraċ.
Le deargaḋ andá néall ḃí sé in a
ṡuiḋe aċt da moiċe é ḃí an sean-ċailleaċ
le h-ais na teine roiṁe. D'éis a ċoda
ċaiṫeaṁ do ġlaoḋ sí air; do ṫug tuaġ
dó in a láiṁ; & ḋá ṫaḃairt ċum an do¬
ruis, do ṡin sí amaċ a láṁ ċlí a ráḋ: —
'Bíoḋ an coill sin gearrṫa doṁsa roiṁ
irr lae no muna m-beiḋ bíoḋ ort féin."
Níor laḃair sí aon ḟocal eile aċt d'
imṫiġ uaḋ ag a ḟágḃáil annsan in a
ḃruid ḃrónaiġ Ċuaiḋ sé ċum na coille.
An céad crann do ḃuail uime ṫug sé
iarraċt air & do leag é aċt, monuar!
ní raiḃ sé leagṫa i g-ceart tráṫ d'fás
céad crann in áit an ċinn ḃí ar lár.
(Le ḃeiṫ ar leanaṁuin)
THE WORLD'S COLUMBIAN EXPOSITION
Send 50 cents to Bond & Co., 576 Rookery, Chi¬
cago, and you will receive, post paid, a four hund¬
dred page advance Guide to the Exposition, with e¬
legant Engravings of the Grounds and Buildings,
Portraits of its leading spirits, and a Map of the
City of Chicago; all of the Rules governing the Ex¬
position and Exhibitors, and all information which
can be given out in advance of its opening. Also,
other Engravings and printed information will be
sent you as published. It will be a very valuable
Book and every person should secure a copy, — Advt
