196
AN GAOḊAL
AN FÁNUIḊE FÍOR-ḂOĊT.
(Continued from page 185.)
"Dia liom," ar an buaċaill, "táim so¬
cair anois nó riaṁ." Annsan do ṫug
sé ċum a ċuiṁne na briaṫra duḃairt an
sean-ċailleaċ leis a n-dé. Ṫosnuiġ sé
ag gearrrḋ arís aċt buḋ é an cleas
céadna é. "Tá sé cóṁ maṫ agam mo
ṡonas a ġlacaḋ," ar sé; & do ṡuiḋ sé
síos do féin. Ḃí a ċeann faoi aige aċt
i g-cionn tamaill do ṫóg sé suas a
ċeann & ag feuċaint timċeall air d'ai¬
riġ sé rud éigin duḃ ag eiteall tríd an
aer a ḃ-fad uaiḋ. Ċoiméad sé a ṡúile
air a g-coṁnuiḋe; do ḃreaṫnuiġ i é go
raiḃ sé ag dul a méid go d-ti fá ḋeire
gur ċonnairc sé a éinín ḋil féin ag
triall air go mear. Do ġeit a ċroiḋe
le áṫas & do ċuir sé míle fáilte roiṁe.
"Ciannos taoi," ar an t-éan. "Lein an
m-bás," ar an buaċaill, "muna ḃfeud¬
fair-se fóiriġṫin orm." "Ní baoġal
duit," ar an t-éan, ag taḃairt an ḃiḋ
do ḃí in a ġob dó ag ráḋ leis éiṫeaḋ &
gan ḃeiṫ buaiḋearṫa.
Annsan d'innis an t éan mar d'aiṫin
an sean-ċailleaċ gur ṫug sé coḃair leis
a n-né ; mar do ċuireaḋ i n-géiḃion í &
mar d'euluiġ as. Fad a ḃí an buaċaill
ag iṫeaḋ a ċoda do ṫóg an t-éinín tuaġ
do ḃí faoi n-a sgiaṫán deas amaċ. Do
ṫóg seisean é; d'éiriḋ suas & ḃuail
buille ar ċrann & leis sean ṫuit gaċ
aon crann riaṁ ḃí sa ċoill. Ḃí coinn¬
eall in a ṡċiliḃ ḃí an oiread san áṫais
air & do ġaḃ sé buiḋeaċas a ċroiḋe
leis. Aċt do ċuir an t-éan faoi ġeas¬
aiḃ é gan innsint do duine ar biṫ gur
ḃuaileadar féin i d-treó a ċéile, óir
dá ḃfaġaḋ an ċailleaċ amaċ é do ċuir¬
feaḋ sí ċum báis a inġean giḋ naċ raiḃ
aici do ṁaoin saoġalta aċ í.
Ċuaiḋ an buaċaill ċum caisleáin na
cailliġe tráṫ ḃí an ġrian ag dul faoi;
an tuaġ in a láiṁ ḋeis aige. Ḃí an
sean-ċailleaċ ag suiḋe le h-ais na teine
a ceann ar a glúin aici. Nuair ċual¬
aiḋ sí an siuḃal do ṫóg sí a ceann &
do laḃair sí mar seo, "Tá do ġnó
déanta agat, aċt má tá caiṫfir seas¬
eaṁ suas anoċt & mise do ċioméad am
ḋúiseaċt feaḋ na h-oiḋċe le sgéalaiḋ¬
eaċt.
Ní ḟacaiḋ sé inġean na cailliġe in
aon treó & do ċuir san duairceas ais.
"Lean mise," ar an ċailleaċ. Do lean
sé í tri allaiḋiḃ áilne ag taitneaṁ le
ór & airgead. Fá ḋeireaḋ rándadar
alla fíor-ḃreaġ mar a raiḃ lóchran mor.
"Fan-sa annso feaḋ na h-oiḋċe; beid¬
ead-sa san alla is glorra duit. Tioc¬
fa-sa ċugat airís a g-cionn tamaill &
muna m-beiḋir olaṁ an uair sin is duit
measa."
Do ḋún sí an doras air, aga ḟágḃáil
in aonar. Níor ḃ' ḟada gur ċualaiḋ sé
mar a ḃeiḋeaḋ siuḃal éadtrom taoḃ a-
muiġ de'n doras & ċonnairc sé an ḃean
ba ḃreáġṫa ar ar leig sé súil riaṁ. D'
éiriġ 'na ṡeasaṁ, do ḃeannuiġ di & duḃ¬
airt léi suiḋe síos dá m-baḋ é a toil é.
Do ṡuiḋ sí & d'innis do gur ab í féin
an t-éan do ṡaor é an dá lá roiṁ sin
& gur ṫainic sí ċum a ċur in iúl do gur
buḋ é mian a máṫar eisean do ḋiṫċean¬
naḋ da ḃfaġaḋ sí aon ḃuailéagor air,
aċt naċ ḃfuair fós. "Tá cleas agam-
sa le n-imirt air anoċt ċum ṫusa do
ṡáḃail," ar sí. "Feuċ annso tá mála"
ag tógḃáil mála amaċ ar a póca — "&
tá sé lán de ċloċaiḃ beaga, inneosaiḋ
gaċ cloċ díoḃ sgéal & teiṫeam araon."
'Mo láṁ duit," ar eisean, "leanfad-sa
ṫú cia aca síos suas dom." Má táir
sásta anois," ar sí, "lean mé."
As leo go bráṫ trí allaiḋiḃ móra
árda, trí dóirsiḃ diana daingeana, nó
gua ḟágadar an caisleán; sin trí coill¬
tiḃ tiuġa aiṁréiḋ & bóiṫriḃ aola cnap¬
aċa. Do ṡroiċeadar maġ mín breáġ
traṫ ḃi faesaṁ an lae teaċt, & na h-
éinínḋe ag tosnuġaḋ ar seinm ar ḃar¬
raiḃ na g-craoḃ ; aċt níor stadadar
rinṁ ná coiḋċe gur ḃuail sroṫán leó ag
sníoṁ tri lár an ṁaġa & do ṡuiḋeadar
síos ar a ḃruaċ & do leigeadar a d-
tuirse ḋíoḃ.
Sa' caint dóiḃ cread do ċifidís aċt
an ċailleaċ ag triall orra & cúḃar le
n-a béal. Nuair ḃí sí ag teaċt taoḃ leó
ḃain an cailín snáṫad ar a brollaċ &
