AN GAOḊAL.
209
maṫa, móra ; annsann do ṁéadaiġ a
tnúṫ & a gráin tar barr, air a ḃ-feic¬
sint di go raiḃ Seáġanaċ ag dul ċum
cinn ar a macaiḃ féin; go deiṁin ḃí a
ḟás aṁail clúṁ na n-éan, an ṁéid naċ
m-borraḋ sa lá do ḃorraḋ 'san oiḋċe.
Dá lasfaḋ gaoṫ ná grian ar ġnúis bua¬
ċalla is ar ġnúis Ṡeáġanaiġ do lasfaḋ,
ḃí an oiread san niamraċta ann. Aċt
má ḃí droiċṁeas ag a leas-ṁáṫair air,
ḃí cion & ceanaṁlaċt ag a leas-ḋearḃ¬
ráiṫeaċaiḃ air.
Ċuireaḋ ċum scoile an triúr. Ba
ġnáṫ leis an m-bainrioġain lón aráin &
feola do ṫaḃairt d'a macaiḃ féin, gan
an eiread & do ċuirfeaḋ fearg air do
ṡúil do ṫaḃairt do Seáġan ḃoċt nó
suim do ċur ann; máiseaḋ do roinidís
a ḋís dearḃráṫaċ cuid de'n lón leis,
oir ḃíodar ċóṁ ceanaṁail air & ḃíodar
ar raḋarc a súl. Níor ċuir Seáġanaċ
in iúl d'a aṫair an éagcóir ḃi ag a ḋéan¬
aḋ air aċt do ċuir suas le gaċ aṁgar;
duḃairt sé leis féin go minic naċ m-
beiḋeaḋ sé ag déanaṁ aċrain idir fear
& mnaoi aċt go n-imeóċaḋ leis i g-cionn
tamaill ga h-áit éigin mar a ngeóḃaḋ
sé a ḃeaṫa do ṫuilleaḋ le lúṫ a ġéag.
Tráṫnóna áluinn dár ġaḃ sé amaċ
ar fúd faiṫċe aṫar cia ḃuailfeaḋ leis
aċt seanduine liaṫ leaṫ-ṡúlaċ noċ do
ċuir caint air ag a ḟiafruiġe de an
raiḃ a leas-ṁáṫair go maiṫ ḋo. Ní ḟea¬
dair sé cread é an freagra ba ċeart
dó ṫaḃairt air; níor ṫig leis bréag d'
innsinn, & ar an d-taoḃ eile níor ṫaiṫ¬
in leis an ḟírinne do ċur in iúl do.
"Ní ṫig leat," ar an seanduine, "aon
niḋ do ċeilt orm-sa; ní ḃ-fuil aon éag-
ċóir dár deárnaḋ ort naċ ḃ-fuil a ḟios
agam-sa." Ar n-a ráḋ san do ḃuail an
seanduine buille de ṡlaitin ar ċloiċ do
ḃí taoḃ leis & riġne bullán di. "Taḃair
aḃaile leat é sin," ar sé; "abair le d'
aṫair srian & iallait do ċeannaċ duit,
& déan marcuiġaċt air gaċ aon lá ag
dul ċum scoil air maidin & ag teaċt a
ḃaile am ṫráṫnóna, cuirim geasa ort
gan innsint do neaċ air biṫ cá ḃfuair¬
is é." As go bráṫ leis an seanduine.
Do ḃeir Seáġanaċ ar ċeann ar an m-
bullán & ṫug a ḃaile é; ċeannaiġ a aṫ¬
air srian & iallait do & ḋéan marcuiġ-
eaċt air gaċ aon lá mar d'orduiġ an
seanduine do.
Maidin dá raiḃ Seáġanaċ ag dul ar
ṁuin an ḃulláin go d-tí scoil, "A ṫiġ¬
earna," ar an bullán leis, "tá da leas-
ṁáṫair ag leigean airri ḃeiṫ breoite;
deir sí led' aṫair naċ leiġisfiḋ aon niḋ
faoi an spéir í, aċt mo ċroiḋe & m'aoḋ-
sa; táid ċum mise a ṁarḃaḋ amáraċ.
Ċuir d'aṫair iarraiḋ a n-diu ar fiċe
broṫaire aċt ná bíoḋ eagla ort go n-
íosfaiḋ sí greim díom-sa go deo. Anois
tráṫ ċiḋfir-se na broṫairiḋe am ċluiṫ¬
ċeaḋ-sa, bí-se n-gar dom; eireóċaiḋ an
ḃean ḃreoite as a leabaḋ, beiḋ a dá
uillin ar ḋá ursain an doruis & clab
airri ag gáire fúm-sa; sgaoilfead-sa
trí luċt mo ṁarḃṫa & cuirfead piac
fúiṫe-se a ḋéanfaiḋ dá leaṫ di ó ṁul¬
laċ a cinn go luġaidin a coise. Annsan
léim-se ar mo ṁuin & as linn araon go
bráṫ."
Le h-eiriġe gréine lá ar na máraċ
ċuaiḋ na broṫairiḋe ċum an ḃulláin
ḃric & ṫugadar iarraċt ar ḃreiṫ air;
aċt ḃí sé fánaċ dóiḃ — ḃris sé ṫríoṫa
de ṫapagain. Timċiollador arís é &
ṫugadar iaraċt eile ar ḃreiṫ air aċt ba
é an sgéal céadna é. Do ṫimċiolladar
é an treas uair, le n-a linn sin ṫáinic
an ḃainrioġan ar an n-dorus; do leig
sí a ḋá uillin ar an dá ursain & do ḃí
clab airri ag gáiriḋe; ḋearc an bullán
í. Nuair a ṫugadar an treas iarraċt
ḃris sé ṫríoṫa gus an áit nna a raiḃ
an ḃainríoġan, & do ċuir piac fúiṫe &
riġne dá leaṫ di ó ṁullaċ a cinn go
luġaidin a coise.
Do léim Seáġanaċ ar a ṁuin & as
leo araon go bráṫ. Do rugadar ar an
n-gaoṫ ḃí rómpa & níor ḃeir an ġroṫ ḃí
nn-a n-diaiḋ orra & níor stadadar
riaṁ ná ċoíḋċe nó go raibh drúċt ċeoiḋ
& meirg na h-oiḋċe ag tuitim & do
ṫrialladar isteaċ i g-coill ṁóir. "An
ḃ-fuil ocras ort?" ar an bullán breac
le Seáġanaċ. "Tá," ar Seáġanaċ, &
do ḃuail an bullán breac buille de cois
dá ċosaiḃ ar an talaṁ & ṫáinic aníos
ċuige bórd lán de'n ḃiaḋ baḋ ḃreáġṫa
ḃlas béal duine ariaṁ & d'ith Seáġanaċ
