AN GAOḊAL.
231
is ann a ṫiomáinfeaḋ sí a cuid ba &
an tarḃ. Lá d'a raiḃ sí ag fasuiġeaċt
na m-bó i d-Tóin na Péice — áit i mbai¬
le Doire-an-Eamlaiġ — ċualaiḋ an tarḃ
géim bó. Riṫ sé ó'n g-cailliġ go d-tí 'n
ḃó, & riṫ an ċailleaċ 'n-a ḋiaiḋ. Lean
sí é, & ḃí ag aimsiuġaḋ faoi go d-táin¬
iceadar go Mainín. Ċuaiḋ sé 'san t-
snáṁ ag dul ṫar cuisle beag a casaḋ
ḋó. 'Nuair d'éiriġ sé as an t-snáṁ air
an talaṁ tirm, ḃí an ċailleaċ de léim
ṫar an g-cuisle, & ḃuail sí é le n-a slai¬
tín draoiḋeaċta go n-deárna sí cloċ
de. Tá an ċloċ i g-cóṁarṫuiġeaċt
tairḃ le feicsin an lá andiu, & tá lorg
an n-urċar do ċaiṫ sí leis ins na car¬
raigiḃ ṫart timċeall air.
— From O’Faherty's Siamsa an Gheimhre,
Dublin, P. O'BRIEN, 46 Cuffe Street.
Saint Raphael’s Church,
Springfield, O. Dec. 24. '92.
A ċaraid ḋílis,
Cuirim ċugad aon dollar falaiġṫe
inns an litir seo air son do ṗáipéar
tíoraṁuil le h-aġaiḋ na bliaḋna seo
ċugainn.
Is cianta ó ċualaiḋ mé uait, giḋ gur
ċuaiḋis tré 'n g-cogaḋ mór sin timċioll
an ḟocail "Ċum," feicim naċ ḃ-fuil tú
marḃ fós, agus saoilim naċ raiḃ tú
buailte ċóṁ mór sin inns an g-conspói¬
diġeaċt air biṫ! Aċt is minic a duḃ¬
airt mé liom ḟéin inn t-am sin, má sé
sin leiṫeaḋ breiṫeaṁnas an lae ḋeir¬
eannaiġ, go ḃ-fóiriġe Dia orrainn.
Aċt, a Ċaraid dílis, ní h-é an cogaḋ-
focal sin atá an ċeist anois, aċt ceist
eile níos taḃaċdaiġe & níos féimeaṁ¬
la — An m-béiḋ Ríaġal féin aig muintir
na h-Éireann fa ḋeire? Sin í an ċeist
lasánaċ an diu — Agus adṁuiġim duit,
tá faitċíos orm naċ ḃ-feicfiḋ mise an
lá sin, óir ní'l siad i n-aonḋaċt le ċéile
inn Éirinn, nó 'sa d-tír seo ċor leis
sin! Agus tá cuid ṁaiṫ díoḃ aig naċ
ḃ-fuil aon meas air biṫ aca air ṫeang¬
ain a d-tíre! Agus giḋ go ḃ-fuil a ḟios
aca go maiṫ, an sean ráḋ, "I n-aonḋaċt
tá buaiḋ — i sgaraḋ tá mío-áḋ," agus
gan aondaċt ní féidir leo saoirse d'
ḟáġail. Tá siad a troid an diu inn Éi¬
rinn ḃoċt, agus a' déanaḋ magaiḋ díoḃ
féin !
Go soillsiġe Dia iad, agus go ḃ-fos¬
galaiġe sé a súile, a ḟeiceál cia b'é is
feárr 'gus is tairḃiġe dóiḃ féin agus
d' Éirinn ḃoċt.
Do ċara biṫ-ḋílis,
Martin Laḃrás O'Murċuġaḋ.
[A Aṫair oirḋeirce, freagraiġeann
muidne, Ámén, dod' ġuiḋe ḋéiġionaiġe.
Aċ tá faitċíos orrainn naċ ḃ-feicfiḋ¬
ear Éire saor go goirid. Inn a leaṫ¬
trom tiúḃarfaiḋ Sacsanaiġ éisdeaċt
do Éireannaiġiḃ — inn a sonas, ní ṫiúḃ¬
arfaiḋ. Uime sin, cá ḟaid agus ḃeaṫ¬
iuġeas Éireannaiġ Sacsanaiġ, 'sa m¬
baile nó i g-cian, ní ġeoḃfaid a riaġail
féin. Tuige a ngeoḃfaḋ? Ní ṫiúḃarfaḋ
Éireannaiġ roġain níos feárr do Ṡac¬
sanaiġiḃ dá m-beidís 'san rioċd ceud¬
na. Caiṫfiḋ Éireannaiġ Sacsanaiġ a
ċlaoiḋeaḋ sul do ġeoḃfaid féin-riaġla.
Inn aon ḟocal — caiṫfiḋ siad saoirse
do ṫuille agus — a gnóḋaċan, F. Ġ.]
East Sound, Wash.
Ċum M. J. Ua Lóċáin,
Fireagair an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Mórṁeasaṁail,
Cuirim mo ḃuiḋeaċas mór ċugat
anois air ṡon an "Ġaoḋail" a ġlacainn
díot air feaḋ na bliaḋna a tá ṫart,
agus cuirim 60c. ċugat san litir seo
air ṡon bliaḋain eile Bliaḋain nuaḋ
ṡúgaċ ṡeunṁar go raiḃ agat.
Go h-ómósaċ,
Ríostard Mac Eoċagáin.
Designing rascals make use of that class of men
who are looked upon as blunt honest half stuacs,
whom no body could dislike, to compass their ne¬
farious ends. This is what the New York know-
nothing anti Irish thimble-riggers are striving to
do to disorganize Tammany Hall, and all that
pertains to it. But, like Whang The Miller, in
their overweening desire to compass their end in
stantum, they have killed the Goose. ! Who are
these Andersons Dickinsons, et al, may we ask,
who seek to dictate our governmental policy? The
Gael's sub-title page tells. One thing is certain —
that the people are forbearing that don't send this
handful of presumptions hypocrites about their
business by a vigorous action of their boot-toe.
