232
AN GAOḊAL.
COṀAIRLE GO ḂUAĊAILLIĠIḂ ÓGA.
Fonn — An Seanduine Dóite (The Campbells are Coming
Seo cóṁairle do ḃéarfainn go ḃuaċailliḋiḃ óga,
Go h-áiriġe go 'n ḃuaċaill atá cuiṁniúġ' air ṗósaḋ —
Tóig ṫusa cailín deas de ṡlioċd na sean gaolta,
Adṁuiġeas an creideaṁ 's naċ seunann an Ġaoḋailge;
Siúḃal léiṫe do 'n t-sagart, tá air altóir, 'sa n-éide, —
An sagart a ġráḋuiġeas gaċ duine as Éire, —
Má ṗósann sé an lánaṁuin 'san t-sean teanga Ġaoḋilge,
An méid Béarla atá laḃarṫa ní sgarfaiḋ an péire.
Seinn.
Óró, mo ċailín deas, naċ tusa an peurla,
A ċáinteas an Ġaoḋailge 'gus a sgríoḃas an Béarla,
Ní ṫréigfead go h-eug tú go d-téiḋ tú 'san g-cónra,
'Sdá ḃ-feudfainn do leanfainn ṫú go ríġ'ċta na glórḋa.
A ḃuaċaill deas eile, imṫiġ 's deun mar an g-ceudna,
Tóig cailín donn cuṁra a ġráḋuiġeas an Ġaoḋailge, —
Ní misde mur m-béiḋ aici mórán maoin saoġalta,
Béiḋ gráḋ aici ort féin 'gus air iomlán do ġaolta;
Fanfaiḋ sí agad a congḃáil do ṫeaċ sgiaṁṫa,
Ag oileaṁuint do leinḃ, d'a ṗóga 's d'a ḃréaga,
Béiḋ sí láġaċ, geanaṁuil, gan ṁairg — go sóna,
'Gus ní aireóċaiḋ tú tuirse teaċt aḃaile tráṫnóna.
Seinn.
Óró, mo ċailín donn, naċ ṫusa an seóda,
Tá tú gan loċt, aċt crosda le óige,
Biḋeann mo ċroiḋe ṫré lasa le gráḋ agus áille,
Nuair a smuainím air inntinn 's air ṁín-ġuṫ mo Ṁáire.
Do'n ḃuaċaill trom cialluiġe, tá ngráḋ leis an suaiṁneas,
Is feárr duit beagán clampair ná iomarcuiḋ uaignis,
Gaḃ agad cailín maiṫ a ṫainic as Éire,
A laḃras an Ġaoḋailge níos blasda ná Béarla;
Béiḋ do ṫeaċ scuabṫa a's do leaba ḋeas cóiriġ,
Béiḋ suaiṁneas agad — ní ṫeastóċaiḋ uait éinníḋ,
Béiḋ do ḃiaḋ réiḋtiġ mar ḃeiḋeaḋ air lá féile,
'Gus béiḋ na cnaipiḋe fuaiġte air rustaiḋ do léine.
Seinn.
Óró, mo ċailín ṁaiṫ, a ṫainic as Éire,
A sgríoḃas an Ġaoḋailge ċo tapaiḋ le Béarla;
Tá do ċliaḃ mar an ala, do ġruaiġ mar an rósa,
Tá ceol in do ġuṫ a's is críonna do ċóṁairle.
Anois tá tú mar aṫair — tá tuileaḋ le deunaḋ,
Tá do ġarsún a meudúġ' a g-cuiṁne 'sa g-claonaḋ;
Innis ḋó sgeulta, a ṫuigeas sé, a nGaoḋailge,
Tráċt air an sagart 's air ar ḟulaing sé i n-Éire;
Má ṫéiḋeann an t-ógláċ go coláiste fóġluim árd-Ḃéarla
Ní aṫróċaiḋ sé a ṡluinne, ní ṡeunfaiḋ sé 'n Ġaoḋailge;
Béiḋ sé mar reult eolais go ḟir óig a ṫíre,
