AN GAOḊAL
233
Ag cosaint a saoirse, le dílse, da ríreaḋ.
Seinn.
Óró, mo ḃan ṁac, naċ tú ceann na céille,
A d'ḟóġluim do ċreideaṁ i n-Éirinn le Gaoḋailge;
Fuair mé go h-óg ṫú le neart agus sláinte,
Agus támuid ċo sásta 's dá m-bainfeaḋ linn táinte.
We take great pleasure in introducing to the readers of the Gael a new
accession to its poetic contributors in the person of Mr. Anthony Lally, the
composer of the above, of Wheeling, W. Va. — We advise our friend P. A.
Dougher to be on the look out.
ROISE ḊUḂ.
This song was got from Mrs. Susan O'Donnell, Upper Cruit, by
ANTHONY J. DOHERTY, Cruit Island N. S.
Air — Petrie's A.I.M.
No. 1242
A Róise, dá m-buḋ liom tú nár ḃ'aoiḃinn duit,
'S deas a ċealgfainn do leanḃán dá m-beiḋeaḋ sé 'gul;
No i n-Albain dá g-casfaiḋ sinn andiu no 'n-dé,
Sgeula cinnte, a ġráḋ, naċ ḃ-fillfeaḋmuis go b-pósṫa mé.
Naċ fada 'n reim a leig mé léiṫe ó 'n-dé go d-ti 'n-diu?
Trasna 'n t-sléiḃe go leanfainn fein í, mo Róise Ḋuḃ;
Gaoṫ na h-Éirne go d-tug sí léim í, ciḋ gur ṁór an sruṫ,
A's mar ga gréine air ṁalaiġ ṡléiḃe ta mo Róise Ḋuḃ.
Dá ḃ-feicṫea Róise Dia-Doṁnaiġ 's í 'g-eiriġ 'maċ,
Crios Ṗroinnseis uirri timċeall fa lar a com:
Tainic an t-am uirri air ṡantaiġ sí 'n t-óg-ḟear 2 deas,
'S mar d-téiḋ bang uirri go meallfaiḋ sé 'n t-órd alig.
Is aeraċ a ṫéiḋ sé 'n-aonaiġ ann a cóta cuilt,
Gan spre aici, no maoin ṡaoġalta, na bólaċt cruic,
Aċt an t-éideaḋ ro-ḃreaġ t' aici 'g-cofra glais,
Sin an bréagan le'r ḃréug sí me, mo Róise Ḋuḃ.
Ċlaoiḋ tu mise, a ḃradaig, 3 's nár buḋ h-aoiḃinn duit,
'S go ḃ-fuil m'anam a ġeall ort, 's ċan andé no 'n-diu,
No d'ḟág tu lag, anḃfann me, gan ṁaoin, gan ċruṫ. 4
'S ná dean feall orm go n-dearḃuiġ tu do ḃriaṫra daṁ.
Tuitfiḋ réulta as na spéurṫa 'gus dóirtfear fuil,
Tuitfiḋ 'n Éirne 'nna tonna tréuna air mo Róise Ḋuḃ;
Reubfar coroin rioġaṁail, agus morgfaiḋ muir,
Aċt le aon-ḟear ċá leigimsa mo Róise Ḋuḃ.
Ta réult anns' na spéurṫa i n-imeall an ċeo, 5
Ní'l a léiṫid i n-Éirinn 's ní ḃeiḋ go deo;
Plúr air mnaiḃ Éireann, agus sgoiṫ na m-ban óg,
Buḋ léiġeas air an déideaḋ 'n té ġeaḃaḋ uait póg.
Dá m-beiḋeaḋ seisreaċ agam a ṫreóiġfeaḋ anaġaiḋ na g-
[cnoc,
No cré-ḟoirste a d'ḟoisreaċaḋ an doṁan alig,
Ḋeanfainn cleasa air muin cleasann dó mo Róise Ḋuḃ,
'S béurfainn Soisgeul de'n Aifrionn dó mo smóilín duḃ.
eile
