AN GAOḊAL.
237
AN BULLÁN BREAC,
[Le Pádruig O'Laoġaire]
(Ar leanaṁuin.)
Ḃí aon inġíon aṁáin ag an riġ & ṫug
sé a ḃriaṫar go d-tiuḃraḋ sé í i g-cleaṁ¬
nas do'n té ḃéarfaḋ buaiḋ ar an m-
beirt ḟaṫaċ & a máṫair. Ṫáinic mó¬
rán laoċ aċt do ṁarḃaḋ iad uile aċt
an laoċ aṁáin do ċoiṁéad fad a raḋ¬
arc uaṫa.
Maidin an ċéid lae d' ḟeuċ Seáġan¬
aċ soir & ḃu ḋeas, do niġ sé a aġaiḋ &
a láṁa & ag iarraiḋ trócaire & cóḃair
ar Ḋia do sgaoil sé a ċuid bó isteaċ
i d-talaṁ na ḃfaṫaċ. "Doin & donuais
ort," ar faṫaċ na trí g-ceann na trí
meann, na trí muinéal fada, reaṁar dí¬
reaċ, "cia ṫug cead duit iad san do ṫio¬
máint annsan isteaċ? Ní ḟeadar cia
aca is feárr dom tú ṡlugaḋ d' aon
ġreím aṁáin, nó ṫu ċur 'san spéir uaċ¬
taraiġ le séideoig?" "Ní ḃfaġair san
a ḋeunaḋ," ar Seáġanaċ. "Cia acu is
feárr leat umarasḃáil ċruaiḋ ċolgán¬
ta no gaḃáil le cloiḋṁtiḃ i m-bun 'sa
m-bárr a ċéile ? " "Is feárr liom," ar
Seáġanaċ, "amarasgḃáil ċruaiḋ ċolg¬
ánta mar a ṫaiṫiġeas ar na faiṫċiḋiḃ
leis na leanḃaiḃ uaisle." Seo ċum a
ċéile an san an ḃeirt; rinneadar ball
bog de'n ḃall cruaiḋ, isleán de'n árd¬
án & árdán de'n isleán & dá dtiocfaḋ
ioċtar na h-Éireann le h-uaċtar na h-
Éireann is ar Seáġanaċ & faṫaċ na
trí g-ceann, na trí meann, na trí muin¬
eál fada reaṁar direaċ na ċeart. Ṫug
Seáġanaċ cor do ċuir go glúin é; ṫug sé
cor eile do ċuir go muineál é. "Do
ċeann díot a ṗiast ġrána," ar Seáġ¬
anaċ. "Na bain," ar an faṫaċ, & tiúḃ¬
rad duit trí fircíniḋe óir, trí caogad
eaċ, an t-slaitín draoḋeaċta tá le h-
ais mo ċluise deise & mo riġeaċt óm'
ḃás amaċ. "Beiḋ do ċeann & iad uile
agam," ar Seáġanaċ, ag baint a ċeann
de le n-a ċloiḋeaṁ.
Ar d-teaċt an tráṫnóna ċuir sé
gadaraiġe ans na cluaisiḃ do ċaiṫ air
a ḃuin na cinn & ag bailiuġaḋ na m-bó
do ṫiomáin iad gus an maċa ċum a g-
crúiḋte. Ċaiṫ sé a ċuid ualaiġ ḋe in
aice geata na cúirte & ċuaiḋ isteaċ &
do ṡuid le h-ais na teine; níor laḃair
aon neaċ ċuige óir ṡaoil gaċ n-aon naċ
raiḃ aḋḃar laoiċ ann. I g-cionn tamai¬
lín ṫáinic an laoċ úd ó ċianaiḃ isteaċ
& a duḃairt leis an riġ, "Tá trian ded
inġín agam," "Tá," ar an riġ & ġeoḃ¬
air." Fad as ḃí Seáġanaċ leis an g-
coṁḃrac is aṁlaḋ ḃí an duine uasal
so ag baint sméar.
Maidin an dara lae d'éiriġ Seáġan¬
aċ, do niġ sé a aġaiḋ & a láṁa d'ḟeuċ
sé soir & ḃu ḋeas & ag iarraiḋ troc¬
aire & coḃair air Ḋia do sgaoil sé a
ċuid bó isteaċ i d-talaṁ na ḃfaṫaċ.
"Doin & donuais ort," ar faṫaċ na
cúig g-ceann, na cúig meann, na cúig
muinéal fada reaṁar, direaċ, cia ṫug
cead duit iad san do ṫiomáint anns-
an isteaċ? Ní ḟeadar cia acu is feárr
dom ṫu ṡlugaḋ d'aon ġreím aṁáin nó
ṫu ċur 'san spéir uaċtaraiġ le séid¬
eoig!" 'Ní ḃfaġair san do ḋéanaṁ,"
ar Seáġanaċ. "Cia acu is feárr leat
umarasgḃáil ċruiḋ ċolgánta no gaḃáil
le cloiḋṁtiḃ i m-bun 'sa m-bárr a ċéil¬
e?" "Is feárr liom," ar Seáġanaċ
"umarasgḃáil ċruaiḋ ċolgánta mar a
ṫaiṫiġeas ar na faiṫċiḋiḃ leis na lean¬
ḃaiḃ uaisle." Seo ċum a ċéile annsan
an ḃeirt; rinneadar ball bog de'n ḃall
cruaiḋ, ísleán de'n árdán, & árdán de
'n ísleán, & dá d-tiocfaḋ ioċtar na h-
Éireann le h-uaċtar na h-Éireann, is
ar Ṡeáġanaċ & faṫaċ na cúig g-ceann,
na cúig meann, na cúig muinéal fada,
reaṁar díreaċ ba ċóir. Ṫug Seáġan¬
aċ cor do ċuir go glúine é, ṫug sé cor
eile do ċuir go muinéal é; "Do ċeann
díot a ṗiast ġrána," ar Seáġanaċ. "Na
bain," ar an faṫaċ, "& tiuḃrad duit
cúig fircíniḋe óir, cúig caogad eaċ,
an t-slaitín draoiḋeaċta tá le h-ais
mo ċluaise deise & mo riġeaċt óm' bás
amaċ." "Beiḋid uile agam," ar Seáġan¬
aċ, "& do ċeann mar aon leo," ag baint
na g-ceann de le n-a ċloiḋeaṁ.
Ag d-teaċt an tráṫnóna ċuir sé gada
raiġ anns na cluasaiḃ, ċaiṫ ar a ḃuin
