338
AN GAOḊAL
na cinn, & ag bailiuġaḋ na m-bó, ṫiom¬
áin iad gus an maċa ċum a g-crúiḋte.
Ċaiṫ sé a ċuid ualaiġ ḋe in aice geata
na cúirte; do ċuaiḋ sé isteaċ agus do
ṡuiḋ le h-ais na teine gan focal a laḃ¬
airt ċum aon neaċ.
Ba ró-ġeárr na ḋiaiḋ san gur ċual¬
aiḋ Seáġanaċ an laoċ ar ar laḃras
ċeana ag ráḋ leis an riġ, "Tá dá d-
trian d'inġíne anois agam." "Tá agus
ġeoḃair," ar an riġ.
Maidin an treas lae d' eiriġ Seáġ¬
anaċ, do niġ sé a aġaiḋ & a láṁa, d'
ḟeuċ sé soir & ḃu ḋeas & ag iarraiḋ
trócaire & coḃair ar Ḋia do sgaoil sé
a ċuid bó isteaċ i d-talaṁ na ḃfaṫaċ.
Níor ḃ' ḟada gur ṫáinic ċuige
Máṫair na ḃFaṫaċ, —
cailleaċ mór grána, da ṡúil i gcúl
a cinn & súil eile i g-clár a h-éadain, &
iongana iarain seaċt d-troiġṫe ar faid
airri "Doin & donuais ort," ar sí,
"cread fáṫ ar ṁarḃais mo leanḃa gur
le gáḋtar an t-saoġail naċ ḃ-fuilid fós
ar mo ċíċ." "Ba ḋeas na leanḃa ar do
ċíċ iad," ar Seáġanċ. Leis sin do ḃuail
sí leaḋb air gur ḃain lán a h-ionganaḋ
de'n ḟeoil de ó ḃárr a ċinn go bonn a
ċos. Buail sí leaḋb eile air & rinn sé
spólla dearg de. "Cá sáṫtar na caoir¬
iġ in Éirinn?" ar spideóg ḃroinn ḋearg
ṁuintire Ṡúilleaḃáin. Iar g-clos san
dó, ṫug sé uruċar d'a ċloiḋeaṁ ar a
cíċ ċlí; d' aimsiġ sé í & ṫuit sí marḃ.
Annsan do rinn an spideóg loċ mea¬
la de ḃraon beag drúċta; do niġ Seáġ¬
anaċ é féin ann & ḃí sé ċóṁ slán foll¬
áin as naċ n-goinfiḋe ariaṁ é.
Iar san do ḃain sé a ceann dí & do ṫóig
an t-slaitín draoiḋeaċta ḃí taoḃ le n-
a cluais ċlí & do ċuir sé i ḃ-folaċ a n-
gruaig a ċinn í. Ar d-teaċt an tráṫ¬
nóna ċaiṫ sé an ceann ar a ṁuin, ḃail¬
iġ sé a ċuid bó & ṫiomáin gus an maċa
iad ċum a g-crúiḋte. Leiġ sé an ceann
le h-ais geata na cúirte, ċuaiḋ isteaċ
& do ṡuiḋ le cois na teine. I g-cionn
tamaillín ṫáinic an laoċ isteaċ & deir
leis an riġ, "Tá d'inġíon air fad agam
anois." "Tá," ar an riġ, "& ġeoḃair."
"Caitin?" ar an laoċ. "Manoirṫear,"
ar an riġ.
Ar n-a máraċ d'éiriġ Seáġanaċ, do
niġ sé a aġaiḋ & a láṁa d'ḟeuċ sé soir
& ḃu ḋeas & ag iarraiḋ trócaire agus
coḃair ar Ḋia do sgaoil sé a ċuid bó
isteaċ i d-talaṁ na ḃfaṫaċ & d'ḟág ann
san ag inġilt iad gan eagla ó náṁaid
ar biṫ air. Iar san d'imṫiġ sé go fuiḋ¬
riḃ na ḃfaṫaċ & d' ḟiaruiġ díoḃ an mb'
ḟeárr leó é féin mar ṫiġearna ioná na
faṫaiġ. "Is feárr linn ṫusa," ar siad
uile i m-beul a ċéile. "Má's feárr,"
ar Seáġanaċ, "bioḋ céad eaċ gléasta
agaiḃ fá'n am-so amáraċ ann so róṁ¬
am-sa & céad marcaċ mar aon leo ċum
dul liom-sa go h-áit naċ ḃ-fuil ró-ḟada
ó'n m-ball-so. "Beiḋ," ar níos mó ná
céad guṫ de ṫapagoin.
San g-cúirt rioġḋa ḃí cócairiḋe ag
allus ag gléas biḋ i g-cóṁair an ṗósta.
Ċuaiḋ Seáġanaċ tar ais gus na buaiḃ
& do ṫiomáin ċum an maċa iad ċum a
g-crúiḋte.
Maidin lae an ṗósta ḃí sé in a ṡuiḋe
go deaġ ṁoċ & do ċuaiḋ sé go h-áit-
ċóṁnuiḋe na ḃfaṫaċ. Ḃí céad fuiḋre
annsan roiṁe ollaṁ ċum gluaiste ar
fáġail an ḟocail ó Ṡeáġanaċ. Ṫug Seáġ¬
anaċ órduġaḋ ḋíoḃ é leanaṁuint; as
do lean siad é gan stad nó gur rán¬
gadar caisleán an riġ. "Cia ṫú," ar
an riġ le Seáġanaċ noċ a ḃí éidṫe i g-
culaiṫ caṫa & cóṁḃraic "Mise," ar
Seáġanaċ, "mac riġ na Fraince, tá ag
teiṫeaḋ ó ṁac riġ na Gréige, & táim
féin & mo luċt leanaṁna seiġte le h-oc¬
ras." "Tigiḋ isteaċ," ar an riġ. Ċua¬
dar isteaċ, cuireaḋ ċum suiḋte iad, &
d'iṫeadar an biaḋ & an deoċ ḃí i g-có¬
ṁair na fleiḋe & an ṗósta.
Iar san d'imṫiġ Seáġanaċ & a luċt
leanaṁna tar ais go dúiṫċe na ḃfaṫaċ
ar fáġail feasa ḋó naċ b-pósfaḋ in¬
ġíon an riġ go d-ti an máraċ.
(Le ḃeiṫ ar leanaṁuin.)
The Western Crusader, Kansas City, Mo., is the
latest venture in Catholic journalism that has come
to our exchange table. It is an eight-page, well-
printed weekly, full of both Catholic and secular
news. Rev. Fr. Ryan is editor and John McAne¬
ny business manager. We wish it every success.
