The Bold Tipperary Fox,
BY P. A. DOUGHER.
Is sionnaċ ruaḋ gan faitċíos mé, ná'r ruaig roiṁ' seo madra mé,
Níor ġoid mé caora, cearc nó gé, gandal laċ' nó laoiġ, —
Sásta le mo ġaḃaltas féin, 'measg cóṁarsa gráḋṁar, fearaṁuil treun'
Le fiaċaiḋ a's cíos 's taxaiġ íoc, ċó seanṁar leis an riġ,
Rinne mise nead, talaṁ breaġ, eidir Sliaḃ-na-m-ban a's Cnoc-na-ḃ-feaḋ,
Ann ar ċóṁnuġ mé le cion a's gráḋ mur tóige mé 'san áit;
Aċt anois an seo le tamall geárr, tá mé masluiġ' ann gan fáṫ,
Le gaduiḋe suaraċ, aċrannaċ, m-b'é ḋúil mo ṡeilḃ ḟáġailt.
Fuair mé barántas fuagra cruaiḋ ó'n tiġearna gránna, fealltaċ fuaṫaċ'
Mo díbirt ó mo ṫír a's dúiċe, ’s na lasguiniġ ḃeiṫ róṁam;
Ġluais mé aige go dána, teann, a's ġread mé sásaḋ as a ċeann,
Sciorr mé siúḃal 'measg na g-crann — ḃí an t-seilg air mo ṫóir.
Ḃí h-ub-a-bú ó n-deas go tuaiġ, ó Ruiscré go Cill-da-lú,
Tré cnuic, sliaḃ, a's portaiġ duḃa, tré Naona 's Beul-an-áṫ,
Ċlóḋaid anns na páipéir síos duas mór ar mo ṡon íoc.
Beo nó marḃ annsa tír ċaiṫfid siad mé ḟáġailt.
Ċuartaiġ siad Bainnsiġe nun 'sa náll a's Teampull-mór ó ḃun go bárr,
I g-Cluan-meala ṡeas an gárda le mo ċroċaḋ suas gan spás;
Ḃí ḟios 'gam an díol ġeaḃ'nn an sin dá m-beireaḋ na madra orm greim,
Aċt cailleadar mé ameasg na d-tum — ṫug mé do 'n t-sáil.
Ṫug siad ruaig ar Ċarraig-an-t-siúr Raṫ-gormuic 's Croc-beul-dúin,
Baile-póirṫín 's Teampull-bán, asteaċ go Carraig-an-ċuain;
Ní raḃ peeler, mada, cor nó cú, ó cnoic Áṫluaine go Loċ-laoi,
Naċ raḃ feiṫeaḋ ar an sionnaċ ruaḋ ḃeiṫ gaḃṫa 'measg na n-uan.
Ċuartaiḋ Múraċ soir 's siar, 's Baile-mac-cruin siar 'sa n-iar,
Lisín Duillean ,s Laig-lead, 's ṫort go Condae Ċláir;
Níor ḟág siad bád nó long-crann-seoil, cruaċ ċorce nó rucán món'
Ó Ċillruis go Luimneaċ ṁór, a's ní raḃ mé ann le fáġail.
Ḃí siad sáruiġ' amaċ 'sa 'maċ, mo ċuartúġ' ṫart ó ṫeaċ go teaċ,
Níor smuainiġ siad go m-beiḋ an marc i nGaillim i n-uaigeas ċiúin;
Níor ḟágaid cár, cis nó cóisde ó Ḋairi-Ui-Ḃriain go Órán-ṁór
Ná'r ċuartaiġ siad ar mo ṫóir an oiḋċe sin gan t-sáiṁ.
I gCaiseall-geárr ṡuiḋ mé síos le dúil go ndeunfainn ann mo scíṫ,
Níor ċualaiġ mé na gaḋair ag scréaċ, 's ḃain mé 'maċ Maiġeo,
Lean siad mé go Baile-an-riġ, ṫart Loc Coiriḃ, Measc, 's Coill-ṁór,
As sin go Con-a-mara, ċuaiḋid n-áiṫ naċ ḃ-fuiġid siad mé go deo.
Ḃí na madra costaḋ ṫart air mo lorg aig Coillte-maġ,
An sin ċuaiḋ mé go teaċ áiriġe steaċ, n-áit i ḃfuair mé braon le n-ól,
Ḃí an oiḋċe breáġ a's an ġrian faoi, 's an bealaċ réiḋ air gaċ taoḃ,
Táim anois as a g-cuṁaċt saor — níor ġaḃ siad mé go fóill.
This song I send alludes to the miraculous escape of Mr. Hayes who was illtreated by
his landlord some years ago in Tipperary, which caused him to retaliate, an incident well es¬
tablished. A Cousin of the said Ml. Hayes was for some time a work-mate of mine and gave
me the whole story. I have tried to follow the chase in rhyme. Yours, — P. A. DOUGHER.
