AN GAOḊAL.
243
AN GÁRLAĊ COILEÁNAĊ
(Le Pádruig Ó'Laoġaire)
An ċeud roinn.
Lá dá raiḃ an gárlaċ coileánaċ in a
aonar, ṫáinic taistiollaċ asteaċ ċuige
& tar éis beagán cainte do ċur as a
ċéile ḋóiḃ, d'ḟiafruiġ sé de'n Gárlaċ
cá raiḃ a máṫair.
"Tá sí ag díol mealla & ag ceannaċ
mílseán," ar seision.
"Cá ḃ-fuil d'aṫair?" ar sé.
"Tá sé ag deunaṁ uilc níos mó!" ar
seision.
"Cá ḃ-fuil do ṡeanaṫair?" ar sé.
Tá sé ag fiaḋaċ," ar seision, "agus
an méid naċ marḃann sé beireann leis,
& an méid a ṁarḃann fágann."
"Agus cá ḃ-fuil do ḋeirḃṡiúr?" ar
an taistiollaċ arís.
"Tá sí," ar seision ag freagairt, "a
gol an ġáire a ḃí a n-urraiḋ aici.
D' ḟeuċ an taistiollaċ ar an n-Gár,
laċ Coileánaċ & do ġaḃ iongantas é iar
g-cloistin na ḃ-focal cé nár ḟeud sé iad
a ṫuigsin aċt ḃí a ḟios aige go raiḃ
doiṁneas ionnta.
"Ní ṫig liom," ar sé, "ciall do ḃaint
as do ḃriaṫraiḃ, & an m-beiḋṫeá cóṁ
maiṫ agus iad a ṁíniuġaḋ dom?"
"Ní ró-ḋeacair sin a ḋéanaṁ," ar an
Gárlaċ ag cur smiota gáire as.
"Duḃart go raiḃ mó ṁáṫair ag díol
meala & ag ceannaċ mílseán, mar ċuaiḋ
sí ag ceannaċ salainn ċum mairt a
ḃeaṫuġaḋ. Ṫáinic m'aṫair aḃaile aréir
ar meisge & ḃí mo ṁáṫair leis i d-taoḃ
é ḃeiṫ mar sin aċt níor ró-ṁaiṫ leis í
ḃeiṫ ag cur asteaċ air mar ġeall ar
ḃilaon d' ól & d' imṫiġ sé arís andiu ag
déanaṁ an rud ċéadna ċum uilc níos mó
do ḋéanaṁ Ġaḃ mo ṡean-aṫair amaċ
anois & tá sé le h-ais an ċloiḋe ṡoir
annsann ag piocaḋ na míol as a léine
atá ar a ḋruim le lán ráiṫe, an méid
naċ marḃann sé beireann sé leis & an
méid a ṁarḃann fágann Ġaḃ mo ḋeirḃ¬
ṡiúr ag sileaḋ deor ó duḃ duḃ & ó írr
lae go lá mar tá leanḃ taḃarṫa ar
iomċar aici, — sin é gol an ġáire do ḃí
in urraiḋ aici."
An dara roinn.
Ḃí fear boċt & fuair sé capall lá ó
ṫiġearna talṁan ċum an oiread aoiliġ
do ṫarraċ as do leasóċaḋ a ḃlúire
garraiḋ. Ag taḃairt an ċapaill isteaċ
tríd an m-beárnain dó leis an g-céad
ualaċ do ṫug sé leis, ċuaiḋ aon de na
roṫaiḃ anáirde ar an g-cloiḋe, d' iom¬
puiġ an trucail & do briseaḋ muinéal
an ċapaill. Ċuaiḋ sé i láṫair an tiġ¬
earna talṁan agus d'innis ḋó a sgeul
bróin & briste croiḋe. Laḃair an tiġ¬
earna leis go feargaċ & a duḃairt leis
fear d'ḟáġail agus go ḃ-fáġaḋ sé féin
fear eile ċum an ċapaill do ṁeas.
Ṫáinic an ḃeirt ḟear ar ball & do
ṁeasadar do'n ċapall an méid ba ḋóiġ
leó dob' ḟiú í.
"Ní ḟeudfainn-se ṫú ḋíol láṫaireaċ,"
ar an fear boċt, "díolfad ṫú diaiḋ ar
diaiḋ má ḟáġaim cáirde."
Ní raḃ an tiġearna talṁan sásta
leis sin. Ċonnairc sé fear ag teaċt
orra & duḃairt go ḃ-fágfaḋ sé an
cáirde faoi. Cia ḃeiḋeaḋ ann aċt an
Gárlaċ Coileánaċ.
D' innseaḋ ḋá ṫaoḃ an sgéil ḋó. Ḃí
a ḟios aige naċ n-déanfaḋ cailleaṁain
an ċapaill puínn dioġḃála do 'n ḟear
saidḃir aċt go g-cuirfeaḋ sé an fear
boċt ó ṫiġ as ó ṫalṁan (uin) go bráṫ
muna ḃ-fáġaḋ sé cáirde ḟada
"An m-béiḋ siḃ sásta le mo ḃreiṫ-se?'
ar an Gárlaċ Coilánaċ.
"Béiḋmid," ar an ḃeirt, i m-beul a
ċéile
"'Seaḋ má táṫaoi, ar an Gárlaċ,
"díolaḋ an fear boċt so leaṫ an airgid
lá an luain & an leaṫ eile an luan in a
ḋiaiḋ!"
The Tuam (Co. Galway) Town Commissioners
have invited bids to advertise their business in the
Irish language, using the regular Irish type.
The Mugwump is a most curious amnimal. He
is not like the ordinary species of its kind ; and the
most wonderful thing about him is, the rapidity
with which it can change its nature. Let him be
the greatest crook, blackleg, bum, or — to-day
to night — after joining the order — he is instantly
transformed and — becomes “The Better Element”!
